"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Chomhairle Iomaíochais (An margadh inmheánach agus an tionsclaíocht), 25 Samhain 2021
Na príomhthorthaí
An Ionstraim um Margaí Digiteacha
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú d'aon toil maidir le cur chuige ginearálta i ndáil leis an togra le haghaidh Ionstraim um Margaí Digiteacha(DMA), arb aidhm di cothrom na Féinne digiteach a chruthú, lena mbaineann cearta agus oibleagáidí soiléire d'ardáin mhóra ar líne.
Le comhaontú na Comhairle maidir leis an Ionstraim um Margaí Digiteacha agus an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha araon, tá ceann de phríomhthosaíochtaí na hUachtaránachta bainte amach againn. Creidimid go bhfuil sinne, an tAontas Eorpach, ar thús cadhnaíochta i dtaca le rialáil an mhargaidh dhigitigh, as a dtiocfaidh spás digiteach níos iomaíche agus timpeallacht ghnó níos cothroime.
Zdravko Počivalšek, Aire Forbartha Eacnamaíche agus Teicneolaíochta na Slóivéine
Chuir na hairí béim ar an tábhacht a bhaineann leis an Ionstraim um Margaí Digiteacha, agus thagair siad don ghá le hardáin mhóra ar líne a rialáil agus don ghá le togra lena gcinnteofar deimhneacht dhlíthiúil agus a bheidh slán i bhfad na haimsire.
Chuir roinnt Ballstát in iúl go láidir nach mian leo go gcaolófaí an togra seo le linn na caibidlíochta le Parlaimint na hEorpa, agus thacaigh formhór na n-airí leis an gCoimisiún Eorpach mar fhorfheidhmitheoir aonair an rialacháin. Luaigh go leor toscaireachtaí a thábhachtaí atá sé cead a thabhairt do FBManna a gcuid nuálaíochtaí a chur ar an margadh agus cothrom na Féinne a bheith ann le haghaidh gach gnólacht.
Chomhaontaigh na hairí i gcoitinne go gcuirtear i láthair sa togra comhréiteach cóir cothrom lena mbunaítear sainordú láidir don chaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa, a gcuirfear tús léi in 2022.
An Gníomh um Margaí Digiteacha (Grafaic faisnéise)
An Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le cur chuige ginearálta i ndáil leis an togra le haghaidh Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha(DSA). Is é príomhaidhm na Ionstraime um Sheirbhísí Digiteacha úsáideoirí a choinneáil sábháilte ó earraí, ábhar nó seirbhísí neamhdhleathacha, agus a gcearta bunúsacha a chosaint ar líne. Ina theannta sin, déanann an togra cuid den treoir maidir le tráchtáil leictreonach ó 2000 a nuachóiriú.
Athrófar réimse digiteach an Aontais go mór leis an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha, agus cruthófar spás ar líne a bheidh níos sábháilte agus níos cothroime do shaoránaigh an Aontais. In éineacht leis an Ionstraim um Margaí Digiteacha, tá an togra seo mar chuid lárnach de straitéis dhigiteach na hEorpa, agus táimid deimhin de go n-athbhunóidh sé muinín na saoránach agus go méadóidh sé cosaint na dtomhaltóirí.
Mark Boris Andrijanič, Aire na Slóivéine don Athrú Digiteach
Le linn an tseisiúin phoiblí, chuir na hairí in iúl go dtacaíonn siad leis an togra agus leag siad béim ar a thábhachtaí go mbeadh spás digiteach níos sábháilte ann, bunaithe ar an bprionsabal go mba cheart an méid atá neamhdhleathach as líne a bheith neamhdhleathach ar líne chomh maith.
Agus béim á leagan acu ar thábhacht na nuálaíochta agus an gá le gníomhú go pras ach cáilíocht á cosaint, chomhaontaigh na hairí i gcoitinne gur comhréiteach cothrom atá sa téacs.
Ba dhíol sásaimh d'fhormhór na mBallstát an chosaint fheabhsaithe mionaoiseach, agus leag roinnt Ballstát béim ar an tábhacht a bhaineann le prionsabal na tíre tionscnaimh.
Beidh an cur chuige ginearálta sin mar bhonn leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa, atá le tosú in 2022.
An Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha (Grafaic faisnéise)
Plean téarnaimh don Eoraip
Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí maidir leis an bplean téarnaimh don Eoraip. Phléigh siad staid na himeartha i ndáil leis na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta a bheith á gcur chun feidhme ag na Ballstáit, chomh maith leis na cuir chuige i leith ullmhúchán na bpleananna.
