"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Chomhairle Iomaíochais (an Margadh Inmheánach agus an Tionsclaíocht), 26 Feabhra 2026
Na príomhthorthaí
Tuarascáil bhliantúil 2026 ar an margadh aonair agus an iomaíochas
Phléigh na hairí tuarascáil bhliantúil 2026 ar an margadh aonair agus an iomaíochas, a thíolaic an Coimisiún an 30 Eanáir 2026. D’aithin siad na dúshláin a leagadh béim orthu sa tuarascáil, lena n-áirítear ualaí riaracháin, rórialáil, agus na bacainní atá fós ann, mar atá na ‘deich mbacainn dhíobhálacha’. Luaigh siad freisin praghsanna arda fuinnimh, na costais a bhaineann leis an scéim trádála astaíochtaí agus spleáchais ar amhábhair chriticiúla. Mhol cuid mhór de na hairí go mbogfaí ar aghaidh ó straitéis agus go rachfaí i mbun gníomhaíochta, agus é sin a dhéanamh i mbliana.
D’iarr roinnt airí go nglacfaí go pras an 28ú córas maidir le dlí na gcuideachtaí, go gcruthófaí fíoraontas margaí caipitil, go ndéanfaí comhaontuithe trádála nua, agus go gcuirfí chun feidhme bearta faoin ngníomh um amhábhair chriticiúla, mar atá eastóscadh agus athchúrsáil amhábhar a bheidh bunaithe san Aontas. Tugadh rabhadh freisin i gcoinne ‘rórialáil’ (a chuireann isteach rialacha náisiúnta nach bhfuil gá leo) agus tugadh faoi deara go dtagann roinnt fadhbanna chun cinn sa mhargadh inmheánach mar gheall ar ghníomhaíochtaí na mBallstát.
Shainaithin na hairí earnálacha a bhfuil na spleáchais is tábhachtaí iontu agus nach mór aird ar leith a thabhairt orthu, mar shampla, na hearnálacha a bhaineann le cruach agus alúmanam, leathsheoltóirí, ceallraí, cógais nó gluaisteáin.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Pleananna éigeandála le haghaidh athléimneacht thionsclaíoch
Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir leis na pleananna éigeandála le haghaidh athléimneacht thionsclaíoch, an obair leantach ar na pleananna gníomhaíochta tionsclaíocha le haghaidh thionscail chruach, mótarfheithiclí agus cheimiceán na hEorpa faoin gcomhaontú maidir le tionsclaíocht ghlan.
Ba dhíol sásaimh d’fhormhór na n-airí na pleananna earnála atá beartaithe agus d’iarr siad go gcuirfí chun feidhme go pras iad, agus leag roinnt airí béim ar an ngá atá le reachtaíocht trasearnála, mar shampla ceanglais cheadaithe, a shimpliú. Sainaithníodh praghsanna arda fuinnimh mar cheist an-tábhachtach i dtaca le feabhas a chur ar an iomaíochas i ngach ceann de na trí earnáil.
Maidir le gluaisteáin, mhol tromlach na n-airí athbhreithniú a dhéanamh ar an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha agus ar an scéim trádála astaíochtaí, cé go raibh tuairimí éagsúla ann maidir leis na hathruithe a bhí ag teastáil. D’iarr roinnt toscaireachtaí go ndéanfaí athbhreithniú spriocdhírithe ar rialachán REACH agus thacaigh siad leis an bpacáiste gluaisteán agus leis an tsolúbthacht maidir le spriocanna CO2 i gcás feithiclí nua agus leis an straitéis treisithe ceallraí, cé go raibh tuairimí éagsúla ann maidir le tograí eile, cuir i gcás flíteanna gluaisteán corparáideacha. Maidir le ceimiceáin, bhí formhór na n-airí sásta leis an gcomhghuaillíocht ceimiceán. Maidir le cruach, ba chúis mhór imní é an rótháirgeadh atá a dhéanamh ag tríú tíortha, agus mhol a lán airí go mbainfí úsáid as ionstraimí cosanta trádála. Ina theannta sin, leag roinnt airí béim ar a riachtanaí atá sé dramh-mhiotal a choinneáil san Aontas agus margadh tánaisteach amhábhar a chruthú.
Ghlac na hairí Conclúidí ón gComhairle maidir le Clár Oibre 2030 do Thomhaltóirí, a thíolaic an Coimisiún an 19 Samhain 2025. Iarrtar sna conclúidí go neartófaí cosaint tomhaltóirí (go háirithe siopadóireacht ar líne), go gcuirfí tomhaltas inbhuanaithe chun cinn, go ndéanfaí forfheidhmiú níos fearr, agus go mbeadh comhar níos láidre ann idir na Ballstáit.
Tá cosaint tomhaltóirí agus an t-iomaíochas fite fuaite ina chéile. Chun tomhaltóirí a chosaint sa ré dhigiteach, ní mór dúinn dul i ngleic le cleachtais agus rioscaí díobhálacha ar líne, tomhaltas inbhuanaithe a chinntiú, agus forfheidhmiú thar theorainneacha a neartú. Is trí ghníomhaíocht dhaingean a dhéanamh sna réimsí sin an t-aon bhealach amháin is féidir linn margadh Eorpach níos cothroime, níos glaise agus níos sábháilte a thógáil do gach tomhaltóir.
