Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Comhairle na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 12 Bealtaine 2015

Na príomhthorthaí

Míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha agus athchóirithe struchtúracha

Mhéadaigh díospóireacht na nAirí inniu an fheasacht ghinearálta faoin ngá atá le dul i ngleic gan mhoill leis na dúshláin bheartais ar leith atá i ngach Ballstát.
Jānis Reirs, Aire Airgeadais na Laitvia

Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le grinn-athbhreithnithe ar mhíchothromaíochtaí eacnamaíocha sna Ballstáit, ina léirítear go follasach go bhfuil gá le tiomantas láidir d'athchóirithe struchtúracha.
Phléigh sí cur chun feidhme na moltaí a bhaineann go sonrach le tíortha faoi leith faoin “Seimeastar Eorpach” .i. próiseas bliantúil an Aontais le faireachán a dhéanamh ar bheartais.

“Is follas gur féidir cur chun feidhme na moltaí a fheabhsú”, a dúirt Jānis Reirs, Aire Airgeadais na Laitvia agus Uachtarán na Comhairle. "Mhéadaigh díospóireacht na nAirí inniu an fheasacht ghinearálta maidir leis an ngá atá le dul i ngleic gan mhoill leis na dúshláin bheartais aonair atá i ngach Ballstát", ar sé.

Inbhuanaitheacht airgeadais phoiblí — tuarascáil 2015 faoin aosú

Phléigh an Chomhairle na réamh-mheastacháin don tréimhse 2013-60 do na Ballstáit, a mhéid a bhaineann leis an gcaiteachas aois-bhunaithe, ar bhonn tuarascála agus sonraí déimeagrafacha.
Ghlac sí conclúidí, ina léirítear go follasach gur gá go n-íoslaghdófar aon tionchar diúltach ar an bhfás eacnamaíoch ó na forbairtí caiteachais a bhaineann le haosú. Is é a mholtar sna conclúidí go leanfar den ghníomhaíocht bheartais, go háirithe na córais pinsean agus sláinte a athchóiriú, mar aon leis an gcúram fadtéarmach.

Plean Infheistíochta don Eoraip  

Phléigh an Chomhairle an dul chun cinn atá déanta sa chaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa faoin togra maidir le Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS).
Coinneoidh an Uachtaránacht uirthi ag caibidliú thar ceann na Comhairle, agus é mar aidhm aici an chaibidlíocht a thabhairt chun críche faoi dheireadh mhí na Bealtaine. Má ghlactar Rialachán CEIS i mí an Mheithimh, féadfar tosú le hinfheistíocht nua a dhéanamh go moch luath i lár na bliana 2015, faoi mar a beartaíodh.
Le CEIS cuideofar le tionscadail i raon fairsing réimsí, lena bhfeabhsófar acmhainneacht glactha riosca ionas go spreagfar rannpháirtíocht na n-infheisteoirí príobháideacha. Is gné lárnach é sin i bplean EUR 315 billiún an Choimisiúin .i.‘Plean Infheistíochta don Eoraip’.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025