Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Comhairle na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 27/01/2017, 27 Eanáir 2017

Príomhthorthaí

Na hionchais fáis agus na míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha

Phléigh an Chomhairle na hionchais fáis agus na míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha faoin ‘Seimeastar Eorpach’, próiseas bliantúil an Aontais Eorpaigh maidir le faireachán a dhéanamh ar bheartais.

Ghlac an Chomhairle Conclúidí agus formheasadh dréacht-mholadh maidir le beartais eacnamaíochta an limistéir euro.

“Iarraimid ar na Ballstáit a seacht ndícheall a dhéanamh chun fáinne óir a chruthú i ndáil le borradh a chur faoin infheistíocht, athchóirithe struchtúracha a shaothrú agus beartais fhioscacha fhónta a áirithiú”, a dúirt Edward Scicluna, Aire Airgeadais Mhálta agus Uachtarán na Comhairle. “Is iad sin ár dtosaíochtaí beartais do 2017 agus beidh an suirbhé bliantúil fáis ón gCoimisiún mar threoir dúinn nuair a bheidh ár gcláir náisiúnta á dtarraingt suas againn san earrach.”

D’aontaigh an Chomhairle i gcoitinne leis an anailís a leag an Coimisiún amach ina shuirbhé bliantúil fáis. Maidir leis na míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha, tá an Coimisiún chun ‘grinn-athbhreithnithe’ a fhoilsiú i mí Feabhra i ndáil leis an staid i dtrí cinn déag de Bhallstát.

Cuirfear an dréacht-mholadh don limistéar euro faoi bhráid na Comhairle Eorpaí, ag féachaint lena ghlacadh i mí an Mhárta.

Acmhainní dílse buiséadacha an Aontais 

Ba é iar-Choimisinéir AE agus iar-Phríomh-Aire na hIodáile Mario Monti, a bhí mar chathaoirleach ar ghrúpa ardleibhéil a d’fhéach ar acmhainní dílse buiséadacha an Aontais, a chuir tuarascáil deiridh agus moltaí an ghrúpa faoi bhráid na nAirí.

Leis an tuarascáil sin ón ngrúpa tabharfar ionchur maidir le tuairim an Choimisiúin maidir le hathchóiriú ar an gcóras acmhainní dílse don tréimhse tar éis 2020.

Sa tuarascáil uaidh, molann an grúpa ardleibhéil:

  • go ndíreofaí ar chaiteachas ar bheartais de chuid an Aontais lena dtabharfaí an méid is mó breisluacha;
  • go dtabharfaí foinsí nua ioncaim isteach a bheadh nasctha go díreach leis an ngné Eorpach;
  • go gcomhlánófaí ríomhanna ar ghlan-iarmhéid buiséadach le measúnú costais is tairbhí.

“Bhí plé fónta ann mar gheall ar an gcur i láthair ó Mario Monti. Tá súil agam go mbeidh na pointí éagsúla a rinne na hAirí inniu ina gcabhair don Choimisiún agus é ag cur tús le machnamh ar athchóiriú a d’fhéadfadh a bheith ann ar na rialacha maidir le hacmhainní dílse”, a dúirt an tUasal Scicluna.

Clár na hUachtaránachta 

Phléigh an Chomhairle clár oibre Uachtaránacht Mhálta maidir le gnóthaí eacnamaíocha agus airgeadais go dtí mí Mheithimh 2017.

Leis an gclár cumhdaítear seirbhísí airgeadais, rialachas eacnamaíoch, infheistíocht, cánachas agus buiséad an Aontais.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025