Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Comhairle na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 10/03/2015, 10 Márta 2015

Sa chomhthéacs reatha eacnamaíoch, tá tuiscint shoiléir ann gur gá infheistíochtaí nua a chur chun cinn san Eoraip go gasta.   Jānis Reirs, Aire Airgeadais na Laitvia

Na príomhthorthaí

Plean infheistíochta don Eoraip

Chomhaontaigh an Chomhairle a seasamh caibidlíochta maidir le Ciste Eorpach le haghaidh infheistíochtaí straitéiseacha, rud a d'fhág go bhféadfar idirbheartaíocht a thosú le Parlaimint na hEorpa gan mhoill.

Tá an ciste mar chuid de phlean arb éard is aidhm leis infheistíocht phríobháideach agus phoiblí a spreagadh ar mó ná EUR 315 billiún a luach, rud a chabhróidh leis an téarnamh eacnamaíoch, le cruthú post agus leis an bhfás agus an iomaíochas fadtéarmach.

Is é an aidhm atá ann teacht ar chomhaontú foriomlán faoi mhí an Mheithimh, ionas go bhféadfar tús a chur le hinfheistíochtaí nua chomh luath agus faoi lár na bliana 2015.

"Tá tacaíocht láidir pholaitiúil ann i measc na mBallstát don tionscnamh seo", arsa Jānis REIRS, Aire Airgeadais na Laitvia agus Uachtarán na Comhairle. "Sa chomhthéacs reatha eacnamaíoch, tá tuiscint shoiléir ann gur gá infheistíochtaí nua a chur chun cinn san Eoraip go gasta."

Nós imeachta maidir le heasnamh iomarcach don Fhrainc

Thug an Chomhairle dhá bhliain bhreise don Fhrainc chun a heasnamh rialtais a thabhairt faoi bhun 3% den OTI, agus d'iarr sí go gceartófaí an t-easnamh faoi 2017.

Mheas an Chomhairle gur cheart an síneadh a chur leis an spriocdháta i bhfianaise na hiarrachta buiséadaí a rinne an Fhrainc ó 2013, agus i bhfianaise na lagstaide eacnamaíche atá ann faoi láthair agus fachtóirí eile.

D’iarr an Chomhairle ar an bhFrainc na bearta a comhaontaíodh do 2015 a chur chun feidhme go hiomlán, agus iarradh go ndéanfaí iarracht bhuiséadach bhreise faoi dheireadh mhí Aibreáin.

An tAontas Baincéireachta

Rinne an Chomhairle athbhreithniú ar chur chun feidhme Aontas Baincéireachta na hEorpa, go sonrach a mhéid a bhaineann le hionstraimí chun déileáil leis an téarnamh agus le réiteach na mbanc sin atá i mbéal cliseadh.

Iarradh ar na Ballstáit dlús a chur le daingniú an chomhaontaithe idir-rialtasaigh maidir leis an gciste aonair réitigh, agus Treoir an Aontais maidir le téarnamh agus réiteach na mbanc a chur chun feidhme.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025