Skip to content
  • An Chomhairle Iomaíochais

An Chomhairle Iomaíochais, 26-27/09/2019, 26-27 Meán Fómhair 2019

Na príomhthorthaí

An margadh inmheánach agus an tionsclaíocht, 26 Meán Fómhair

Ár mbonn eacnamaíoch a fhorbairt:

  • fís do straitéis fhadtéarmach maidir le fás inbhuanaithe
  • seiceáil ar an iomaíochas

Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle faoi na príomhbheartais ba cheart a bheith mar bhonn le straitéis fhadtéarmach de chuid an Aontais maidir leis an bhfás inbhuanaithe. Tá an straitéis ina cuid de chur chun feidhme Chlár Oibre nua Straitéiseach an Aontais do 2019-2024, clár a ghlac an Chomhairle Eorpach i mí an Mheithimh 2019.

Tá céim bainte amach againn inniu chun bailchríoch a chur ar ár straitéis fhadtéarmach arb é is aidhm di Aontas atá níos iomaíche, níos inbhuanaithe agus níos cuimsithí a chruthú. Tuigimid go maith na dúshláin atá amach romhainn, ach tá muinín iomlán againn i gcónaí go mbeimid in ann freastal ar ionchais shaoránaigh na hEorpa maidir le fás níos cothroime agus níos inbhuanaithe. Timo Harakka, Aire Fostaíochta na Fionlainne

Thacaigh na toscaireachtaí i gcoitinne leis an ngá atá ann le cur chuige comhtháite maidir leis an bhfás inbhuanaithe agus léirigh siad a gcuid tosaíochtaí i measc na gcuspóirí beartais éagsúla a leagtar amach sa tuarascáil ón Uachtaránacht chuig an gComhairle.

Tabharfaidh an Uachtaránacht tuairisc ar an toradh a bhí ar an bplé sin ag Comhairle Eorpach mhí an Deireadh Fómhair 2019.

Sa chomhthéacs céanna, agus ar bhonn cur i láthair ón gCoimisiún agus ó chathaoirleach an ghrúpa ardleibhéil maidir le hiomaíochas agus fás, bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis an ngné sheachtrach d'iomaíochas an Aontais mar chuid den tseiceáil rialta ar an iomaíochas.

Míreanna eile ar an gclár oibre

Cuireadh an Chomhairle ar an eolas freisin maidir leis an méid seo a leanas:

  • thug an Uachtaránacht eolas faoin dul chun cinn atá déanta go dtí seo i ndáil leis an rialachán maidir le fíorastaíochtaí, mar a thugtar orthu (RDE). Leagtar amach sa rialachán seo na tosca comhréireachta atá le cur i bhfeidhm agus fíorastaíochtaí ó fheithiclí saothair éadroim á dtomhas. Tugann sé de chumhacht don Choimisiún freisin athbhreithniú bliantúil a dhéanamh ar na tosca comhréireachta d’fhonn an dul chun cinn teicniúil maidir le cruinneas an trealaimh tomhaiste iniompartha a léiriú;
  • ag toscaireacht na Gearmáine maidir le hiarraidh Líonra Toscaire na bhFiontar Beag agus Meánmhéide i dtaca le beartas de chuid an Aontais atá bríomhar agus réamhbhreathnaitheach do ghnólachtaí beaga;
  • ag toscaireacht na Seice maidir leis an toradh a bhí ar chomhdháil a bhí tiomnaithe d’áiseanna stáit agus do shainmhíniú ar FBManna, ar comhdháil í a bhí ar siúl in Brno ar an 29-31 Bealtaine 2019; agus
  • ag an gCoimisiún maidir leis an dul chun cinn is déanaí i réimse an tionscadail comhghuaillíochta ceallraí Eorpaigh a seoladh i nDeireadh Fómhair 2017. Tá sé mar aidhm ag an gcomhghuaillíocht tacú le forbairt slabhra breisluacha ceallraí iomaíoch, inbhuanaithe agus nuálaíoch san Aontas.

I gcaitheamh an lóin, bhí malartú neamhfhoirmiúil tuairimí ag na hairí maidir leis an mbealach chun fás inbhuanaithe a mhaoiniú san Aontas.

