Skip to content
  • An Chomhairle Iomaíochais

An Chomhairle Iomaíochais (an Margadh Inmheánach agus an Tionsclaíocht), 1 Nollaig 2022

Na príomhthorthaí

An Gníomh um Shliseanna

Ghlac Airí d’aon toil a seasamh caibidlíochta (‘cur chuige ginearálta’) i ndáil le rialachán lena mbunaítear creat beart chun éiceachóras leathsheoltóirí na hEorpa a neartú, nó ‘an Gníomh um Shliseanna’ mar is fearr aithne air.

Jozef Síkela, Aire Tionsclaíochta agus Trádála na Seicia
Tá sliseanna ar cheann de na teicneolaíochtaí ceannródaíocha is tábhachtaí sa lá atá inniu ann, ach níl dóthain acmhainneachta ag an Aontas faoi láthair chun a chuid sliseanna seanbhunaithe ardteicneolaíochta féin a dhearadh agus a tháirgeadh. Ní mór don Aontas a róspleáchas ar cheannródaithe leathsheoltóirí san Áise agus sna Stáit Aontaithe a laghdú agus, leis an nGníomh um Shliseanna, tá an scéal á chur ar a láimh féin aige.
Jozef Síkela, Aire Tionsclaíochta agus Trádála na Seicia
Jozef Síkela, Aire Tionsclaíochta agus Trádála na Seicia

Ba dhíol sásaimh do na hAirí sainordú caibidlíochta na Comhairle maidir leis an nGníomh um Shliseanna agus chuir siad i dtábhacht an gá atá le buiséad leordhóthanach a bheith ann don chlár a bheidh ann amach anseo. Ba dhíol sásaimh dóibh go háirithe réiteach na huachtaránachta maidir le hollstruchtúr airgeadais an Ghnímh um Shliseanna, lena n-iarrtar ar an gCoimisiún Eorpach, i gcomhar leis na Ballstáit agus le Parlaimint na hEorpa, réitigh mhalartacha a lorg chun leibhéal na huaillmhéine maidir le buiséad an Ghnímh um Shliseanna a choinneáil

Léaráid ar a dtaispeántar micrishlis
An Gníomh Eorpach um Shliseanna (Grafaic faisnéise)

An Gníomh Eorpach um Shliseanna (Grafaic faisnéise)

Dícheall cuí i dtaca le hinbhuanaitheacht chorparáideach

Ghlac na hAirí a seasamh caibidlíochta (‘cur chuige ginearálta’) i ndáil leis an treoir i dtaca le dícheall cuí maidir le hinbhuanaitheacht chorparáideach. Cuirfidh an treoir seo le cosaint an chomhshaoil agus chearta an duine san Aontas agus níos faide i gcéin.

Leagtar síos sa treoir maidir le dícheall cuí, rialacha maidir le hoibleagáidí do chuideachtaí móra maidir le drochthionchair iarbhír agus ionchasacha ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol, i ndáil lena n-oibríochtaí féin, oibríochtaí a bhfochuideachtaí, agus iad siúd a dhéanann a gcomhpháirtithe gnó i slabhra gníomhaíochtaí na gcuideachtaí. Leagtar síos ann freisin rialacha maidir le pionóis agus dliteanas sibhialta as na hoibleagáidí sin a shárú.

Tásca geografacha a chosaint le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha

Ghlac Airí d'aon toil an seasamh ón gComhairle (‘cur chuige ginearálta’) i ndáil leis an rialachán maidir le tásc geografach (TG) a chosaint le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíochta.

Bunaíonn tásca geografacha cearta maoine intleachtúla do tháirgí sonracha a bhfuil a gcáilíochtaí nasctha go bunúsach le limistéar an táirgthe, gloine na Boihéime, poircealláin Limoges nó sceanra Solingen mar shampla.

Le linn a n-idirghabhálacha, ba dhíol sásaimh do na hAirí an téacs comhréitigh ón Uachtaránacht maidir leis an gcur chuige ginearálta, agus chuir siad i dtábhacht conas a chuideoidh an rialachán seo leis an rathúnas i réigiúin na hEorpa, leis an oidhreacht chultúrtha a chosaint agus a bheidh sé chun tairbhe FBManna. Maidir leis an gcaibidlíocht atá ar na bacáin le Parlaimint na hEorpa, tá na Ballstáit ag tnúth le teacht ar chomhaontú go luath.

Clár Oibre Eorpach don Turasóireacht 2030

Ghlac an Chomhairle conclúidí lena leagtar amach clár oibre Eorpach don Turasóireacht 2030.

Tá an tAontas Eorpach ar cheann de na cinn scríbe is fearr do chuairteoirí idirnáisiúnta agus dá chónaitheoirí féin araon. Mar sin féin, bhí tionchar fíorthubaisteach ag paindéim COVID-19 ar an éiceachóras turasóireachta agus d'eascair caillteanais mhóra ioncaim agus poist aisti ar fud na hEorpa. Tá tionchar diúltach ag an méid sin, mar aon le fogha míleata na Rúise faoin Úcráin agus ardú ar phraghsanna fuinnimh, ar earnáil turasóireachta na hEorpa.

Sa Chlár Oibre Eorpach don Turasóireacht 2030, tá plean oibre ilbhliantúil de chuid an Aontais chun cabhrú leis na Ballstáit, leis na húdaráis phoiblí, leis an gCoimisiún agus le geallsealbhóirí earnáil na turasóireachta a dhéanamh níos inbhuanaithe, níos athléimní, níos glaise agus níos digitithe.

Ábhair eile ar an gclár oibre

Chuir an Uachtaránacht i láthair an dul chun cinn a rinneadh go dtí seo i ndáil leis an treoir maidir le tomhaltóirí a chumhachtú don aistriú glas, agus i ndáil leis an rialachán maidir leis an éicidhearthóireacht le haghaidh táirgí inbhuanaithe, inar chuir sí na hairí ar an eolas faoi na príomhábhair don phlé a bheidh ann amach anseo.

Faoi aon ghnó eile, chuir an Coimisiún Eorpach na hAirí ar an eolas faoin tuarascáil ón Tascfhórsa um Fhorfheidhmiú an Mhargaidh Aonair agus ar thuarascáil 2022 ar Líonra Toscairí na FBManna.

Chuir toscaireacht na hOstaire na Ballstáit ar an eolas faoi fheabhsuithe IPCEI, agus chuir toscaireacht na Sualainne ar an eolas iad faoin gclár dá n-uachtaránacht inteachta.

Le linn lón neamhfhoirmiúil, phléigh na hAirí conas aghaidh a thabhairt ar spleáchais an Aontais trí shlabhraí soláthair a éagsúlú. Díríodh sa phlé ar chomhpháirtíochtaí déthaobhacha nó iltaobhacha a d'fhéadfadh a bheith ann i réimse na n-amhábhar criticiúil nó na hidrigine.

Ghlac an Chomhairle freisin, gan phlé, na míreanna a bhaineann le liosta na míreanna A reachtacha agus neamhreachtacha.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iomaíochais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025