Skip to content
  • An Chomhairle Iomaíochais

An Chomhairle Iomaíochais (an Margadh Inmheánach agus an Tionsclaíocht), 7 Nollaig 2023

Na príomhthorthaí

An Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta

Tháinig na hairí ar chomhaontú maidir le cur chuige ginearálta (seasamh ón gComhairle) i ndáil leis an rialachán lena mbunaítear creat beart chun éiceachóras monaraíochta glan-nialasachta na hEorpa um tháirgí teicneolaíochta a neartú, nó an Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta mar is fearr aithne air.

Jordi Hereu Boher, Aire Tionscail agus Turasóireachta na Spáinne
Leis an nGníomh um an Tionscal Glan-nialasachta, tá sé d’aidhm ag an Aontas Eorpach ceannaireacht dhomhanda a bhaint amach san aistriú glas trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí na todhchaí chun borradh a chur faoi iomaíochas ár dtionscal, chun poist ardcháilíochta a chruthú agus chun ár gceannasacht straitéiseach oscailte a neartú.
Jordi Hereu Boher, Aire Tionscail agus Turasóireachta na Spáinne
Jordi Hereu Boher, Aire Tionscail agus Turasóireachta na Spáinne

Leis an gcur chuige ginearálta, cuirtear breoslaí núicléacha agus malartacha san áireamh i liosta na dteicneolaíochtaí straitéiseacha glan-nialasacha agus méadaítear leis freisin liosta na dteicneolaíochtaí neamhstraitéiseacha a bhfuil réitigh bith-theicneolaíochta aeráide agus fuinnimh ag baint leo, teicneolaíochtaí núicléacha eile agus teicneolaíochtaí claochlaitheacha tionsclaíocha le haghaidh tionscail dianfhuinnimh. Tá bonneagair iompair le haghaidh CO2 san áireamh freisin i raon feidhme na bhforálacha maidir le hacmhainneacht insteallta CO2. Leis an gcur chuige ginearálta, soiléirítear nósanna imeachta soláthair phoiblí chun ceanglais shlána, thrédhearcacha, in-fhorfheidhmithe agus chomhchuibhithe a chinntiú maidir le teicneolaíochtaí glan-nialasachta chomh maith le héagsúlú a chinntiú i soláthar na dteicneolaíochtaí straitéiseacha chuig an Aontas. Maidir le ceantanna, ceadaítear do na Ballstáit leis an togra ón gComhairle na critéir réamhcháiliúcháin agus dhámhachtana araon a chur i bhfeidhm. Saineoidh an Coimisiún na critéir sin i ngníomh cur chun feidhme. Le cur chuige ginearálta na Comhairle, tá an deis fós ag na Ballstáit boscaí gainimh rialála a bhunú. Ba cheart go mbainfeadh gnólachtaí nuathionscanta tairbhe freisin as na bearta speisialta maidir le rannpháirtíocht fiontar beag agus meánmhéide sna boscaí gainimh sin.

Léaráid de shimléir thionsclaíocha agus muilte gaoithe amach ón gcósta
An gníomh um an tionscal glan-nialasachta: tagarmharc le haghaidh acmhainneacht monaraíochta táirgí teicneolaíochta straitéiseacha glan-nialasachta (Grafaic faisnéise)

An gníomh um an tionscal glan-nialasachta: tagarmharc le haghaidh acmhainneacht monaraíochta táirgí teicneolaíochta straitéiseacha glan-nialasachta (Grafaic faisnéise)

Saothar éignithe

Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí faoin togra le haghaidh Rialachán maidir le táirgí de dhéantús saothar éignithe a thoirmeasc i margadh an Aontais. Tacaíonn na Ballstáit uile le cuspóir foriomlán an Rialacháin atá beartaithe chun saothar éignithe a chomhrac. Leagadar béim ar an ngá atá le hiarrachtaí an Aontais sa réimse sin a chuíchóiriú tríd an rialachán atá beartaithe a ailíniú le caighdeáin idirnáisiúnta agus le reachtaíocht an Aontais araon. Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí ar bhonn nóta maidir le díospóireacht bheartais a d’ullmhaigh Uachtaránacht na Spáinne, inar díríodh go príomha ar leibhéal rannpháirtíochta an Choimisiúin i gcéimeanna éagsúla d’imscrúdú a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as saothar éignithe agus a chruthú go bhfuil saothar éignithe in úsáid, mar shampla trí aighneachtaí eolais a bhailiú, réamh-imscrúdú, imscrúdú, cinnteoireacht, cur chun feidhme agus forchur pionós.

Aon ghnó eile

Faoi aon ghnó eile, cuireadh na hairí ar an eolas faoi ocht saincheist:

  • chuir an Uachtaránacht na Ballstáit ar an eolas faoi staid na himeartha i ndáil leis na tionscnaimh reachtacha éagsúla atá á bplé faoi láthair
  • chuir an Coimisiún Eorpach na Ballstáit ar an eolas faoin Teachtaireacht maidir leis an Spás Riaracháin Eorpach a fheabhsú a ghlac an Coláiste an 23 Deireadh Fómhair 2023
  • chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoi staid chur chun feidhme na Tairsí Aonair Digití
  • rinneadar pointe eolais freisin maidir le hullmhacht d’fhorfheidhmiú an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha
  • chuir toscaireachtaí na Danmhairge, na Fraince agus na Gearmáine na hairí ar an eolas faoin tsaincheist maidir le conas an t-ualach riaracháin ar chuideachtaí a laghdú i dtréimhsí nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo
  • chuir toscaireachtaí na hOstaire, na Beilge, na Bulgáire, na Danmhairge, na hEastóine, na Fionlainne, na Fraince, na Gearmáine, na hIodáile, na Laitvia, na Liotuáine, Lucsamburg, Mhálta, na Portaingéile, na Slóivéine agus na Sualainne na haireachtaí ar an eolas faoi theacht i bhfeidhm Chúirt Aontaithe na bPaitinní
  • chuir an Coimisiún Eorpach na Ballstáit ar an eolas faoi thuarascáil 2023 ó Líonra Toscairí na FBManna
  • chuir toscaireacht na Beilge na hairí ar an eolas faoi chlár oibre Uachtaránacht inteachta na Beilge i réimse an mhargaidh inmheánaigh agus na tionsclaíochta

Ghlac an Chomhairle freisin, gan phlé, na míreanna ar liosta na míreanna neamhreachtacha ‘A’.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iomaíochais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025