Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 28 Samhain 2016 11:00

Geobhlocáil: Tagann an Chomhairle ar chomhaontú maidir le bacainní ar r-thráchtáil a bhaint

An 28 Samhain 2016, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le dréachtrialachán chun geobhlocáil a thoirmeasc idir na Ballstáit nuair nach bhfuil údar maith léi sin.

Is éard is geobhlocáil ann cleachtas idirdhealaitheach lena gcuirtear cosc ar chustaiméirí rochtain a fháil ar tháirgí nó ar sheirbhísí nó táirgí nó seirbhísí a cheannach ó shuíomh gréasáin atá bunaithe i mBallstát eile.

Is é is aidhm don dréachtrialachán deireadh a chur le hidirdhealú bunaithe ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit ghnó custaiméirí agus r-thráchtáil a threisiú.

“Bíonn coinne ag roinnt saoránach sa lá atá inniu ann go bhféadfaí siopadóireacht a dhéanamh ar líne ó thír eile de chuid an Aontais Eorpaigh díreach mar a dhéanann muintir na háite amhlaidh. Tiocfaidh feabhas mór ar gheilleagar na r-thráchtála leis na rialacha nua chun deireadh a chur le geobhlocáil nach bhfuil údar maith léi agus beidh rochtain ag saoránaigh ar réimse níos leithne earraí agus seirbhísí. Ní tharlóidh sin ach amháin más féidir sábháilteacht agus iontaobhas a ráthú do cheannaitheoirí agus do dhíoltóirí araon. Lenár gcinneadh inniu, a rinneadh díreach cúpla mí tar éis an togra a chur síos, tá an bealach réitithe againn chun tús a chur go gasta le caibidlíocht leis an bParlaimint agus tá seans ann go gcuirfí an chaibidlíocht i gcrích an bhliain seo chugainn”.

a dúirt Peter Žiga, Uachtarán na Comhairle agus Aire Gheilleagar na Slóvaice

Thángthas ar an gcomhaontú trí thromlach cáilithe. Beidh sé mar chomhsheasamh na Comhairle chun tús a chur le caibidlíocht le Parlaimint na hEorpa faoi ghnáthnós imeachta reachtach an Aontais.

Seo a leanas príomhghnéithe théacs na Comhairle:

Cuspóir agus raon feidhme

Is é príomhchuspóir an togra cosc a chur le hidirdhealú do chustaiméirí agus do chuideachtaí maidir le rochtain a fháil ar phraghsanna, ar dhíolacháin nó ar choinníollacha íocaíochta nuair atá táirgí agus seirbhísí á gceannach acu i dtír eile de chuid an Aontais.

Tá a raon feidhme ar aon dul leis an Treoir um Sheirbhísí, lena gcuirtear gníomhaíochtaí áirithe as an áireamh amhail gníomhaíochtaí airgeadais, closamhairc, iompair, cúraim sláinte agus seirbhísí sóisialta.

Beidh na rialacha nua i gcomhréir le reachtaíocht eile de chuid an Aontais atá i bhfeidhm agus infheidhme maidir le díolacháin trasteorann, amhail rialacha maidir le cóipcheart agus dlí an Aontais maidir le comhar breithiúnach in ábhair shibhialta, go háirithe rialachán na Róimhe I agus rialachán na Bruiséile I.

Rochtain chomhionann ar earraí agus ar sheirbhísí

Faoi na rialacha nua, ní bheidh trádálaithe in ann idirdhealú a dhéanamh idir custaiméirí maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha ginearálta - praghsanna san áireamh - a thairgeann siad ar dhíolacháin earraí agus seirbhísí i dtrí chás. Is é sin nuair a dhéanann an trádálaí an méid seo a leanas:

1. díolann sé nó sí earraí a sheachadtar i mBallstát a dtairgeann an trádálaí seachadadh dó nó a bhailítear ag áit a comhaontaíodh leis an gcustaiméir;

