Skip to content
  • An Chomhairle Iomaíochais

An Chomhairle Iomaíochais (An taighde), 27 Feabhra 2026

Na príomhthorthaí

An ciste taighde um ghual agus cruach:

D’fhormheas an Chomhairle a seasamh maidir leis an bpacáiste lena n-athchóirítear an ciste taighde do ghual agus cruach, arb é is aidhm dó borradh a chur faoin iomaíochas agus tacú le haistriú glas cóir thionscal na cruach agus na réigiún mianadóireachta guail. Leis an gcomhaontú, cuirtear síneadh leis an gclár go dtí 2034 (seachas 2030 mar atá beartaithe) agus cinntítear suas le €120 milliún d’infheistíochtaí bliantúla. Soiléirítear leis freisin cuspóirí an chláir maidir le tionscadail taighde agus nuálaíochta.

<p>Nicodemos Damianou, Leas-Aire Taighde, Nuálaíochta agus Beartais Dhigitigh Phoblacht na Cipire</p>

Ba é formheas an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach an chéad chur chuige ginearálta faoi Uachtaránacht na Cipire; comhartha soiléir dár dtiomantas do thorthaí nithiúla atá dírithe ar thionchar. Is príomhionstraim é seo chun iomaíochas agus inbhuanaitheacht na n-earnálacha ríthábhachta sin a fheabhsú, rud atá fíor-riachtanach d’athléimneacht, neart eacnamaíoch agus uathriail straitéiseach na hEorpa. Leis na rialacha nua, déanfar rochtain a shimpliú, cuirfear síneadh le ré an chiste agus neartófar tacaíocht do FBManna, rud a chuirfidh dlús leis an aistriú chuig tionscail Eorpacha atá níos glaine, níos nuálaí agus níos iomaíche ar fud an domhain.

<p>Nicodemos Damianou, Leas-Aire Taighde, Nuálaíochta agus Beartais Dhigitigh Phoblacht na Cipire</p>

Nicodemos Damianou, Leas-Aire Taighde, Nuálaíochta agus Beartais Dhigitigh Phoblacht na Cipire

Pacáiste Fís Eorpach: clár réime um thaighde agus um nuálaíocht 2028-2034

Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí maidir leis an bpacáiste Fís Eorpach don chéad bhuiséad eile de chuid an Aontais, inar díríodh ar na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus ar an gclár sonrach lena gcuirtear Fís Eorpach chun feidhme.

Phléigh na hairí na saincheisteanna ríthábhachtacha atá fós gan réiteach i bpacáiste reachtach Fís Eorpach, d’fhonn teacht ar chur chuige ginearálta páirteach ag an gcéad chruinniú eile den Chomhairle taighde an 29 Bealtaine 2026. Phléigh na hairí saincheisteanna ríthábhachtacha, lena n-áirítear idirnaisc leis an gciste Eorpach iomaíochais, comhpháirtíochtaí Eorpacha, cistiú do bhonneagair thaighde agus theicneolaíochta, agus ceisteanna a bhaineann le slándáil taighde, taighde dé-úsáide agus taighde cosanta amháin.

Comhar idirnáisiúnta maidir le T&F sa chomhthéacs geopholaitiúil atá ann faoi láthair

Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí maidir le barr feabhais agus comhar idirnáisiúnta in T&N a chur chun cinn sa chomhthéacs geopholaitiúil atá ann faoi láthair. Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le hábhair amhail na ceachtanna a foghlaimíodh ó na comhaontuithe reatha maidir le comhlachas tríú tíortha leis an gclár T&N, agus conas is féidir le comhar idirnáisiúnta T&N cothromaíocht a bhaint amach idir oscailteacht agus an gá atá le leasanna agus luachanna an Aontais a chosaint, faoi threoir an phrionsabail ‘a oscailte is féidir, a iata is gá’.

Aon ghnó eile

Rinne toscaireachtaí na Spáinne, na hOstaire, na Cróite, na Fraince, na hUngáire, na hIodáile, na Liotuáine, na Polainne, na Portaingéile agus na Slóivéine cur i láthair maidir le conas sásra socraithe tosaíochtaí éifeachtach T&N agus próiseas cinnteoireachta éifeachtach a áirithiú.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iomaíochais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 4 Márta 2026