Skip to content
  • An Chomhairle Iomaíochais

An Chomhairle Iomaíochais (an Margadh Inmheánach agus an Tionsclaíocht), 28 Bealtaine 2026

Na príomhthorthaí

<p>Michael Damianos, Aire Fuinnimh, Tráchtála agus Tionscail Phoblacht na Cipire</p>

Ar an iomlán, léiríodh sa phlé tiomantas láidir comhroinnte d’athléimneacht agus neamhspleáchas thionscail na hEorpa a neartú agus leas iomlán a bhaint as acmhainneacht an Mhargaidh Aonair ionas go leanfaidh sé de bheith ag freastal ar ghnólachtaí, ar oibrithe agus ar shaoránaigh ar fud na hEorpa.

<p>Michael Damianos, Aire Fuinnimh, Tráchtála agus Tionscail Phoblacht na Cipire</p>

Michael Damianos, Aire Fuinnimh, Tráchtála agus Tionscail Phoblacht na Cipire

Gníomh um Dhlús a chur leis an Tionsclaíocht

Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí maidir leis an nGníomh um Dhlús a Chur leis an Tionsclaíocht (GDT) i ndáil leis an mbealach is fearr chun rochtain ar an Margadh Aonair a ghiaráil trí thosaíocht Eorpach agus ceanglais ísealcharbóin. Is togra reachtach suaitheanta é an Gníomh um Dhlús a Chur leis an Tionsclaíoch (GDT). Is é is aidhm dó iomaíochas tionsclaíoch na hEorpa a neartú le go mbainfear amach an cuspóir maidir le 20% de OTI an Aontais a bheith ag teacht ón earnáil thionsclaíoch faoi 2035. Áirítear ann bearta mar shampla dlús a chur le ceadú, borradh a chur faoin éileamh ar tháirgí ísealcharbóin nó ar tháirgí atá ‘Déanta san Aontas’, agus infheistíocht choigríche a rialú. Ghlac an Coimisiún é an 4 Márta 2026.

Thacaigh tromlach na mBallstát le cuspóirí GDT agus le bearta tionscnaimh Eorpacha. Mar sin féin, chuir roinnt acu in iúl go raibh imní orthu faoi ilroinnt an mhargaidh (go sonrach maidir le ceanglais dícharbónaithe) agus faoi ualaí riaracháin méadaithe, go háirithe maidir le nósanna imeachta soláthar phoiblí agus ceadaithe. Bhí tuairimí éagsúla ann maidir le luas an chur chun feidhme: mhol cuid acu gníomhaíocht thapa chun tacú leis an tionscal, agus d’iarr cuid eile acu idirthréimhsí sách fada chun dul in oiriúint dó. Mhol roinnt airí GDT a leathnú le go gcumhdófaí earnálacha breise. Ar deireadh, cé gur athdhearbhaigh formhór na dtoscaireachtaí nach mór an geilleagar a choinneáil oscailte (ar mhaithe leis an trádáil agus an infheistíocht), chuir cuid acu in iúl nár cheart dó a bheith ró-oscailte toisc go bhféadfaí an bonn a bhaint den phrionsabal ‘Déanta san Eoraip’.

Rialachán maidir leis an 28ú Córas den Cheart Dlíthiúil Corparáideach: EU Inc

Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí ar an 28ú Córas den Chreat Dlíthiúil Corparáideach: EU Inc. Is togra reachtach é an 28ú Córas i leith EU Inc. lena ndéantar creat dhlí na gcuideachtaí atá roghnach agus lándigiteach lena gceadaítear do ghnólachtaí feidhmiú ar fud na 27 mBallstát trí úsáid a bhaint as foirm dhlíthiúil chomhchuibhithe aonair a bhfuil nósanna imeachta cuíchóirithe clárúcháin, rialachais agus díscaoilte bainteach leis. ‘EU inc.’ a thabharfar ar an gcineál nua cuideachta sin agus beifear in ann í a chruthú laistigh de 24 uair an chloig ar ardán atá go hiomlán digiteach agus gan ach €100 a íoc ar an bpróiseas sin.

