"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Chomhairle Iomaíochais (Taighde agus spás), 26 Samhain 2021
Na príomhthorthaí
Taighde
Rialachas LET amach anseo & an comhshocrú maidir le taighde agus nuálaíocht
D'fhormheas na hairí conclúidí maidir le rialachas cuíchóirithe an Limistéir Eorpaigh Taighde (LET), lena n-áirítear clár oibre beartais LET don tréimhse 2022-2024, agus ghlac siad comhshocrú maidir le taighde agus nuálaíocht (R&I) san Eoraip, ina leagtar amach meicníocht chomhordaithe neartaithe.
Is cúis áthais dom a fhógairt go bhfuil ‘mórphictiúr’ den Limistéar Eorpach Taighde curtha i gcrích againn. I ngeall ar an múnla rialachais il-leibhéil seo, tig linn LET nua a bhaint amach. I ngeall ar na conclúidí ón gComhairle agus ar an gcomhshocrú, tá againn gníomhaíochtaí nithiúla a chuideoidh linn freagairt ar dhúshláin na sochaí ar bhealach níos éifeachtúla.
Simona Kustec, Aire Oideachais, Eolaíochta agus Spóirt na Slóivéine
Faoin gcomhshocrú nua maidir le taighde agus nuálaíocht, geallann na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh: i) sraith de phrionsabail agus luachanna coiteanna AE don taighde agus don nuálaíocht; ii) réimsí tosaíochta comhroinnte le haghaidh gníomhaíochta; iii) infheistíochtaí agus athchóirithe, agus iv) próiseas simplithe le haghaidh comhordú agus faireachán beartais.
Cuirfidh na Ballstáit na gníomhaíochtaí sonracha LET atá i gclár oibre beartais LET don tréimhse 2022-2024 chun feidhme – ar bhonn deonach – in éineacht leis an gCoimisiún Eorpach agus i gcomhar le tíortha a bhfuil baint acu leis an gclár ‘Fís Eorpach’, le heagraíochtaí taighde, acadúla agus gnó, mar aon le tíortha comhpháirtíochta eile i gcás inarb infheidhme.
Taighde agus nuálaíocht ar mhaithe le cuspóirí trasearnálacha a bhaint amach
Bhí díospóireacht bheartais ag airí an Aontais maidir le taighde agus nuálaíocht ar mhaithe le cuspóirí trasearnálacha a bhaint amach. Ag an díospóireacht sin, dhírigh na hairí ar an gcaoi a n-eagraítear an comhordú trasearnála do thionscnaimh Eorpacha faoin bpacáiste ʻOiriúnach do 55ʼ, Bauhaus Nua Eorpach agus HERA sna Ballstáit éagsúla. Luaigh formhór na mBallstát go bhfuil ag éirí go maith leo an taighde agus nuálaíocht a áireamh sna tionscnaimh sin, agus rinne siad cur síos ar na bearta nithiúla atá glactha acu go dtí seo.
Luaigh cuid mhaith de na hairí an tábhacht a bhaineann le struchtúr maith rialachais agus chuir siad chun suntais gur cheart an maoiniú a úsáid chun leas na taighde agus na nuálaíochta. Luaigh cuid mhaith de na hairí go measann siad go bhfuil an comhar le geallsealbhóirí, amhail eolaithe agus an earnáil phríobháideach, fíorthábhachtach.
Chuir Uachtaránacht na Slóivéine na hairí ar an eolas faoi staid na caibidlíochta maidir leis an rialachán lena mbunaítear na comhghnóthais faoi Fhís Eorpach, a glacadh an 19 Samhain 2021, agus maidir leis an gcomhpháirtíocht Eorpach maidir leis an méadreolaíocht, a glacadh an 18 Samhain 2021.
Leis an rialachán lena mbunaítear na comhghnóthais faoin gclár Fís Eorpach, comhlánaítear creat reatha an chláir Fís Eorpach trí comhpháirtithe poiblí agus príobháideacha a bheith rannpháirteach i gcomhpháirtíochtaí Eorpacha. Tabharfaidh siad aghaidh ar dhúshláin dhomhanda agus ar thosaíochtaí a bhfuil mais chriticiúil agus fís fhadtéarmach de dhíth ina leith. Tiocfaidh an rialachán i bhfeidhm an 30 Samhain 2021.
Tá an cinneadh maidir le rannpháirtíocht an Aontais sa chomhpháirtíocht Eorpach maidir leis an méadreolaíocht, ar cheann de na réimsí tosaíochta sa phacáiste tograí le haghaidh comhpháirtíochtaí Eorpacha institiúidithe laistigh de Fís Eorpach. Staidéar ar thomhas is ea an mhéadreolaíocht, agus leis an gcinneadh sin, cinnteofar go mbeidh caighdeáin tomhais sna Ballstáit ar fad ar aon bhuille. Tiocfaidh an cinneadh i bhfeidhm an 30 Samhain 2021.
Leis an dá ghníomh sin, mar aon leis an rialachán maidir leis an gComhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach (Comhghnóthas EuroHPC) a bhunú, a glacadh an 13 Iúil 2021, comhlánaítear an pacáiste de thrí ghníomh dlí lena mbunaítear comhpháirtíochtaí Eorpacha institiúidithe.