Príomhphointí Chomhairle Iomaíochais an 26 Meán Fómhair 2019

Taighde agus nuálaíocht, 27 Meán Fómhair

Ár mbonn eacnamaíoch a fhorbairt: fís do straitéis fhadtéarmach maidir le fás inbhuanaithe

Lean an Chomhairle den mhalartú tuairimí maidir leis na príomhbheartais ba cheart a bheith mar bhonn le straitéis fhadtéarmach de chuid an Aontais don fhás inbhuanaithe. Tá an straitéis ina cuid de chur chun feidhme Chlár Oibre nua Straitéiseach an Aontais do 2019-2024, clár a ghlac an Chomhairle Eorpach i mí an Mheithimh 2019.

Is gnéithe ríthábhachtacha iad glacadh feabhsaithe na réiteach nuálaíoch atá á dtairiscint ag ár dtaighdeoirí, mar aon leis na sineirgí a fheidhmíonn go maith idir an clár 'Fís Eorpach' agus cláir eile de chuid an Aontais, chun go mbeidh geilleagar an Aontais iomaíoch agus inbhuanaithe. Thángamar go léir ar chomhaontú maidir leis an ngá atá le hobair a dhéanamh leis an sprioc seo a bhaint amach. Katri Kulmuni, Aire Gnóthaí Eacnamaíocha na Fionlainne

Thacaigh na hairí taighde den chuid is mó leis an gcur chuige comhtháite maidir le samhail don fhás inbhuanaithe a bheadh á stiúradh ag an nuálaíocht, agus leis na cuspóirí beartais gaolmhara a leagtar amach i dtuarascáil na hUachtaránachta chuig an gComhairle. Chuir roinnt toscaireachtaí in iúl go raibh súil acu go léireofaí na gnéithe sin i gclár oibre an Choimisiúin.

Díríodh sa phlé go príomha ar na cineálacha gníomhaíochtaí is gá chun infheistíocht níos mó a mhealladh i dtaighde agus i nuálaíocht ar fud an Aontais, agus maidir le conas is féidir a áirithiú go mbainfear leas níos fearr as torthaí taighde agus go gcuirfear feabhas ar an úsáid a bhainfidh gnólachtaí an Aontais as an nuálaíocht shuaiteach.

Tabharfaidh an Uachtaránacht tuairisc ar an toradh a bhí ar an bplé sin chuig Comhairle Eorpach mhí an Deireadh Fómhair 2019.

Fís Eorpach - sineirgí le cláir eile

Mhalartaigh na hairí tuairimí ar na sineirgí féideartha idir Fís Eorpach agus cláir eile an Aontais.

Go sonrach, phléigh na hairí taighde céard é an bealach is fearr chun cláir eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear cistí struchtúrtha agus cistí náisiúnta, cistí príobháideacha agus foinsí eile amhail an Banc Eorpach Infheistíochta, a chur i ngníomh chun an tacaíocht do thionscnaimh taighde agus nuálaíochta a chuirfear ar fáil trí 'Fís Eorpach' a chomhlánú. Mhalartaigh siad tuairimí chomh maith maidir le conas is féidir leis na Ballstáit leas a bhaint as sineirgí féideartha idir na cláir thaighde náisiúnta nó réigiúnacha agus Fís Eorpach.

Bhí comhaontú ginearálta ann i measc na rannpháirithe go bhfuil sineirgí idir cláir éagsúla an Aontais ríthábhachtach chun an tionchar dearfach atá acu ar an ngeilleagar a uasmhéadú. Chun go mbeifear in ann sineirgí a dhéanamh go praiticiúil, áfach, ní hamháin gur cheart iad a cheapadh go hiomchuí sna gníomhartha reachtacha, ach ba cheart iad a chur chun feidhme ar bhealach iomchuí agus tar éis dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí uile chomh maith.

I gcaitheamh an lóin, phléigh na hairí ról an taighde agus na nuálaíochta i spriocanna aeráide a bhaint amach.

Príomhphointí Chomhairle Iomaíochais an 27 Meán Fómhair 2019

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iomaíochais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025