- An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Comhairle na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 14-17/11/2014, 14-17 Samhain 2014
Cuirfear tús an athuair le cainteanna faoi bhuiséad an Aontais leis an togra nua ón gCoimisiún
Ag an gcruinniú a bhí ar siúl an 17 Samhain, d'aontaigh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa go raibh gá le tuilleadh plé ionas go bhféadfadh an dá institiúid teacht ar chomhaontú maidir le buiséad AE do 2015 agus maidir leis na bealaí chun aghaidh a thabhairt ar na híocaíochtaí atá fós gan íoc i mbuiséad 2014.
"Leis na cainteanna idir-réitigh bhíomar in ann an bearna idir ár seasaimh a laghdú, agus leis sin ba cheart go mbeimis in ann leanúint leis na cainteanna ar bhonn togra nua ón gCoimisiún", arsa Enrico Zanetti, Aire Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais na hIodáile.
Chuaigh an tréimhse idir-réitigh de 21 lá in éag an 17 Samhain, ar tréimhse í ina raibh ar an gComhairle agus ar Pharlaimint na hEorpa teacht ar chomhaontú maidir le buiséad na bliana seo chugainn, agus beidh ar an gCoimisiún Eorpach togra nua chur isteach maidir le buiséad 2015.
Más rud é nach dtiocfaidh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú go dtí tús 2015, beidh feidhm ag córas 'na ndóú codanna déag sealadacha': gach mí, le haghaidh gach caibidil den bhuiséad, d'fhéadfaí suim nach mó ná an dóú cuid déag de leithreasaí bhuiséad 2014, nó den dréacht-bhuiséid a mhol an Coimisiún, cibé acu is lú, a chaitheamh.
Tá €135.50 billiún i leithreasaí íocaíochta i mbuiséad AE 2014, mar a glacadh é agus €142.64 billiún i leithreasaí gealltanais.
Bhí seasaimh éagsúla ag an dá institiúid maidir le roinnt príomh-shaincheisteanna lena n-áirítear an cheist faoin gcaoi chun déileáil leis na híocaíochtaí gan íoc do 2014. Le linn na gcainteanna, d'aontaigh an Chomhairle go bhféadfaí an corrlach teagmhasach a úsáid chun íocaíochtaí atá fós gan íoc ó 2014 a mhaoiniú.
Is é is corrlach teagmhasach ann sásra nua dá bhforáiltear sa rialachán maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil do 2014-2020, agus úsáidfear é mar rogha dheiridh. Mhéadófaí leis an uasteorainn íocaíochta CAI don bhliain reatha, agus dhéanfaí an méadú sin a fhritháireamh le laghdú comhfhreagrach in uasteorainneacha íocaíochta CAI do na blianta ina dhiaidh sin.
Do bhuiséad AE 2015, mhol an Chomhairle leibhéal leithreasaí a shainiú ionas go gcuirfear san áireamh bacainní buiséadacha atá os comhair na mBallstát, agus chun díriú ar bhearta lena gcuirtear fás agus fostaíocht chun cinn.
Mhol an Chomhairle gurb ionann leibhéal iomlán na n-íocaíochtaí agus €140.77 billiún, méadú de 3.9% i gcomparáid le buiséad 2014. B'ionann méadú a beartaíodh in íocaíochtaí le haghaidh gníomhaíochtaí amhail taighde, nuálaíocht agus oideachas agus 26.6% nó €3.0 billiún. Mhol an Pharlaimint méadú de 8.1% sna híocaíochtaí (agus leis sin ba é €146.42 billiún an tsuim iomlán). Ba €144.63 billiún an leibhéal iomlán a beartaíodh maidir le leithreasaí gealltanais, is é sin le rá 1.4% níos airde ná 2014.
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Patrick McCullough Press officer
- +32 471 33 38 46
- +32 2 281 91 19
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #ECOFIN
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025