- An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Comhairle na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 16/11/2016, 16 Samhain 2016
Na príomhthorthaí
Tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú maidir le buiséad an Aontais do 2017. Socraíodh na gealltanais iomlána ag EUR 157.88 billiún agus na híocaíochtaí ag EUR 134.49 billiún.
Chun dul i ngleic le géarchéim na himirce agus an tslándáil a neartú thoiligh an Chomhairle agus an Pharlaimint gealltanais a mhéadú de thimpeall 11.3% i gcomparáid le 2016 chun EUR 5.91 billiún a sroicheadh. Úsáidfear an t-airgead sin chun cuidiú leis na Ballstáit dídeanaithe a athlonnú, ionaid ghlactha a chruthú, tacú le bearta lánpháirtithe agus filleadh na ndaoine nach bhfuil ceart fanachta acu. Lena chois sin, beidh sé ina chuidiú chun feabhas a chur ar na nithe seo a leanas: na teorainneacha a chosaint, coireacht a chosc, gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta a chomhrac agus bonneagar criticiúil a chosaint.
Comhaontaíodh gealltanais EUR 21.3 billiún a thabhairt chun borradh a chur faoi fhás an gheilleagair agus poist nua a chruthú faoi fho-cheannteideal 1a (iomaíochas le haghaidh fáis agus post). Is ionann sin agus méadú de thuairim is 12% i gcomparáid le 2016. Sa chuid seo den bhuiséad, cumhdaítear ionstraimí amhail Erasmus + a dtiocfaidh méadú 19% air go dtí EUR 2.1 billiún agus an ciste Eorpach le haghaidh infheistíochtaí straitéiseacha a dtiocfaidh méadú 25% air go dtí EUR 2.7 billiún. Ina theannta sin, tá gealltanais EUR 500.00 milliún ar áireamh i mbuiséad an Aontais do 2017 le haghaidh an tionscnaimh fostaíochta don aos óg chun cuidiú le daoine óga post a aimsiú. Comhaontaíodh EUR 500.00 milliún breise a thabhairt chun tacú le feirmeoirí bainne agus beostoic eile agus fógrófar bearta tacaíochta breise i mí Iúil.
Tá neart bhuiséad an Aontais 2017 le feiceáil sa bhéim a leagtar ar bhearta tosaíochta ann, amhail aghaidh a thabhairt ar an imirce agus dul i ngleic lena bunchúiseanna agus infheistíocht a sporadh mar mhodh chun fás a spreagadh agus poist a chruthú san áireamh. Ar an dóigh sin, cuirtear leis an tionchar atá ag an mbuiséad ó thaobh maitheas a dhéanamh do cháiníocóirí an Aontais, do shaoránaigh agus do chuideachtaí Eorpacha. Agus tugtar aird ar iarrachtaí leanúnacha na mBallstát chun a maoiniú poiblí a dhaingniú.
Ivan Lesay, Státrúnaí Airgeadais na Slóvaice agus Uachtarán na Comhairle
Meastar go nglacfaidh an Chomhairle agus an Pharlaimint buiséad an Aontais do 2017 go foirmiúil ar an 29 Samhain agus ar an 1 Nollaig faoi seach.
Comhaid na gcruinnithe
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Patrick McCullough Press officer
- +32 471 33 38 46
- +32 2 281 91 19
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #ECOFIN
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025