Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Comhairle na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 09/12/2014, 9 Nollaig 2014

Faigheann Plean Infheistíochta an Aontais tacaíocht ón gComhairle

Cruinniú an 9 Nollaig sa Bhruiséil, Thug airí airgeadais an Aontais tacaíocht faoi leith do phlean infheistíochta an Choimisiúin ar fiú €315 billiún é a fógraíodh le déanaí. D'fhormheas siad dhá bheart freisin chun calaois chánach agus seachaint cánach a chomhrac, agus tháinig siad ar chomhaontú maidir le modh ríomha na n-íocaíochtaí leis an gciste aonair réitigh.

Plean Infheistíochta na hEorpa

D'éist an Chomhairle le cur i láthair ón gCoimisiún agus ón mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) maidir le hobair thascfhórsa, a bunaíodh san fhómhair chun tionscadail infheistíochta a d'fheadfadh a bheith ann a shainaithint.

Is éard a bheidh i gceist le plean infheistíochta an Choimisiúin ar fiú €315 billiún é, a nochtadh i mí na Samhna, ciste nua Eorpach a bhunú don infheistíocht straitéiseach laistigh de ghrúpa BEI san Earrach in 2015. Beidh an ciste fothaithe ar ráthaíocht €16 billiún ó bhuiséad AE agus €5 billiún ó BEI.

Tá an ciste dírithe ar acmhainneacht rioscúil ar féidir léi infheistíocht a oscailt agus tacú le maoiniú riosca do FBManna.

Tar éis malartú tuairimí ag an tús, thug airí airgeadais an Aontais tacaíocht faoi leith don phlean infheistíochta. Tá an Chomhairle ag súil le togra reachtach a thabharfadh an plean seo chun beatha.

Iarrfar ar an gComhairle Eorpach, ag teacht le chéile dóibh an 18-19 Nollaig, é a fhormheas.

Na chéad chéimeanna eile

Seolfaidh Uachtaránacht na hIodáile ar an gComhairle achoimre ar an bplé seo chuig Uachtarán na Comhairle Eorpach.

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún togra reachtach a thíolaic i mí Eanáir 2015. Tá sé beartaithe é a ghlacadh faoi mhí an Mheithimh 2015.

Calaois chánach agus seachaint cánach a chosc

Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil maidir le clásal frith-úsáid a chur isteach i dtreoir máthairchuideachtaí-fochuideachtaí an Aontais. Cuirfear ceanglas ar na Ballstáit leis sin gan tairbhí na treorach a thabhairt do shocruithe corparáideacha a chuirtear i bhfeidhm chun buntáiste cánach a fháil agus ní léirítear an réadúlacht eacnamaíoch leo. Glacfar an treoir leasaitheach ag an chéad chruinniú eile de chuid na Comhairle gan a thuilleadh plé.

Beidh go dtí an 31 Nollaig an na Ballstáit an leasú seo a thrasuí sa dlí náisiúnta.   

Ghlac an Chomhairle treoir freisin, lena leathnófar malartú éigeantach uathoibríoch faisnéise idir na húdaráis náisiúnta cánach chun seachaint cánach a chosc i measc coigilteoirí príobháideacha.

Tá sé beartaithe leis an treoir staideanna a réiteach ina ndéanann cáiníocóir iarracht caipiteal nó sócmhainní a cheilt thar lear chun an cháin dlite a sheachaint. Cuirtear caighdeán domhanda chun feidhme leis arna fhorbairt ag ECFE agus arna fhormhuiniú ag G20.

Tabharfaidh na Ballstáit aghaidh ar fhaisnéis a mhalartú go huathoibríoch faoin treoir leasaithe  faoi dheireadh mhí Mheán Fómhair 2017

An t-aontas baincéireachta: ciste aonair réitigh

Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil maidir le dréachtrialachán chun na híocaíochtaí a bheidh le n-íoc ag na bainc le ciste aonair réitigh AE a ríomh. Tá an ciste á bhunú faoi shásra aonair réitigh, a bunaíodh chun réiteach ordúil na mbanc atá ag cliseadh orthu a áirithiú. 

Beidh ranníocaíochtaí bliantúla ó na bainc agus ríomhfar iad bunaithe ar dhliteanais na mbanc, gan chistí dílse agus taiscí cumhdaithe bheith san áireamh, agus coigeartaithe do riosca. 

Nithe eile atá ar an gclár oibre 

Cáin ar Idirbhearta Airgeadais (FTT)

Phléigh an Chomhairle an staid mar atá maidir le togra chun cáin ar idirbhearta airgeadais (FTT) a thabhairt isteach i 11 Bhallstát trí nós imeachta 'an chomhair fheabhsaithe'. Thug an uachtaránacht tuarascáil uaithi maidir leis an dul chun cinn a rinneadh le linn a téarma, ina leagtar amach tuairimí maidir leis an mbealach a d'fhéadfadh an chéad uachtaránacht eile plé leis an sainchomhad amach anseo.  

Rialachas eacnamaíoch 

Sheol an Chomhairle a próiseas bliantúil um chomhordú beartais. Thíolaic an Coimisiún an Suirbhé Bliantúil Fáis do 2015, ina mholtar gníomhaíochtaí tosaíochta a bheidh le cur i gcrích ag na Ballstáit lena áirithiú go mbeidh beartais éifeachtacha i bhfeidhm acu atá oiriúnach don fhás eacnamaíoch inbhuanaithe.  

Thíolaic sé freisin an tuarascáil maidir leis an sásra foláirimh ina léirítear go bhfuil anailís bhreise ag teastáil maidir leis an staid eacnamaíoch i 16 Bhallstát: An Bheilg, an Bhulgáir, an Chróit, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ungáir, Éire, an Iodáil, an Ísiltír, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin, an Spáinn, an tSualainn agus an Ríocht Aontaithe.   

Phléigh an Chomhairle freisin athbhreithniú ar athchóirithe a rinneadh in 2011 agus 2013 ar creat rialachais eacnamaíoch AE, lena n-áirítear an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis.

Comhaid na gcruinnithe

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025