2. soláthraíonn sé nó sí seirbhísí go leictreonach, amhail seirbhísí néalríomhaireachta, seirbhísí stórála sonraí, seirbhísí óstála suímh gréasáin agus seirbhísí ballaí dóiteáin. Níl feidhm aige seo maidir le seirbhísí arb é an phríomhghné a bhaineann leo rochtain a sholáthar ar oibreacha atá faoi chosaint cóipchirt nó ábhar cosanta eile, nó úsáid an mhéid sin, nó oibreacha atá faoi chosaint cóipchirt a dhíol i bhfoirm dholáimhsithe, amhail ríomhleabhair nó ceol ar líne;

3. soláthraíonn sé nó sí seirbhísí a fhaigheann an custaiméir sa tír ina bhfeidhmíonn an trádálaí, amhail cóiríocht óstáin, ócáidí spóirt, carrchíos agus ticéid iontrála d’fhéilte ceoil nó do pháirceanna áineasa.

Murab ionann agus idirdhealú praghais, ní chuirfear toirmeasc ar dhifreáil praghais, mar sin, is féidir le trádálaithe coinníollacha ginearálta éagsúla rochtana a thairiscint, praghsanna san áireamh, agus díriú ar ghrúpaí áirithe custaiméirí i gcríocha sonracha.

Ina theannta sin, ní chuirfear iallach ar thrádálaithe earraí a sheachadadh do chustaiméirí lasmuigh den Bhallstát a dtairgeann siad seachadadh dó.

Idirbhearta íocaíochta

Cuirfear toirmeasc sa rialachán seo aridirdhealú gan údar maith a dhéanamh ar chustaiméirí i ndáil leis an modh íocaíochta. Ní bheidh cead ag trádálaithe coinníollacha éagsúla íocaíochta a chur i bhfeidhm do chustaiméirí ar chúiseanna a bhaineann le náisiúntacht, le háit chónaithe nó le háit ghnó.

Neamh-idirdhealú maidir le rochtain ar shuíomh gréasáin le haghaidh r-thráchtála

Ní bheidh cead ag trádálaithe rochtain custaiméirí ar a gcomhéadan ar líne a chosc nó a theorannú ar chúiseanna a bhaineann le náisiúntacht nó le háit chónaithe.

Beidh míniú soiléir ag teastáil má chuireann trádálaí bac ar rochtain nó teorann léi nó má atreoraíonn sé custaiméirí chuig leagan éagsúil den chomhéadan ar líne.

Díolacháin éighníomhacha

Faoin gcur chuige ginearálta, beidh díolúintí áirithe a cheadaítear faoi dhlí iomaíochta an Aontais bailí. Mar shampla, tá trádálaithe faoi cheangal comhaontú lena soláthraí lena gceanglaítear orthu a ndíolacháin éighníomhacha a theorannú (i.e. díolacháin nach n-iarrann an trádálaí gnó an chustaiméara go gníomhach). Sna cásanna sin, ní bheadh feidhm ag an rialachán nua.

Na chéad chéimeanna eile

Cuirfear tús le caibidlíocht idir an Chomhairle, Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún a luaithe a thiocfaidh an Pharlaimint ar chomhaontú maidir lena seasamh.

Cúlra

Chuir an Coimisiún an togra bunaidh faoi bhráid na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa an 25 Bealtaine 2016. Tá sé bunaithe ar Airteagal 114 de Chonradh an Aontais.

Tíolacadh é mar aon le tograí reachtacha forlíontacha maidir le seirbhísí beartseachadta teorann agus athbhreithniú ar Rialachán maidir le Comhar i gCosaint na dTomhaltóirí, agus é mar chuspóir leis bogadh ar aghaidh i dtreo lánpháirtiú fíormhargaidh aonair.

Ina cuid conclúidí ar an 25 agus ar an 26 Meitheamh 2015, leag an Chomhairle Eorpach béim ar an tábhacht a bhaineann leis an straitéis maidir le margadh aonair digiteach don Eoraip agus d’iarr sí go ndéanfaí beart chun príomhchodanna den straitéis a chur chun feidhme, lena n-áirítear bacainní atá fós ann ar shaorchúrsaíocht earraí agus seirbhísí a dhíoltar ar líne a bhaint agus dul i ngleic le hidirdhealú gan údar maith ar fhorais suímh gheografaigh.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024