Mhínigh na hairí na dúshláin a bhainfidh le cur chun feidhme na bpleananna, mar a fheictear dóibh, amhail na ganntanais soláthair atá ann faoi láthair i réimse na leathsheoltóirí agus na n-amhábhar, chomh maith leis an nganntanas reatha i margadh an tsaothair. Ba dhíol sásaimh do roinnt mhaith Ballstát an Ionstraim um Shliseanna atá le teacht de chuid an Choimisiúin Eorpaigh agus an togra le haghaidh an dara IPCEI ar mhicrileictreonaic.
Chuir an Coimisiún Eorpach na hairí ar an eolas faoi theachtaireacht maidir le beartas iomaíochta ba cheart a bheith oiriúnach do dhúshláin nua. Ghlac an Coimisiún Eorpach an t-athbhreithniú seo ar an mbeartas iomaíochta an 18 Samhain. Leagtar amach ann an méid a chuireann an beartas iomaíochta agus an t-athbhreithniú a dhéantar air leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach agus le margadh aonair athléimneach.
Thug Uachtaránacht na Slóivéine an t-eolas is deireanaí ar staid na himeartha maidir leis na gnéithe éagsúla den phacáiste 'Oiriúnach do 55’ de thograí reachtacha a bhaineann leis an aeráid a scrúdú.
Is é atá sa phacáiste 'Oiriúnach do 55’ sraith de thograí idirnasctha a ghlac an Coimisiún an 14 Iúil agus é mar aidhm leo laghdú 55% ar a laghad a dhéanamh ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030.
Tá ról lárnach le himirt ag an gComhairle Iomaíochais maidir lena chinntiú go mbainfidh an tAontas amach an leibhéal aontaithe uaillmhéine atá á mholadh sa phacáiste, agus d’fhéadfadh sí treoir a chur ar fáil trí aghaidh a thabhairt ar dhúshláin agus ar dheiseanna do ghnólachtaí a eascraíonn as an aistriú i dtreo na haeráidneodrachta.
Treoir maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach
Thíolaic Uachtaránacht na Slóivéine tuarascáil ar dhul chun cinn maidir leis an scrúdú ar an togra i ndáil le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach, a ghlac an Coimisiún Eorpach an 21 Aibreán 2021. Is é is aidhm don treoir atá beartaithe na rialacha atá ann cheana maidir le tuairisciú neamhairgeadais a leathnú agus a neartú, chun sreabhadh comhsheasmhach faisnéise inbhuanaitheachta a áirithiú tríd an gcóras airgeadais agus, ar an gcaoi sin, an t-aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe a éascú. Táthar ag súil go nglacfar an togra in 2022.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Rialachán maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí
Chuir Uachtaránacht na Slóivéine faisnéis ar fáil maidir le staid na himeartha agus scrúdú á dhéanamh ar an gcomhad tábhachtach seo maidir le cosaint tomhaltóirí, a ghlac an Coimisiún Eorpach an 30 Meitheamh 2021. Leis an rialachán maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, déantar an creat ginearálta maidir le sábháilteacht na dtáirgí tomhaltais neamhbhia a nuashonrú agus a nuachóiriú agus tá sé ríthábhachtach ó thaobh an margadh aonair a threisiú.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Thíolaic Uachtaránacht na Slóivéine tuarascáil ar an dul chun cinn a rinneadh i ndáil leis an togra le haghaidh treoir maidir le creidmheas tomhaltóirí. Leis an togra, a thíolaic an Coimisiún Eorpach an 30 Meitheamh 2021, féachtar le cosaint tomhaltóirí airgeadais a mhéadú, chomh maith le rannchuidiú le creat dlíthiúil níos comhchuibhithe san Aontas chun seirbhísí airgeadais miondíola a chur ar fáil sna Ballstáit agus idir na Ballstáit. Táthar ag súil go nglacfar an togra in 2022.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Chuir an Uachtaránacht na toscaireachtaí ar an eolas faoi Chruinniú Mullaigh Nuálaithe an Aontais den Chéad Ghlúin Eile, a tionóladh an 26-27 Deireadh Fómhair i Liúibleána, agus faoi thorthaí ceardlainne ar athchóiriú shrianta REACH, go háirithe i réimsí an údaraithe agus an tsrianta, a tionóladh in Brdo an 9 Samhain 2021.
Rinne an Coimisiún Eorpach cur i láthair faoi thuarascáil 2021 ó Líonra Toscairí na FBManna agus chuir sé na hairí ar an eolas maidir le hobair an Fhóraim Thionsclaíoch.
Chuir toscaireacht na Gréige na hairí ar an eolas maidir le feabhas a chur ar athléimneacht earnáil sláinte agus earnáil chógaisíochta an Aontais, agus thíolaic toscaireacht na Sualainne páipéar leathoifigiúil maidir le plean gníomhaíochta d’earnáil na seirbhísí. Thíolaic toscaireacht na Fraince clár oibre na huachtaránachta inteachta.
Ghlac an Chomhairle freisin, gan phlé, na míreanna a bhaineann le liosta na míreanna A neamhreachtacha.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.