"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Iomaíochais (An taighde agus an spás), 29 Bealtaine 2026
Na príomhthorthaí
An Pacáiste Fís Eorpach
Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí maidir leis na bearta reachtacha a bhaineann leis an 10ú clár réime um thaighde agus um nuálaíocht 2028-2034, ar a dtugtar an pacáiste Fís Eorpach freisin. Is é Fís Eorpach príomhchlár cistiúcháin an Aontais i dtaca leis an taighde agus an nuálaíocht. An 16 Iúil 2025, chuir an Coimisiún Eorpach a thogra ar aghaidh le haghaidh an 10ú clár réime, lena ngabhann buiséad €175 bhilliún, mar chuid de chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) 2028-2034.
Agus sinn ag teannadh le deireadh Uachtaránacht na Cipire, chuir na hairí treoir ar fáil don chaibidlíocht chun teacht ar sheasamh ón gComhairle maidir le téacs reachtach Fís Eorpach. Thacaigh an chuid is mó de na toscaireachtaí leis na leasuithe a rinneadh eadhon chun a chinntiú go mbeadh na Ballstáit rannpháirteach luath go maith i socrú thosaíochtaí an chláir. Leag roinnt de na toscaireachtaí béim ar a thábhachtaí atá rialachas comhordaithe idir an Ciste Eorpach um Iomaíochas (CEI) agus Fís Eorpach chun turas infheistíochta rianúil a chinntiú. Cé go dtuigeann na Ballstáit gurb é barr feabhais treoirphrionsabal an chláir réime, níl siad ar aon dul faoin gcaoi is ceart bearta cothroma um fhairsingiú a bhaint amach. Athdhearbhaíodh i malartú an lae inniu go bhfuil an plé maidir le Fís Eorpach, faoi Uachtaránacht na Cipire, ar chonair an chóineasaithe.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Moladh ón gComhairle maidir leis an taidhleoireacht eolaíochta
Ghlac na hairí moladh maidir le creat nua de chuid an Aontais Eorpaigh don taidhleoireacht eolaíochta a leagan síos. Is é is aidhm don chreat sin seasamh an Aontais mar cheannaire domhanda san eolaíocht agus sa teicneolaíocht a neartú, agus comhar eolaíoch a úsáid chun cuspóirí beartais eachtraigh an Aontais a chur chun cinn.
I ré a shainítear leis an ilroinnt gheopholaitiúil agus leis an athrú tapa teicneolaíoch, ní haon iarracht fhorimeallach í an taidhleoireacht eolaíochta a thuilleadh – is riachtanas straitéiseach lárnach í. Is trí theanga uilíoch na heolaíochta, agus trí thiomantas do chomhar oscailte ach slán, is féidir leis an Aontas Eorpach ní hamháin a leasanna agus a luachanna féin a chur chun cinn, ach domhan níos síochánta, níos rathúla agus níos inbhuanaithe a chruthú freisin; Aontas uathrialach atá oscailte don domhan.
Nicodemos Damianou, Leas-Aire Taighde, Nuálaíochta agus Beartais Dhigitigh Phoblacht na Cipire
Cuireadh na hairí ar an eolas faoin tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le Gníomh AE um an Spás, togra reachtach a tíolacadh an 25 Meitheamh 2025 agus darb aidhm creat comhchuibhithe a thabhairt isteach le haghaidh gníomhaíochtaí spáis ar fud an Aontais. Leis an nGníomh um an Spás, féachtar leis an tsábháilteacht, an athléimneacht agus an inbhuanaitheacht comhshaoil a neartú, agus iomaíochas earnáil spáis an Aontais a fheabhsú ag an am céanna. Leagtar amach sa tuarascáil an dul chun cinn a rinneadh faoi Uachtaránacht na Cipire maidir leis an obair i dtreo seasamh ón gComhairle a chur chun cinn.
Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí maidir leis an spás don tslándáil eacnamaíoch. Pléadh cé mar is féidir le cumais spáis slándáil eacnamaíoch agus iomaíochas na hEorpa a neartú i bhfianaise na rioscaí domhanda atá ag dul i méid, agus cé mar is fearr gnéithe sibhialta, tráchtála agus slándála den bheartas spáis a chomhtháthú agus oscailteacht agus nuálaíocht á gcoinneáil ag an am céanna.
Aon Ghnó Eile
Chuir toscaireacht na Fraince na hairí ar an eolas faoin gCruinniú Mullaigh Idirnáisiúnta maidir leis an Spás a bheidh ar siúl i Grand Palais Pháras na Fraince an 9 agus an 10 Meán Fómhair 2026
Chuir Uachtaránacht na Cipire na hairí ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta sa chaibidlíocht maidir leis an gcuid sin den Chiste Eorpach um Iomaíochas a bhaineann leis an spás agus faoin dul chun cinn atá déanta i ndáil leis an togra le haghaidh rialachán maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Sheirbhísí Spáis
Chuir toscaireacht na hÉireann príomhthosaíochtaí a huachtaránachta féin i láthair i réimse an bheartais spáis
Chuir Josef Aschbacher, Ard-Stiúrthóir na Gníomhaireachta Eorpaí Spáis, na hairí ar an eolas faoin gClár um Athléimneacht na hEorpa i leith an Spáis
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.