"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Iomaíochais (an Margadh Inmheánach agus an Tionsclaíocht), 29 Meán Fómhair 2022
Na príomhthorthaí
An ionstraim éigeandála le haghaidh an mhargaidh aonair
Roinn na hairí a dtuairimí faoin Ionstraim Éigeandála le haghaidh an Mhargaidh Aonair a cuireadh i láthair le déanaí, agus a thíolaic an Coimisiún Eorpach an 19 Meán Fómhair 2022. Leis an Ionstraim Éigeandála atá beartaithe le haghaidh an Mhargaidh Aonair, cruthaítear uirlis chun saorshreabhadh earraí, seirbhísí agus daoine in aimsir ghéarchéime a chomhordú agus a chinntiú.
Is sócmhainn mhór de chuid an Aontais Eorpaigh é an margadh aonair, agus is tosaíocht thábhachtach dár n-uachtaránacht é. Léirigh géarchéimeanna a tharla le déanaí gur gá margadh aonair oscailte inrochtana a chinntiú tráth ar bith, agus an tábhacht a bhaineann le saorghluaiseacht earraí agus daoine. Oibreoidh an tAontas le chéile chun aon chur isteach ar an margadh aonair a sheachaint. Cuideoidh tuairimí na n-airí linn tuilleadh plé a dhéanamh le linn Uachtaránacht na Seice.
Jozef Síkela, Aire Tionsclaíochta agus Trádála na Seice
Tríd is tríd, ba dhíol sásaimh do na hairí an Ionstraim Éigeandála le haghaidh an Mhargaidh Aonair a bhfuiltear ag tnúth léi le fada, agus d’aontaigh siad go léir gur cheart saorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine a ráthú i gcónaí – go háirithe nuair a bhíonn géarchéimeanna ann.
Le linn a gcuid idirghabhálacha, chuir na hairí i dtábhacht go gcaithfidh an Ionstraim Éigeandála le haghaidh an Mhargaidh Aonair a bheith comhréireach, agus d’iarr siad go mbeadh struchtúr rialachais leordhóthanach ann – an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir ról na mBallstát agus ról an Choimisiúin Eorpaigh. D’aontaigh na hairí go ginearálta go gcaithfidh an Ionstraim Éigeandála le haghaidh an Mhargaidh Aonair a bheith i gcomhréir leis na hionstraimí géarchéime atá ann cheana, agus le hionstraimí atá á bplé faoi láthair. D’iarr roinnt airí sainmhínithe soiléire ar théarmaí amhail ‘géarchéim’ agus critéir shoiléire chun an Ionstraim Éigeandála le haghaidh an Mhargaidh Aonair a ghníomhachtú. Leag roinnt airí béim ar an ngá atá le trédhearcacht san uirlis nua atá beartaithe, agus le hualach riaracháin teoranta ar chuideachtaí.
Éicidhearthóireacht le haghaidh rialáil táirgí inbhuanaithe
Phléigh na hairí freisin an togra i ndáil le rialachán maidir le héicidhearthóireacht le haghaidh táirgí inbhuanaithe, a chuir an Coimisiún Eorpach i láthair an t-earrach seo caite.
Is é is aidhm don Rialachán a chinntiú go mbeidh earraí fisiciúla ar mhargadh an Aontais (ach amháin bia, beatha agus leigheasanna) á ndéanamh ar bhealach níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol, níos ciorclaí agus níos tíosaí ar fhuinneamh. Tugtar isteach leis an rialachán maidir le héicidhearthóireacht le haghaidh táirgí inbhuanaithe ‘pas táirge digiteach’ agus an fhéidearthacht lipéadú a dhéanamh ar tháirgí, mar shampla, maidir lena n-indeisitheacht. Cuirfidh sé sin feabhas ar an eolas atá ag tomhaltóirí ar an tionchar a bhíonn ag a gceannacháin ar an gcomhshaol, agus ar na slabhraí luacha táirgeshonracha.
Is é is aidhm eile don rialachán freisin feidhmiú níos fearr an mhargaidh aonair a chinntiú trí shraith choiteann rialacha a bhunú chun ilroinnt rialála a sheachaint. I gcás an nóta sin, chuir na hairí treoir ar fáil le haghaidh tuilleadh caibidlíochta faoin togra. Chuir na hairí chun suntais gur féidir an gnáthchaighdeán a leagan síos do tháirgí inbhuanaithe san Aontas Eorpach leis an Ionstraim Éigeandála le haghaidh an Mhargaidh Aonair, agus leag siad béim ar an gcaoi ar féidir cabhrú le tomhaltóirí agus le gnólachtaí san aistriú glas agus san aistriú digiteach léi. Ba dhíol sásaimh d’fhormhór na mBallstát an ‘pas táirge digiteach’ atá beartaithe, chomh maith leis na ceanglais éicidhearthóireachta a bhaineann leis. D’aontaigh na hairí tríd is tríd gur féidir leis an ‘bpas táirge digiteach’ sin cabhrú le saorghluaiseacht táirgí inbhuanaithe atá oiriúnach do gheilleagar ciorclach laistigh den mhargadh aonair a chinntiú.
Bhí roinnt Ballstát buartha faoin úsáid fhorleathan a bhaintear as gníomhartha tarmligthe sa togra, agus faoi na dúshláin a d’fhéadfadh a bheith roimh údaráis náisiúnta faireachais margaidh agus na ceanglais nua á bhforfheidhmiú acu. Chuir roinnt Ballstát in iúl gur gá ualach breise riaracháin ar chuideachtaí an Aontais a sheachaint, go háirithe i gcás fiontar beag agus meánmhéide.
Le linn lón neamhfhoirmiúil, phléigh na hairí athléimneacht an mhargaidh aonair i gcomhthéacs fhogha na Rúise faoin Úcráin. Bhí malartú tuairimí ag na hairí faoi na ceachtanna a foghlaimíodh ó ghéarchéimeanna a bhí ann le déanaí, agus faoi na bearta a mheasann siad a bheith cuí chun athimeascadh gheilleagar na hÚcráine i slabhraí luacha an Aontais a éascú. Phléigh na hAirí tionchar na géarchéime fuinnimh ar an margadh inmheánach freisin.
Faoi aon ghnó eile, chuir toscaireacht na Gearmáine na hairí ar an eolas faoi thionscnamh chun ‘Ardán Eorpach do Theicneolaíochtaí Claochlaithe’ a bhunú. Chuideodh an t-ardán sin le ceannasacht theicniúil an Aontais don chlaochlú a neartú. Thacódh sé le forbairt slabhraí luacha tionsclaíocha i bpríomhtheicneolaíochtaí claochlaithe amhail cumhacht ghaoithe, grianchumhacht, teaschaidéil agus eangacha cumhachta.
Chuir toscaireachtaí na Fraince agus na Gearmáine na hairí ar an eolas faoi pháipéar leathoifigiúil comhpháirteach maidir le soláthar amhábhar criticiúil a bhaint amach. Tá an páipéar beartaithe mar ionchur le haghaidh tionscnamh rialála maidir le hamhábhair chriticiúla atá á ullmhú ag an gCoimisiún. Ba dhíol sásaimh do roinnt Ballstát an páipéar leathoifigiúil, agus chuir siad in iúl gur mian leo go gcuirfí coincheapa an gheilleagair chiorclaigh agus na hathchúrsála san áireamh sa tionscnamh.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.