- An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Comhairle na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 06/12/2016, 6 Nollaig 2016
Na príomhthorthaí
Seachaint cánach corparáide: Neamhréireachtaí hibrideacha
Rinne an Chomhairle tuilleadh dul chun cinn maidir le seachaint cánach corparáide a chosc, agus tháinig sí ar chomhaontú ginearálta maidir le dréacht-treoir lena ndírítear ar na ‘neamhréireanna hibrideacha’ atá ann le córais chánach tríú tír a dhúnadh síos.
Chomhaontaigh an Chomhairle, i ndiaidh dianphlé, faoi théacs a bheidh cobhsaí le haghaidh formhór na bhforálacha, agus gan ach dhá shaincheist fágtha le réiteach sna seachtainí amach romhainn: rialacha a chuirfeadh ar chumas na mBallstát díolúintí teoranta a chur i bhfeidhm agus dáta an chur chun feidhme.
“Leis an treoir seo coiscfear cáiníocóirí corparáideacha ó dhifríochtaí idir dlínsí cánach a shaothrú d’fhonn a ndliteanas cánach foriomlán a laghdú”, a dúirt Peter Kažimír, Aire Airgeadais na Slóvaice agus Uachtarán na Comhairle. “Tá socruithe den sórt sin forleathan agus mar thoradh orthu sin déantar creimeadh substaintiúil ar bhoinn inchánacha na gcáiníocóirí corparáideacha san Aontas Eorpach”.
Cruthú is ea an obair atá ar siúl anseo againn go bhfuilimid dáiríre faoi na cleachtais chánacha atá neamhdhleathach a chomhrac ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal domhanda, i gcomhordú agus i gcomhar le G-20 agus ECFE”, ar sé.
Plean Infheistíochta don Eoraip
Chomhaontaigh an Chomhairle a seasamh maidir le togra chun saolré an Chiste Eorpaigh le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS) a shíneadh, ar tionscnamh suaitheanta de chuid an Aontais Eorpaigh é faoina 'Plean Infheistíochta don Eoraip.
Tháinig sí ar chomhaontú maidir le síneadh a chur leis an gCiste ó thaobh saolré agus acmhainn airgeadais, agus sprioc infheistíochta de 500 billiún euro aige le haghaidh 2020. Tugtar isteach, leis an togra seo freisin, roinnt feabhsuithe oibríochtúla chun na ceachtanna a foghlaimíodh ó chéad bhliain an chur chun feidhme a thógáil ar bord.
Rachfar i mbun cainteanna le Parlaimint na hEorpa a luaithe a bheidh comhaontú déanta ag an bParlaimint maidir lena seasamh caibidlíochta.
“Is iomaí dúshlán atá os comhair na hEorpa ar na saolta seo, agus tá an gá atá ann le borradh a chur faoin infheistíocht ar cheann acu. Ní mór dúinn ár bpáirt a imirt”, a dúirt an tUasal Kažimír. “Ciallaíonn comhaontú an lae inniu go bhfuil ceann dár bpríomhthosaíochtaí á chomhlíonadh againn, i gcomhréir le Treochlár na Bratasláive a comhaontaíodh i mí Mheán Fómhair. Is céim ríthábhachtach é ar an mbóthar amach romhainn.”
“Creidim gur cheart dúinn gabháil le CEIS a bheidh níos mó, níos cliste agus níos éifeachtaí ag a mbeidh tacaíocht ó aontas deafheidhmiúil margaí caipitil”, ar sé.
Ghlac an Chomhairle conclúidí freisin maidir le bacainní ar infheistíocht, téama lárnach eile sa phlean infheistíochta.
D’iarr sí ar an gCoimisiún bacainní infheistíochta a chur san áireamh ina chuid moltaí maidir le beartais eacnamaíocha, agus d’iarr sí go gcuirfeadh na Ballstáit chun feidhme iad ina n-iomláine.
Cánachas: Faisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil
Ghlac an Chomhairle Treoir lena dtugtar rochtain d’údaráis chánach ar fhaisnéis atá i seilbh údarás atá freagrach as sciúradh airgid a thoirmeasc.
Leis an Treoir sin, cuirfear ar chumas na n-údarás cánach rochtain a fháil ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil cuideachtaí chun go bhféadfar faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ceart na rialacha cánachais.
Ar an gcaoi sin,cabhróidh an Treoir chun imghabháil cánach agus calaois chánach a thoirmeasc.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
- Ar tháinig as cruinniú na Comhairle
- Liosta míreanna A, plé reachtach, an Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 6 Nollaig 2016
- Liosta míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 6 Nollaig 2016
- Clár táscach - an Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 6 Nollaig 2016
- Clár oibre sealadach, an Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 6 Nollaig 2016
- Cúlra faisnéise
- Liosta na rannpháirtithe
Preaseisiúintí
Comhar AE-ECAT: Glacann an Chomhairle conclúidí chun an Dearbhú Comhpháirteach a chur chun feidhme - 06/12/2016
An tAontas Eorpach-Cúba: Caibidil nua á hoscailt ag an gComhairle sa chaidreamh - 06/12/2016
Conclúidí maidir le córas cánach corparáide a bheidh cóir cobhsaí agus iomaíoch a thógáil don Aontas Eorpach - 06/12/2016
Conclúidí maidir le dul i ngleic le bacainní ar an infheistíocht arna sainaithint faoin Tríú Colún den Phlean Infheistíochta - 06/12/2016
Plean infheistíochta don Eoraip: Chomhaontaigh an Chomhairle saolré an chiste Eorpaigh le haghaidh infheistíochtaí straitéiseacha (CEIS) a shíneadh - 06/12/2016
Cánachas: Glacann an Chomhairle Treoir maidir le rochtain a fháil ar fhaisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil - 06/12/2016
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Patrick McCullough Press officer
- +32 471 33 38 46
- +32 2 281 91 19
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #ECOFIN
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025