Príomhimeachtaí agus príomhghníomhaíochtaí le linn Uachtaránacht na Slóivéine
Thug an Uachtaránacht na hairí cothrom le dáta faoi dhearbhú Liúibleána maidir le hinscne sa taighde agus sa nuálaíocht. Sa dearbhú, a thíolaic Uachtaránacht na Slóivéine an 8-9 Iúil 2021, cuirtear i dtreis a thábhachtaí atá an comhionannas inscne agus as an gcomhionannas inscne a phríomhshruthú sa taighde agus sa nuálaíochta.
Ba dhíol sásaimh don Uachtaránacht a fhógairt gur thacaigh 35 pháirtí leis an dearbhú, na Ballstáit, an Coimisiún Eorpach, tíortha comhlachaithe, tíortha aontachais agus tríú tíortha san áireamh.
Cuireadh na hairí ar an eolas freisin faoi Chomhdháil Ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie maidir le ‘Cúrsaíocht daoine oilte agus gairmeacha na dtaighdeoirí’, a tionóladh an 15-16 Samhain. Thug Uachtaránacht na Slóivéine na hairí cothrom le dáta maidir le Comhdháil LET dar teideal ‘I dtreo sochaí freagrach eolasbhunaithe sa 3ú Mílaois’, a tionóladh an 26-27 Deireadh Fómhair in Brdo na Slóivéine agus maidir le ‘tionscnamh Plastic Pirates’, feachtas arb é is aidhm dó feasacht a mhúscailt maidir leis an ngá atá le todhchaí níos glaine agus níos glaise. D'fhógair sí freisin imeacht a bhaineann leis an bhFóram Straitéiseach Eorpach um Bonneagair Thaighde, a bheidh ar siúl an 7 Nollaig.
Chuir an Coimisiún Eorpach faisnéis ar fáil maidir leis an bhFóram Straitéiseach Eorpach um Bonneagar Taighde, agus chuir toscaireacht na Fraince a clár oibre d'uachtaránacht inteachta na Fraince i láthair.
D'fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir leis ‘an spás do chách', ina gcuirtear i bhfios go láidir an tábhacht a bhaineann le rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí ó na Ballstáit uile in earnáil an spáis agus leis na naisc idir earnáil an spáis agus an earnáil neamhspáis a neartú.
Chuir Uachtaránacht na Slóivéine chun suntais an ról tábhachtach is féidir leis an spás a ghlacadh agus sinn ag freagairt ar dhúshláin dhomhanda. Chuir siad i dtábhacht go bhféadfaidh sé cur leis an athléimneacht shóisialta agus leis an acmhainneacht teacht slán as géarchéimeanna. Creideann an Uachtaránacht gur ráiteas láidir iad na conclúidí lena gcuirtear i dtábhacht rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara agus an comhar idir na Ballstáit chun an geilleagar Eorpach a choinneáil iomaíoch.
An fhorbairt inbhuanaithe fhadtéarmach agus maoiniú ‘An Spás Nua’
Roinn na hairí a gcuid smaointe maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe fhadtéarmach agus maoiniú ‘An Spás Nua’.
Ba dhíol sásaimh ag cuid mhaith de na hairí cur chuige Eorpach maidir le bainistiú an spástráchta. Ba dhíol sásaimh i gcoitinne do na Ballstáit tionscnamh CASSINI; ciste Eorpach – ar fiú €1 bhilliún é – a chuirfeadh borradh faoi ghnólachtaí nuathionscanta agus faoin nuálaíocht sa spás. Chuir an chuid is mó de na Ballstáit i bhfios go láidir gur gá tacú le FBManna agus le gnólachtaí nuathionscanta in earnáil an spáis, agus a thábhachtaí atá inbhuanaitheacht na ngníomhaíochtaí cianspáis.
Thíolaic Uachtaránacht na Slóivéine a tuarascáil maidir le bainistiú an spástráchta, ina gcuirtear i dtábhacht úsáid inbhuanaithe a bhaint as an gcianspás agus timpeallacht shlán shábháilte do shócmhainní agus do dhaoine araon.
Tá an tuarascáil ón Uachtaránacht maidir le bainistiú an spástráchta ríthábhachtach d'Uachtaránacht na Slóivéine, go háirithe i bhfianaise na n-imeachtaí a tharla le déanaí le tástáil mhillteach shatailíte, imeachtaí lena gcuirtear chun suntais fadhb an smionagair spáis.
Réitíonn an tuarascáil an bealach chun go bhféadfaí seasamh Aontais a ghlacadh faoi Uachtaránacht na Fraince.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Ar chlár oibre na n-airí don spás freisin, bhí an mhír ‘córas cumarsáide slán domhanda spásbhunaithe an Aontais a thógáil’, faoinar chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas maidir le comhdháil ‘Nascacht shlán’ an Aontais a bhí ar siúl an 10 Samhain 2021. D'fhéadfadh an tionscnamh maidir le nascacht shlán a bheith ar an tríú tionscadal suaitheanta i ndiaidh Galileo agus Copernicus. Is é is cuspóir dó rochtain leathanbhanda a chur ar fáil do chách, agus cumarsáid athléimneach a áirithiú d'úsáideoirí rialtais agus d’earnálacha sonracha amhail na hearnálacha airgeadais, fuinnimh agus iompair.
Agus é nasctha le pointe an chláir oibre maidir leis an nascacht shlán, chuir an Coimisiún Eorpach faisnéis ar fáil maidir lena thogra amach anseo dar teideal ‘Córas cumarsáide slán domhanda spásbhunaithe an Aontais a thógáil’, atá beartaithe don dara ráithe de 2022.
Thíolaic toscaireacht na Fraince a clár oibre d'Uachtaránacht inteachta na Fraince.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.