Michalis Damianos, Aire Fuinnimh, Tráchtála agus Tionscail Phoblacht na Cipire
Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí maidir leis an gCiste Eorpach um Iomaíochas, ar gné thábhachtach í de bhuiséad fadtéarmach an Aontais do 2028-2034 (an creat airgeadais ilbhliantúil (CAI) atá ar na bacainn). Ba dhíol sásaimh do na Ballstáit Ciste Eorpach um Iomaíochas mar uirlis thábhachtach chun infheistíocht agus nuálaíocht a chur chun cinn. Mar sin féin, bhí plé ann maidir lenar cheart don chiste tús áite a thabhairt do thionscadail atá bunaithe ar bharr feabhais amháin nó ar cheart cothromaíocht gheografach a mheas freisin.
Leag a lán airí béim ar a riachtanaí atá sé go mbeadh an ciste soláimhsithe agus go gcuirfí treoir agus tacaíocht shonrach ar fáil do FBManna sna céimeanna uile a bhaineann leis an infheistíocht. Leag siad béim ar a thábhachtaí atá sé tacú le tionscadail ar fud an tslabhra soláthair ar fad. Ina theannta sin, leag a lán toscaireachtaí béim ar a thábhachtaí atá sé an Ciste Eorpach um Iomaíochas a nascadh go dlúth le Fís Eorpach - creat taighde agus nuálaíochta an Aontais - chun a chinntiú go leanfaí de bheith ag tacú le tionscadail nuálacha ó chéim na fréamhshamhla go cur in úsáid tionsclaíoch.
Leag roinnt toscaireachtaí béim ar a thábhachtaí atá sé go meallfaí infheistíocht phríobháideach leis an gCiste Eorpach um Iomaíochas agus go laghdófaí riosca leis. Mhol siad go mbeadh ról ag na bainc infheistíochta náisiúnta chun tacú le hinfheistíochtaí áitiúla agus go mbainfí leas as taithí a fuarthas le cláir infheistíochta, mar shampla clár reatha InvestEU, chun cuidiú le cistiú príobháideach a ghiaráil.
Is cuid lárnach de shlabhraí luacha uile an Aontais iad FBManna agus ní mór iad a chomhtháthú sna slabhraí luacha comhoibríocha taighde agus táirgthe ionas go mbeidh ár n-éiceachórais thionsclaíocha athléimneach agus éifeachtúil. Baineann ár n-iomaíochas le comhtháthú FBManna sa slabhra soláthair iomlán agus is féidir leis an gCiste Eorpach um Iomaíochas uirlisí níos simplí a chur ar fáil do FBManna chun gur féidir leo páirt a ghlacadh sa chlár agus fás.
Michalis Damianos, Aire Fuinnimh, Tráchtála agus Tionscail Phoblacht na Cipire
Comhúinéireacht a ghlacadh chun deireadh a chur le bacainní sa mhargadh aonair
Le linn an lóin, roinn na hairí tuairimí maidir le comhúinéireacht a ghlacadh chun deireadh a chur le bacainní sa mhargadh aonair. D’ullmhaigh Uachtaránacht na Cipire nóta chun an plé a threorú agus iarrtar ar na hairí a dtuairimí a roinnt maidir leis na saincheisteanna seo a leanas: Easnaimh ar thaobh an Choimisiúin agus freagrachtaí na mBallstát; an treochlár agus an plean gníomhaíochta le haghaidh Aon Eoraip Amháin, Aon Mhargadh Amháin; athchóirithe atá éasca le cur chun feidhme (na cinn is furasta) i seirbhísí lenar féidir feabhsuithe tapa infheicthe a dhéanamh i gcás gnólachtaí, sprioc-amanna ceangailteacha indéanta chun aghaidh a thabhairt ar na ‘deich mbacainn dhíobhálacha’ agus ar deireadh bearta spriocdhírithe d’earnálacha sonracha.
Rinne toscaireachtaí na Danmhairge agus na hÍsiltíre cur i láthair maidir le ‘Gníomh lárnach II de chuid an Aontais um an mBith-theicneolaíocht ar mhaithe le hEoraip iomaíoch’.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Chuir toscaireacht na Polainne na hairí ar an eolas faoin toradh a bhí ar chruinniú na comhghuaillíochta aireachta um thionscail dianfhuinnimh.
Rinne toscaireachtaí na Seicia, na hEastóine, na Fionlainne, na hÉireann agus na Laitvia cur i láthair do na hairí dar teideal ‘Is bunchloch de mhargadh aonair dea‑fheidhmiúil, athléimneach agus iomaíoch é beartas iomaíochta éifeachtach’.
Thug toscaireacht na Beilge eolas do na hairí ar iomaíochas tionsclaíoch a chosaint trí chur chuige pragmatach teicneolaíocht-neodrach faoi RED III.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.