Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Comhairle na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 17/02/2015, 17 Feabhra 2015

Na príomhthorthaí 

Plean infheistíochta don Eoraip  

Phléigh an Chomhairle Togra lena mbunófar ciste Eorpach le haghaidh infheistíochtaí straitéiseacha, lena gcuirfear ar a laghad €315bn ar fáil, meastar, don infheistíocht phríobháideach agus phoiblí. 

Dheimhnigh an Uachtaránacht pleananna chun teacht ar chomhaontú sa Chomhairle i mí Mhárta 2015, lenar cheart go mbeifí in ann tús a chur le hinfheistíochtaí nua faoi lár na bliana 2015. 

"Tacaíodh inniu i gcoitinne leis an gcur chuige atá á mholadh againn le tamall maidir le roinnt saincheisteanna mórthábhachta", a dúirt Jānis Reirs, Aire Airgeadais na Laitvia agus Uachtarán na Comhairle. “I bhfianaise a raibh le rá ag na hAirí, beidh céad togra comhréitigh á eisiúint anois againn.” 

A bhfuil i ndán don fhás agus na míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha   

Phléigh an Chomhairle na hionchais fáis agus na míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha faoin “Seimeastar Eorpach”, próiseas bliantúil an Aontais Eorpaigh maidir le faireachán a dhéanamh ar bheartais

Ghlac sí Conclúidí, mar chuid den phróiseas lena mbeidh moltaí a bhaineann go sonrach le tíortha faoi leith á ndéanamh leis na Ballstáit i mí Iúil 2015. 

Buiséad an Aontais Eorpaigh   

Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir leis na tosaíochtaí don chaibidlíocht a dhéanfar le Parlaimint na hEorpa faoi bhuiséad an Aontais do 2016, agus mhol sí go dtabharfadh Parlaimint na hEorpa urscaoileadh don Choimisiún maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais do 2013

Thairis sin, chuir Cathaoirleach an Ghrúpa, Mario Monti, an chéad tuarascáil mheasúnaithe i láthair ón ngrúpa ardleibhéil atá i mbun athbhreithniú ar an gcóras acmhainní dílse do bhuiséad an Aontais. 

Comhaid na gcruinnithe

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025