Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Comhairle na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 21/03/2017, 21 Márta 2017

Na príomhthorthaí

Beartas eacnamaíoch agus fioscach

Phléigh an Chomhairle cur chun feidhme na moltaí a bhaineann go sonrach le tír faoi leith faoin ‘Seimeastar Eorpach', agus díríodh ar thaithí an athchóirithe sa réimse seo sna Ballstáit. D’eascair malartú tuairimí as an méid sin maidir le tionchar na taithí sin ar an timpeallacht ghnó.

“Is é an t-aon bhealach amháin go dtiocfaidh tíortha slán ó 'thuirse an athchóirithe' go bhfaighfear aiseolas ó Bhallstáit eile conas ar éirigh leo tabhairt faoi na hathchóirithe seo ar bhealach níos dearfaí”, arsa Edward Scicluna, Aire Airgeadais Mhálta, tír a bhfuil Uachtaránacht na Comhairle aici faoi láthair. “Leis an méid a cuireadh i láthair ag Comhairle an lae inniu, baineadh amach an cuspóir seo”.

Cruinniú de chuid G20

Phléigh na hAirí an toradh a bhí ar chruinniú de chuid Airí Airgeadais agus gobharnóirí na mbanc ceannais G20 a tionóladh in Baden-Baden ar an 17 agus 18 Márta 2017, i ndiaidh dóibh uasdátú a fháil ó Uachtaránacht Mhálta, ón gCoimisiún agus ón nGearmáin, tír óstach na nAirí Airgeadais G20.

Le linn an chruinnithe, rinneadh plé ar an ngeilleagar domhanda, ar chomhshocrú leis an Afraic, ar institiúidí idirnáisiúnta airgeadais, ar chánachas, ar rialáil airgeadais, ar sheoltáin airgid agus ar ghníomhartha i gcoinne an sciúrtha airgid.

B’in an chéad cheann de dhá chruinniú den chineál sin roimh chruinniú mullaigh G20 in Hamburg i mí Iúil.

Cáin bhreisluacha

Phléigh an Chomhairle togra lena n-údarófaí rátaí neamhchaighdeánacha CBL maidir le foilseacháin leictreonacha chomh maith le togra lena gceadófaí aisiompú dliteanais ginearálaithe ar bhonn sealadach d’fhonn calaois CBL a chosc.

Leis an gcéad togra, foráiltear an fhéidearthacht na rialacha i ndáil le r-fhoilseacháin - ar foilseacháin iad ar a ngearrtar cáin ag ráta caighdeánach CBL faoi láthair - a ailíniú leis na rialacha sin i ndáil le foilseacháin ‘ar pháipéar’, a bhaineann tairbhe as rátaí laghdaithe éagsúla. Tá an méid seo mar chuid d’iarracht níos leithne chun CBL a nuachóiriú faoi phlean gníomhaíochta AE maidir leis an 'margadh aonair digiteach'.

Leis an dara togra tugtar freagra ar iarraidh a tháinig ó Bhallstáit a mbíonn tionchar tromchúiseach dochrach orthu mar gheall ar chalaois CBL. Le ' sásra aisiompaithe táillí ginearálaithe' bheadh gá leis an dliteanas i ndáil le híocaíochtaí CBL a aistriú ón soláthraí go dtí an custaiméir maidir le soláthairtí intíre a bheadh os cionn tairseach shonraithe.

Leanfar den obair seo i bhfianaise thuairimí na n-airí, d’fhonn comhaontú a bhaint amach maidir leis an dá thogra.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025