Skip to content
  • An Chomhairle Iomaíochais

An Chomhairle Iomaíochais (an margadh inmheánach agus an tionsclaíocht), 29 Meán Fómhair 2021

Na príomhthorthaí

Tháinig airí margaidh inmheánaigh agus tionsclaíochta an Aontais le chéile sa Bhruiséil chun an straitéis tionsclaíochta nua nuashonraithe agus an clár maidir le rialáil níos fearr a phlé.

An pacáiste oiriúnaithe don sprioc 55% ó thaobh na tionsclaíochta de

Rinne an Chomhairle plé ar an tionchar a bheidh ag an bpacáiste nua aeráide agus fuinnimh ar an ngeilleagar agus ar an tionsclaíocht.

Chomhaontaigh na hairí i gcoitinne gurb é ceann de na réamhchoinníollacha chun go mbeidh rath ar oiriúnú don sprioc 55% fuinneamh dícharbónaithe inacmhainne a bheith ar fáil. Chuir na hairí chun suntais a thábhachtaí atá an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (CBAM) a bheartaítear lenar cheart an baol go sceithfí carbón a chosc. Tharraing roinnt toscaireachtaí anuas na dúshláin a bhaineann leis an bpacáiste do thionscal na ngluaisteán agus d’aontaigh siad nár cheart go méadófaí an t-ualach ar FBManna leis an aistriú glas.

Zdravko Počivalšek, Aire Forbartha Eacnamaíche agus Teicneolaíochta na Slóivéine
‘Is cúis áthais dom go raibh na Ballstáit ar aon fhocal gur cheart tuairimí na Comhairle Iomaíochais a chur san áireamh sa chaibidlíocht maidir leis an bpacáiste ‘Pacáiste Oiriúnaithe don Sprioc 55’. Maidir leis an aistriú glas agus an díospóireacht i gcomhthéacs an phacáiste agus an tionchair a bheidh aige ar gheilleagar an Aontais agus ar thionscal an Aontais, ba cheart di dlúthfhaireachán a dhéanamh orthu agus aghaidh a thabhairt orthu go rialta. Tá sé sin tábhachtach chun a chinntiú go mbeidh na bearta a chomhaontófar comhréireach agus nach ndéanfar dochar leo d’iomaíochas agus d’fhás an Aontais.
Zdravko Počivalšek, Aire Forbartha Eacnamaíche agus Teicneolaíochta na Slóivéine
Zdravko Počivalšek, Aire Forbartha Eacnamaíche agus Teicneolaíochta na Slóivéine

Phléigh na hairí na dúshláin agus na deiseanna is mó do ghnólachtaí, a eascraíonn as an bpacáiste aeráide oiriúnaithe don sprioc 55% agus as an aistriú i dtreo na haeráidneodrachta. D’fhéach na hairí freisin ar na bealaí a d’fhéadfadh a bheith ann chun a chinntiú go mbeidh aistriú gheilleagar an Aontais cothrom, iomaíoch agus glas suas go dtí 2030 agus ina dhiaidh sin.

Rialáil níos fearr

Bhí díospóireacht bheartais phoiblí ag na hairí maidir le ceapadh beartas a sheasfaidh an aimsir chun iomaíochas an Aontais a fheabhsú agus chun an margadh aonair a chothú a thuilleadh, rud atá mar chuid den chlár oibre maidir le rialáil níos fearr.

Boštjan Koritnik, Aire Riaracháin Phoiblí na Slóivéine
Tá tosaíocht pholaitiúil de chuid an Aontais le roinnt blianta anuas í rialáil níos fearr agus is tosaíocht í d’uachtaránacht na Slóivéine agus is díol sásaimh dom, dá bhrí sin, go raibh an t-ábhar seo ar chlár oibre an lae inniu. Teastaíonn creat rialála uainn atá bunaithe ar fhianaise, atá fabhrach don nuálaíocht agus a sheasfaidh an aimsir chun iomaíochas agus fás a chothú. Cuirfidh an méid sin le téarnamh na hEorpa ar deireadh.
Boštjan Koritnik, Aire Riaracháin Phoiblí na Slóivéine
Boštjan Koritnik, Aire Riaracháin Phoiblí na Slóivéine

Le linn na díospóireachta, chuir na hairí chun suntais a thábhachtaí atá sé go mbeidh creat reachtach ann a bheidh soiléir, comhleanúnach agus a sheasfaidh an aimsir, ar creat é a mheasann siad a bheith ríthábhachtach in aimsir seo na paindéime agus an téarnaimh eacnamaíoch. Chuir na hairí in iúl go bhfuil gá le reachtaíocht ar ardchaighdeán, agus phléigh siad an cur chuige ‘ceann amháin isteach, ceann amháin amach’, cur chuige a mhol an Coimisiún.

Aon ghnó eile

SMET

Thug an Coimisiún tuairisc ar ghníomhaíochtaí Thascfhórsa um Fhorfheidhmiú an Mhargaidh Aonair (SMET). Tá SMET ar cheann de phríomhghnéithe an phlean gníomhaíochta chun rialacha an mhargaidh aonair, a glacadh i mí an Mhárta 2020, a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr mar chuid den Straitéis Eorpach maidir le tionsclaíocht.

Soláthar nuálaíochta san Aontas

Chuir toscaireacht na Gréige na hairí ar an eolas faoin dearbhú comhpháirteach aireachta maidir le soláthar nuálaíochta san Aontas. Tacaíonn toscaireachtaí na hIodáile, na Cipire agus Lucsamburg leis an dearbhú.

Paitinn Aonadach agus Cúirt Aontaithe na bPaitinní

Chuir Uachtaránacht na Slóivéine an Chomhairle ar an eolas faoi staid na himeartha a mhéid a bhaineann leis an gComhaontú maidir le Cúirt Aontaithe Paitinní (CCAP) agus an prótacal maidir le cur i bhfeidhm sealadach CCAP a bheith á ndaingniú go náisiúnta.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iomaíochais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025