Skip to content
  • An Chomhairle Iomaíochais

An Chomhairle Iomaíochais (An taighde agus an spás), 8 Nollaig 2023

Na príomhthorthaí

Taighde

Tionchar an taighde agus na nuálaíochta ar cheapadh beartas

D’fhormheas na hairí conclúidí ón gComhairle maidir le tionchar an taighde agus na nuálaíochta ar cheapadh beartas.

Diana Morant Ripoll, Aire Eolaíochta, Nuálaíochta agus Ollscoileanna na Spáinne
Tá an dea-cheapadh beartas ríthábhachtach le go ndéanfar dul chun cinn sa taighde agus sa nuálaíocht, ach tá an taighde agus an nuálaíocht ríthábhachtach freisin chun go n-éireoidh leis an bpróiseas rialála. Nuair a mhéadaítear an taighde agus an nuálaíocht atá bainteach le ceapadh beartas, imrítear tionchar dearfach ar an bpláinéad agus, ar deireadh, cuirtear feabhas ar shaol na saoránach agus treisítear an daonlathas.
Diana Morant Ripoll, Aire Eolaíochta, Nuálaíochta agus Ollscoileanna na Spáinne
Diana Morant Ripoll, Aire Eolaíochta, Nuálaíochta agus Ollscoileanna na Spáinne

Sna conclúidí, ar tosaíocht de chuid Uachtaránacht na Spáinne iad, déantar machnamh ar an gcaoi ar féidir le dearadh, taighde agus nuálaíocht iomchuí feabhas a chur ar cheapadh beartas trí fhianaise agus eolas eolaíoch a chur san áireamh. Leagtar béim sna conclúidí ón gComhairle ar thrí phríomhghné: an tábhacht a bhaineann leis an taighde agus an nuálaíocht don phróiseas ceaptha beartas san Aontas; an tábhacht a bhaineann leis na héiceachórais taighde agus nuálaíochta réigiúnacha; agus tionchar beartais na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta ar bheartas taighde agus nuálaíochta an Aontais agus ar an Limistéar Eorpach Taighde.

Creat Eorpach chun daoine tréitheacha taighde, nuálaíochta agus fiontraíochta a mhealladh agus a choinneáil san Eoraip

Tháinig na hairí ar chomhaontú polaitiúil maidir le moladh ón gComhairle chun creat Eorpach a chruthú chun daoine tréitheacha taighde, nuálaíochta agus fiontraíochta a mhealladh agus a choinneáil san Eoraip.

Leis an ngníomh seo, tá caighdeáin á leagan síos againn lenar féidir na Ballstáit, eagraíochtaí taighde, cisteoirí agus páirtithe leasmhara a stiúradh chun cobhsaíocht agus mealltacht gairmeacha taighde san Eoraip a mhéadú. Chun an sprioc sin a bhaint amach, ní mór dúinn ár mbeartas náisiúnta maidir le taighde agus nuálaíocht a chomhordú ar bhealach níos fearr; agus ní mór dúinn freisin ról a thabhairt do gach taighdeoir tréitheach, gan beann ar inscne, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, cine nó bunadh eitneach, bunús socheacnamaíoch ná aon imthosca eile trí aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar neamhionannais leanúnacha i ngairmeacha taighde. Diana Morant Ripoll, an tAire Eolaíochta, Nuálaíochta agus Ollscoileanna

Tá sé d'aidhm ag an moladh sin go dtacófaí leis an lucht taighde agus le gairmeacha taighde san Aontas, agus margadh saothair Eorpach níos tarraingtí, níos oscailte agus níos inbhuanaithe a fhorbairt don lucht taighde, rud a thaitníonn leis an tallann eachtrach. Tá an ‘Cairt Eorpach do Thaighdeoirí’ nua san áireamh sa mholadh, a chuirtear in ionad an téacs is infheidhme faoi láthair.

Luachshocrú taighde mar uirlis le haghaidh téarnamh agus athléimneacht eacnamaíoch agus thionsclaíoch

Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí freisin dar teideal ‘Luachshocrú taighde mar uirlis le haghaidh téarnamh agus athléimneacht eacnamaíoch agus thionsclaíoch’. Iarradh ar na hairí dea-chleachtais a chomhroinnt maidir leis an gcaoi ar féidir torthaí taighde a úsáid chun geilleagar agus tionscal an Aontais a athbheochan agus freagairt á tabhairt ar thrí théama a thíolaic an Uachtaránacht i nóta: na dúshláin a bhaineann le luachshocrú thorthaí an taighde chun tionscal agus geilleagar an Aontais a athbheochan; an chaoi a gcinntímid go bhfreagróidh luachshocrú taighde agus nuálaíochta do thosaíochtaí an Aontais agus do thosaíochtaí náisiúnta i gcomhréir le riachtanais na saoránach; bearta náisiúnta chun luathshocrú taighde a chur chun cinn ó thaobh an éilimh de agus scileanna agus foghlaim chun luachshocrú eolais a thuiscint ó thaobh an tionscail de.

