An gníomh um an tionscal glan-nialasachta: tagarmharc le haghaidh acmhainneacht monaraíochta táirgí teicneolaíochta straitéiseacha glan-nialasachta
Cuirfidh an tAontas dlús le monarú teicneolaíochtaí glana san Aontas.
I mí na Bealtaine 2024, ghlac an Chomhairle an gníomh um an tionscal glan-nialasachta.
Cuirfidh sé sin dlús leis an dul chun cinn i dtreo spriocanna aeráide agus fuinnimh 2030 an Aontais agus i dtreo an aistrithe chuig neodracht aeráide, agus déantar an méid a leanas ag an am céanna:
- borradh a chur faoi iomaíochas thionscal an Aontais
- poist ardcháilíochta a chruthú
- tacú le hiarrachtaí an Aontais neamhspleáchas fuinnimh a bhaint amach
An gníomh um an tionscal glan-nialasachta: tagarmharc le haghaidh acmhainneacht monaraíochta táirgí teicneolaíochta straitéiseacha glan-nialasachta
Cuspóirí an ghnímh um an tionscal glan-nialasachta:
- infheistíochtaí a chur chun cinn in acmhainneacht táirgeachta do phríomhtháirgí a chinntíonn spriocanna aeráidneodrachta an Aontais
- creat dlíthiúil simplí a chruthú le haghaidh tionscail ghlan‑nialasachta atá bunaithe san Aontas
- 40% de riachtanais bhaile an Aontais a chumhdach le teicneolaíochtaí glana a tháirgtear sa bhaile faoi 2030
Is i gcomhthéacs sprioc na haeráidneodrachta a bhaint amach trí ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55%, ar a laghad, faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 1990, atá na cuspóirí sin.
Braitheann liosta na dteicneolaíochtaí straitéiseacha glan-nialasachta ar thrí chritéar:
- teicneolaíochtaí glan-nialasachta aibí
- rannchuidiú leis an dícharbónú agus leis an iomaíochas
- riosca maidir le slándáil an tsoláthair a bheith ann
Samplaí de theicneolaíochtaí straitéiseacha glan-nialasachta
- Teicneolaíochtaí fótavoltacha gréine agus teicneolaíochtaí teirmeacha gréine
- cuspóirí maidir le níos mó ná 320 GW d’acmhainneacht fhótavoltach gréine nuashuiteáilte faoi 2025, agus 600 GW faoi 2030.
- Leis sin, d’fhéadfaí an méid a leanas a bhaint amach: €60 billiún de OTI in aghaidh na bliana san Eoraip agus 400 000 post nua
- Teicneolaíochtaí gaoithe ar tír agus teicneolaíochtaí in-athnuaite amach ón gcósta
- méadú ar an acmhainneacht ó 204 GW in 2022 go dtí níos mó ná 500 GW faoi 2030
- Faoi 2030, 42.5%, ar a laghad, d’fhoinsí in-athnuaite
- Ceallraí
Spriocanna le haghaidh bailiú ceallraí:
-
- 63% i gcás ceallraí inaistrithe faoi 2027 agus 73% faoi 2030
- 51% i gcás ceallraí ó mhodhanna éadroma iompair faoi 2028 agus 61% faoi 2030
- 50% an sprioc athghabhála ábhair i gcás litiam faoi 2027 agus 80% faoi 2030
- Teaschaidéil
- 2021: foirgnimh atá ann cheana ina n-úsáidtear teaschaidéil = 2 mhilliún aonad
- 2025: foirgnimh atá ann cheana ina n-úsáidtear teaschaidéil = 3 mhilliún aonad + 1.2 milliún aonad i bhfoirgnimh nua
- 2030: foirgnimh atá ann cheana ina n-úsáidtear teaschaidéil = 5 mhilliún aonad + 1.5 milliún aonad i bhfoirgnimh nua
- meastar go laghdóidh teaschaidéil an t-éileamh ar ghás san Eoraip le haghaidh téamh foirgneamh faoi 21 bhilliún méadar ciúbach ar a laghad faoi 2030
- Hidrigin in-athnuaite
- Is ionann an hidrigin agus thart ar 2% de mheascán fuinnimh an Aontais
- faoi 2050, d’fhéadfadh an hidrigin a bheith cothrom le 20% de mheascán fuinnimh an Aontais. De seo, 20-50% d’éileamh fuinnimh san iompar, 5-20% sa tionscal
- Bithmheatán agus bithghás
- In 2021, is é 196TWh táirgeadh bithgháis agus bithmheatáin agus tomhaltas gáis nádúrtha na Beilge.
- Ní mór 35 bhilliún méadar ciúbach de tháirgeadh bithmheatáin a bhaint amach san Aontas gach bliain faoi 2030
- Gabháil agus stóráil CO2 (GSC)
- Meastar go dtiocfaidh méadú 80 milliún tona de CO2 ar GSC in 2030 agus go sroichfear 300 milliún tona, ar a laghad, faoi 2040
- acmhainneacht insteallta bhliantúil de 50 milliún tona CO 2 , ar a laghad, i suíomhanna stórála atá lonnaithe san Aontas, i limistéir eacnamaíocha eisiacha an Aontais nó ar scairbh ilchríochach an Aontais
- Teicneolaíochtaí eangaí
- In 2024, beidh méadar cliste leictreachais ag 77% de thomhaltóirí an Aontais agus méadar cliste gáis ag 44% díobh
CONAS:
- próiseas deonaithe ceadanna níos tapa a chur ar bun chun tionscadail monaraíochta glan‑nialasachta a thógáil, a leathnú, a athrú agus a oibriú
- 12 mhí do thionscadail le níos lú ná 1 GW in aghaidh na bliana
- 18 mí do thionscadail atá níos mó ná sin
- tacaíocht ó ‘ionad ilfhreastail’
- creat dlíthiúil simplí a chruthú le haghaidh tionscail ghlan‑nialasachta atá bunaithe san Aontas
- an nuálaíocht a chothú: beidh na Ballstáit in ann tacú leis an nuálaíocht trí dheiseanna trialacha rialála teicneolaíochta glan-nialasachta a chruthú chun tacú leis an nuálaíocht luathchéime
- rochtain ar mhargaí trí éileamh na dtomhaltóirí a spreagadh agus trí sholáthar poiblí
- an tArdán um ghlan-nialasacht na hEorpa a úsáid mar shásra comhordúcháin don phlé, don mhalartú faisnéise agus do chomhroinnt na ndea-chleachtas maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an rialachán seo
- scileanna a fheabhsú(acadaimh scileanna): lucht saothair oilte agus poist ardcháilíochta atá riachtanach don tionscal glan-nialasachta san Eoraip a fhorbairt
An Margadh Domhanda
€600 billiún in aghaidh na bliana is luach don mhargadh domhanda teicneolaíochta glan-nialasachta as seo go 2030
Foinse: An Coimisiún Eorpach, Edelman Global Advisory, Carbon Gap
An t-athbhreithniú deireanach: an 3 Feabhra 2025