Ba dhíol sásaimh do na hairí an togra sin agus leag siad béim ar na tairbhí a bhaineann le córas simplithe digiteach le haghaidh dlí na gcuideachtaí. Ag an am céanna, leag a lán toscaireachtaí béim ar an ngá atá le coimircí láidre chun calaois, imghabháil cánach agus sciúradh airgid a chosc. Leag roinnt toscaireachtaí béim ar a thábhachtaí atá sé an bunús dlí ceart a roghnú chun deimhneacht dhlíthiúil a chinntiú i réimsí mar shampla cánachas, íoschaipiteal nó dócmhainneacht. Leag roinnt toscaireachtaí béim ar a thábhachtaí atá sé rialacha náisiúnta a urramú i réimsí, cuir i gcás, cearta lucht saothair. Ar an iomlán, chuir formhór na dtoscaireachtaí in iúl go bhfuil siad tiomanta don togra tábhachtach sin a chur chun cinn agus sprioc na Comhairle Eorpaí a bhaint amach maidir leis an togra a fhormheas faoi dheireadh 2026.

Conclúidí maidir le ‘turasóireacht inbhuanaithe iomaíoch a thógáil don todhchaí’

Ghlac an Chomhairle conclúidí cuimsitheacha maidir le hearnáil turasóireachta inbhuanaithe iomaíoch a thógáil don 21ú haois. Cuimsítear sna conclúidí an ról ríthábhachtach eacnamaíoch atá ag an turasóireacht – is í is cúis le 7% d’oll-bhreisluach an Aontais, 10% de phoist, agus tacaíonn sí le 4.6 milliún gnólacht, FBManna den chuid is mó – agus tús aite á thabhairt don inbhuanaitheacht chomhshaoil, shóisialta agus eacnamaíoch.

<p>Kostas Koumis, Leas-Aire Turasóireachta Phoblacht na Cipire</p>

Tá an turasóireacht ina príomhspreagadh don fhás, don fhostaíocht agus don mhalartú cultúrtha ar fud an Aontais. Leagtar amach sna conclúidí bealach soiléir chun athléimneacht agus iomaíochas fadtéarmach na hearnála a chinntiú i ndomhan atá ag athrú go tapa.

<p>Kostas Koumis, Leas-Aire Turasóireachta Phoblacht na Cipire</p>

Kostas Koumis, Leas-Aire Turasóireachta Phoblacht na Cipire

An tionchar atá ag an ngéarchéim sa Mheánoirthear ar earnáil turasóireachta an Aontais

Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir leis na bealaí is fearr chun aghaidh a thabhairt ar an tionchar atá ag an ngéarchéim sa Mheánoirthear ar earnáil turasóireachta an Aontais, mar a leagtar amach sna bearta tacaíochta a tugadh isteach ar an leibhéal náisiúnta. Tá tionchar casta ag an ngéarchéim ar thurasóireacht na hEorpa ar dhá shlí: tá laghdú suntasach ag teacht ar an taisteal réigiúnach go laethúil agus tá borradh á chur faoin Eoraip mar rogha mhalartach ‘sábháilte’ chun taistil.

D’aithin na toscaireachtaí ar fad na dúshláin a bhfuil ar an earnáil aghaidh a thabhairt orthu – go háirithe FBManna – cé go raibh an tionchar sin éagsúil ar fud na mBallstát, agus go ndearnadh difear ar leith do Bhallstáit oileánacha agus d’oileáin. D’iarr a lán toscaireachtaí go dtabharfaí freagairt chomhordaithe Eorpach, comhroinnt faisnéise níos láidre san áireamh, agus tionscnaimh chun an Eoraip a chur chun cinn mar cheann scríbe taistil sábháilte.