Díospóireacht lóin – beartais a chothú don óige agus don chomhionannas inscne sa taighde agus sa nuálaíocht

Le linn lón neamhfhoirmhiúil, phléigh na hairí an bealach is fearr chun beartais don óige agus don chomhionannas inscne a chothú sa taighde agus sa nuálaíocht. Bhí an díospóireacht bunaithe ar nóta ón Uachtaránacht agus dhírigh sí ar cheithre shaincheist: na dúshláin a bhaineann le beartais a thacaíonn le mná san eolaíocht agus sa taighde a chur chun feidhme; bearta chun dul timpeall ar laofacht inscne agus feidhmíocht eolaíoch á meas nó poist cheannaireachta agus chinnteoireachta á gceapadh; bacainní le haghaidh tallann óg atá ag tosú ar ghairm bheatha san eolaíocht agus sa nuálaíocht agus conas conair ghairme níos inbhuanaithe agus níos intuartha a thabhairt dóibh; agus bearta tacaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann chun tarraingteacht na ngairmeacha eolaíochta a mhéadú do thaighdeoirí luathghairme.

Ábhair eile ar an gclár oibre

Cuireadh na hairí ar an eolas faoi chúig shaincheist a bhaineann le haon ghnó eile:

  • chuir toscaireacht na Spáinne in iúl do na hairí go leanfadh an chomhpháirtíocht maidir le taighde agus nuálaíocht i limistéar na Meánmhara (PRIMA) ar aghaidh.
  • chuir siad na hairí ar an eolas freisin faoi na himeachtaí taighde a d’eagraigh Uachtaránacht na Spáinne le linn a seimeastair
  • bhí pointe eolais ag an gCoimisiún Eorpach faoin gcéad eagrán den tuarascáil faireacháin ar an Limistéar Eorpach Taighde (LET) ar leibhéal an Aontais
  • chuir an Coimisiún Eorpach na hairí ar an eolas freisin faoin dul chun cinn a rinneadh le measúnú taighde agus le gníomhaíochtaí taighde agus faoi thionscnamh nua maidir le hábhair ardfhorbartha le haghaidh ceannaireacht thionsclaíoch a cuireadh san áireamh sa Chlár Oibre do 2024
  • ar deireadh, chuir toscaireacht na Beilge na hairí ar an eolas faoi chlár oibre na huachtaránachta inteachta i réimse an taighde

An Spás

Léaráid: satailítí ar fud na cruinne, agus béim á leagan ar mhór-roinn na hEorpa
Éachtaí an Aontais sa spás (Grafaic faisnéise)

Éachtaí an Aontais sa spás (Grafaic faisnéise)

Bainistiú an spástráchta

D’fhormheas na hairí conclúidí ón gComhairle maidir le ‘Bainistiú an spástráchta: staid na himeartha’.

Ní cuid de shaol an fhicsin eolaíochta amháin é an beartas spáis a thuilleadh ach cuid ríthábhachtach dár saol laethúil, ó bheith ag féachaint ar an teilifís, ag déanamh faireachán ar an athrú aeráide nó ag roghnú lae chun grán a bhaint. Beidh rochtain ar an spás ríthábhachtach dár n-uathriail straitéiseach oscailte. Léirítear sna conclúidí a glacadh an bealach chun láithreacht na hEorpa i bhfithis ár bpláinéid a chinntiú ar bhealach sábháilte, slán, inbhuanaithe. Diana Morant Ripoll, Aire Eolaíochta, Nuálaíochta agus Ollscoileanna na Spáinne

Leagtar béim sna conclúidí ar a phráinní atá sé cur chuige an Aontais maidir le bainistiú spástráchta a fhorbairt agus aithnítear a thábhachtaí atá sé reachtaíocht an Aontais a mholadh a bhaineann leis an spás lena gcumhdaítear gnéithe sábháilteachta, slándála agus inbhuanaitheachta. Chuir an Uachtaránacht na dréachtchonclúidí sin ón gComhairle ar aghaidh chun aird a tharraingt ar rannchuidiú suntasach an bhainistithe spástráchta le príomhthosaíochtaí polaitiúla an Aontais, an Comhaontú Glas don Eoraip agus Claochlú Digiteach an Aontais san áireamh, chomh maith leis an rochtain neamhspleách, shlán agus chostéifeachtach atá ag an Eoraip ar an spás.

Beartas de chuid an Aontais a bheidh ann amach anseo maidir leis an spás i ndomhan atá ag athrú

Bhí díospóireacht ag na hairí faoi bheartas de chuid an Aontais a bheidh ann amach anseo maidir leis an spás i ndomhan atá ag athrú, díospóireacht a bunaíodh ar dhoiciméad a d’ullmhaigh an Uachtaránacht ina raibh eolas cúlra agus trí phríomhcheist chun an díospóireacht a stiúradh: inbhuanaitheacht an spáis; slándáil agus cosaint; uathriail straitéiseach an Aontais

Ábhair eile ar an gclár oibre

Cuireadh na hairí ar an eolas faoi dhá shaincheist a bhaineann le haon ghnó eile:

  • cuirfidh Uachtaránacht na Spáinne na himeachtaí agus na gníomhaíochtaí a rinneadh le linn a seimeastair i láthair
  • thíolaic toscaireacht na Beilge clár oibre na huachtaránachta inteachta i réimse an spáis

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iomaíochais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025