"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An margadh inmheánach agus an tionsclaíocht, 28 Samhain
An Treoir maidir le caingne ionadaíocha
Chomhaontaigh an Chomhairle cur chuige ginearálta maidir leis an dréacht-treoir sin. Leis an gcomhaontú sin, beidh an Chomhairle in ann tús a chur leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa d’fhonn an treoir a ghlacadh go pras sa dara léamh.
Ní fhíorófar acmhainneacht iomlán an mhargaidh aonair go dtí go mbeidh rochtain ag tomhaltóirí an Aontais ar uirlisí éifeachtúla inacmhainne chun a gcearta a fhorfheidhmiú i ngach Ballstát. Leis an téacs a comhaontaíodh, cuirfear na huirlisí sin ar fáil do thomhaltóirí agus déanfar trádálaithe a chosaint in aghaidh dlíthíocht mhí-úsáideach.
Timo Harakka, Aire Fostaíochta na Fionlainne
An Treoir lena leasaítear Treoir 2013/34/AE a mhéid a bhaineann le faisnéis faoi cháin ioncaim a nochtadh
Scrúdaigh an Chomhairle an togra comhréitigh is déanaí ón Uachtaránacht maidir leis an treoir sin. Ós rud é nár leordhóthanach an tacaíocht a tugadh don togra ón Uachtaránacht, d'fhógair an Uachtaránacht go leanfadh sí den obair ar an gcomhad sin agus go ndéanfadh sí a machnamh ar an mbealach is fearr chun tosaigh.
Ar bhonn nóta ón Uachtaránacht, bhí malartú tuairimí ag an gComhairle ar an dóigh lena áirithiú gur féidir le gnólachtaí an Aontais dul in iomaíocht go héifeachtúil agus ar bhonn cothrom lena gcuid iomaitheoirí sa mhargadh domhanda. Díríodh go príomha ar an aistriú go geilleagar aeráidneodrach, ar an digiteáil, ar nuatheicneolaíochtaí agus ar chleachtais a dhéanann tríú tíortha lena saobhtar an iomaíocht.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Faoi aon ghnó eile, chuir an Uachtaránacht, an Coimisiún agus toscaireachtaí na hOstaire agus na Danmhairge an Chomhairle ar an eolas faoi staid na himeartha maidir le roinnt tionscadal a thagann faoi chúram na Comhairle Iomaíochais. Thug an Chomhairle dá haire freisin cur i láthair ó thoscaireacht na Cróite ar chlár oibre Uachtaránacht inteachta na Cróite i réimsí an mhargaidh inmheánaigh agus na tionsclaíochta.
Taighde agus Spás, 29 Samhain
Conclúidí maidir le Réitigh spáis d'Artach inbhuanaithe
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le conas is féidir Artach inbhuanaithe a áirithiú. Sna conclúidí uaithi, cuireann an Chomhairle i bhfios go láidir gur féidir leis an spás feidhmiú mar fhíorchumasóir i réigiún an Artaigh, go háirithe chun an t-athrú aeráide a chomhrac agus chun fás a bheidh inbhuanaithe go heacnamaíoch, go sóisialta agus ó thaobh an chomhshaoil de a áirithiú sa limistéar sin.
Ar bhonn nóta ón Uachtaránacht arb é is aidhm dó an díospóireacht a stiúradh, bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis na gníomhaíochtaí a bhfuil gá leo chun feabhas a chur ar ghiaráil dhearfach bheartas spáis an Aontais maidir le hearnálacha nach earnálacha spáis iad, amhail claochlú digiteach agus gníomhú ar son na haeráide, chomh maith le beartas spáis inbhuanaithe a chothú san Aontas agus ar fud an domhain.
Bhí comhaontú ginearálta ann maidir lena thábhachtaí atá seirbhísí a bhaineann leis an spás do chlaochlú digiteach gheilleagar an Aontais agus don chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide. D'aontaigh na hairí freisin gur gá don Aontas comhaontú a chur chun cinn i bhfóraim idirnáisiúnta chun bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí spáis.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Clár Euratom lena ndéantar Fís Eorpach a chomhlánú
Scrúdaigh an Chomhairle an togra comhréitigh is déanaí ón Uachtaránacht maidir leis an rialachán sin. Tugadh faoi deara nach raibh líon beag toscaireachtaí in ann tacú leis an togra sin. D’fhógair an Uachtaránacht go dtíolacfaidh sí tuarascáil ar dhul chun cinn maidir leis an obair a rinneadh go dtí seo ag cruinniú de chuid na Comhairle a bheidh ann amach anseo.
Idir an dá linn, chuir an Uachtaránacht in iúl go bhfuil sé ar intinn aici tuarascáil ar dhul chun cinn a eisiúint maidir leis an gcomhad sin.
An pacáiste Fís Eorpach: Rialachán maidir le Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht 2021-2027 a) Aithrisí b) Iarscríbhinn IV (sineirgí)
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le cur chuige ginearálta páirteach i ndáil le hIarscríbhinn IV den Rialachán maidir le Fís Eorpach, lena bpléitear na sineirgí idir Fís Eorpach agus cláir eile de chuid an Aontais, agus maidir leis na haithrisí sin nár thángthas ar chomhaontú ina leith go fóill. Leis an gcomhaontú sin, beidh an Chomhairle in ann tús a chur leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa d’fhonn an rialachán a ghlacadh go pras a luaithe a thiocfar ar chomhaontú maidir leis an gcéad chreat airgeadais eile.
Conclúidí maidir le straitéis bhithgheilleagair nuashonraithe an Aontais Eorpaigh
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an straitéis bhithgheilleagair nuashonraithe don Eoraip. Sna conclúidí uaithi, cuireann an Chomhairle in iúl a tacaíocht don straitéis bhithgheilleagair nuashonraithe a leagtar amach sa teachtaireacht ón gCoimisiún. Iarrann sí ar na Ballstáit an straitéis seo a chur chun feidhme gan mhoill, agus iarrann sí ar an gCoimisiún a cur chun feidhme a éascú agus a chur chun cinn.
An Rialachán maidir leis an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT)
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú ginearálta páirteach i ndáil leis an rialachán atá beartaithe maidir leis an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT). Leis an gcomhaontú sin, beidh an Chomhairle in ann tús a chur leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh d’fhonn an rialachán a ghlacadh go pras a luaithe a thiocfar ar chomhaontú maidir leis an gcéad chreat airgeadais eile.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Cinneadh maidir le Clár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht
Ar bhonn nóta ón Uachtaránacht, bhreathnaigh an Chomhairle ar an dul chun cinn a rinneadh go dtí seo sa phlé i gcomhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle maidir leis an dréachtchinneadh.
Chuir toscaireacht na Cróite an Chomhairle ar an eolas maidir le clár oibre Uachtaránacht inteachta na Cróite i réimse an spáis, an taighde agus na nuálaíochta.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.