Na príomhdhúshláin a bhfuil ar Thionscal Eorpach na gCeimiceán aghaidh a thabhairt orthu

Le linn an lóin, bhí díospóireacht neamhfhoirmiúil ag na hairí faoi na príomhdhúshláin a bhfuil ar thionscal Eorpach na gceimiceán aghaidh a thabhairt orthu. Ghlac Ard-Stiúrthóir na Comhairle Eorpaí um Thionscal na gCeimiceán (CEFIC), Marco Mensink, páirt sa phlé.

Aon ghnó eile

Faoi aon ghnó eile, cuireadh na hairí ar an eolas faoin 11 shaincheist seo a leanas:

  • Chuir Uachtaránacht na Cipire na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha i ndáil leis na tograí reachtacha seo a leanas:
  1. Deimhnithe forlíontacha cosanta
  2. Rialachán lena mbunaítear an Ciste Eorpach um Iomaíochas (CEI)
  3. Rialachán lena leasaítear an gníomh um amhábhair chriticiúla (CRMA)
  4. Rialachán maidir le ríomhdhearbhú le haghaidh oibrithe ar postú
  • Thíolaic an Coimisiún an teachtaireacht uaidh dar teideal ‘Creat Rialála AE Níos Simplí, Níos Soiléire a Fhorfheidhmítear ar Bhealach Níos Fearr’ a ghlac an Coimisiún an 28 Aibreán 2026, agus chuir Uachtaránacht na Cipire i láthair an obair shuntasach a rinneadh le linn a téarma i réimse an tsimplithe.
  • Rinne toscaireachtaí na Portaingéile agus na Laitvia cur i láthair ar an ábhar: Athbhreithniú ar an Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine (RGBD). Soiléiríodh cur i bhfeidhm praiticiúil na héifeachta dreasachta chun feabhas a chur ar dhálaí chun iomaíochas a mhéadú.
  • Thíolaic toscaireacht na Polainne, chomh maith le 25 thoscaireacht eile, páipéar leathoifigiúil comhpháirteach maidir leis an ngá straitéiseach atá le tacaíocht a thugtar faoi chuimsiú 'An Eoraip Agatsa – Comhairle' do líonra SOLVIT a leathnú.
  • Chuir toscaireacht na Fraince airí ar an eolas faoin méid a tharla ag an gcruinniú deireanach a bhí ag an gcomhghuaillíocht aireachta le haghaidh tionscail dianfhuinnimh.
  • Rinne toscaireachtaí na Bulgáire, na Seicia, na Gréige, na Polainne agus na Rómáine cur i láthair faoi Thionchar CTA AE ar Thionscail Dianfhuinnimh.
  • Chuir toscaireachtaí na hÍsiltíre, na Fionlainne, na Fraince, na Portaingéile agus na Sualainne na hairí ar an eolas faoin nGníomh Eorpach um Tháirgí mar bhunchloch an mhargaidh aonair.
  • Chuir toscaireachtaí na hÍsiltíre, na Spáinne agus na Slóvaice na hairí ar an eolas faoi na deacrachtaí a bhíonn ag gnóthais faoin rialachán ginearálta maidir le blocdhíolúine.
  • Léirigh an Coimisiún na forbairtí is déanaí a rinneadh ar an Straitéis maidir leis an Margadh Aonair agus na chéad chéimeanna eile atá beartaithe, bliain amháin i ndiaidh a seolta.
  • Chuir an Coimisiún i láthair an dréacht-athbhreithniú a rinneadh ar na treoirlínte le haghaidh cumasc a ghlac sé an 30 Aibreán.
  • D’fhógair toscaireacht na hÉireann tosaíochtaí na huachtaránachta inteachta i réimse na tionsclaíochta agus an mhargaidh inmheánaigh.

Míreanna ‘A’

Ghlac na hairí liosta na míreanna ‘A’.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iomaíochais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 1 Meitheamh 2026