- An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Comhairle na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 27/01/2015, 27 Eanáir 2015
Na príomhthorthaí
Plean infheistíochta don Eoraip
Phléigh an Chomhairle togra lena mbunófar ciste Eorpach le haghaidh infheistíochtaí straitéiseacha, a chuirfidh ar a laghad €315bn ar fáil d'infheistíocht phríobháideach agus phoiblí.
Dheimhnigh an Uachtaránacht go dtiocfar ar chomhaontú i mí an Mhárta 2015, ionas go bhféadfar infheistíochtaí nua a dhéanamh faoi lár na bliana 2015.
Tá an togra seo ina chloch coirnéil ag an bplean infheistíochta don Eoraip agus tá sé mar mhórthosaíocht ag Uachtaránacht na Laitvia Jānis Reirs, Aire Airgeadais na Laitvia
"Tá an togra seo ina chloch coirnéil ag an bplean infheistíochta don Eoraip agus tá sé mar mhórthosaíocht ag Uachtaránacht na Laitvia" arsa Jānis Reirs, Aire Airgeadais na Laitvia agus Uachtarán na Comhairle. "Tá spriocdháta uaillmhianach leagtha síos ag an gComhairle Eorpach, ach táimid dóchasach go mbeimid ábalta é a bhaint amach."
Tacaíocht mhacra-airgeadais don Úcráin
Phléigh na hAirí togra ón gCoimisiún maidir le tacaíocht mhacra-airgeadais de suas le €1.8 billiún a chur ar fáil don Úcráin. Dheimhnigh an Uachtaránacht go gcaithfí an cinneadh sin a ghlacadh go pras.
"Leis an méid atá tithe amach ar bhonn polaitiúil, caithfidh an tAontas bheith in ann tacaíocht a chur ar fáil" ar an Uasal Reirs.
Is i bhfoirm iasachtaí meántéarmacha a bheadh an tacaíocht sin ar fáil, agus dháilfí é i dtrí thráthchuid. Chlúdódh sé an maoiniú seachtrach atá de dhíth ar an Úcráin in 2015-16.
Sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta
Thacaigh an Chomhairle le comhaontú ar thángthas air le Parlaimint na hEorpa maidir le rialacha nua chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc.
Tháinig an Uachtaránacht ar chomhaontú leis an bParlaimint i mí na Nollag 2014. Mar thoradh air sin, beifear in ann an pacáiste a ghlacadh ar an dara léamh.
D'eisigh an Chomhairle agus an Coimisiún ráiteas i ndiaidh na n-ionsaithe sceimlitheoireachta i bPáras le déanaí, ina luaitear go gcaithfear gníomh cinntitheach a dhéanamh in éadan maoiniú sceimhlitheoireachta.
Luaitear sa ráiteas go gcaithfear an méid a leanas a dhéanamh chun cur le héifeachtúlacht na rialacha nua:
- dlús a chur le cur chun feidhme na rialacha sin ar an leibhéal náisiúnta;
- an comhar idir aonaid faisnéise airgeadais na mBallstát a threisiú agus iad ag dul i ngleic le maoiniú na sceimhlitheoireachta;
- dul i ngleic le maoiniú na sceimhlitheoireachta, trí mheasúnú riosca fornáisiúnta an Aontais.
Dul i ngleic le seachaint cánach corparáide
Leasaigh an Chomhairle Treoir na Máthairchuideachtaí agus na bhFochuideachtaí, trí chlásal frith-mhí-úsáide a chur isteach, d'fhonn cosc a chur ar ghrúpaí corparáide cáin a sheachaint agus dul i mbun pleanála ionsaithí cánach.
Is é is aidhm dó bac a chur ar mhí-úsáid na treorach, agus a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go comhsheasmhach an treoir sna Ballstáit éagsúla. Leis an gclásal frith-mhí-úsáide, beidh cosc ar na Ballstáit na sochair a ghabhann leis an treoir a dheonú do shocruithe nach "fíorshocruithe" iad, is é sin le rá, socruithe a rinneadh ar mhaithe le buntáiste cánach a bhaint amach, nach léiríonn fírinne an scéil i ndáiríre.
"Is é seo an dara mórathrú atá déanta againn ar threoir na Máthairchuideachtaí agus na bhFochuideachtaí" arsa an Uasal Reirs. "Is príomhthosaíocht ag an Aontas é, agus go deimhin féin is príomhthosaíocht idirnáisiúnta é, dul i ngleic le cuideachtaí ilnáisiúnta agus iad ag iarraidh cáin a sheachaint".
Comhaid na gcruinnithe
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Patrick McCullough Press officer
- +32 471 33 38 46
- +32 2 281 91 19
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #ECOFIN
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025