Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Comhairle na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 21/02/2017, 21 Feabhra 2017

Príomhthorthaí

Seachaint cánach corparáide - Neamhréireanna hibrideacha

Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir lena seasamh i ndáil le rialacha a bhfuil sé mar aidhm acu deireadh a chur le ‘neamhréireanna hibrideacha’ le córais chánach tríú tíortha.

Tá an dréacht-treoir ar an mbeart is déanaí de roinnt beart a ceapadh chun cosc a chur le seachaint cánach cuideachtaí móra.

Tríd an dréacht-treoir sin, cuirfear cosc orthu sochar a bhaint as difríochtaí idir dhá dhlínse cánach nó níos mó chun a ndliteanas cánach foriomlán a laghdú.

Agus beidh sí ina cabhair le moltaí OECD 2015 a chur chun feidhme ina ndírítear ar chreimeadh an bhoinn don cháin chorparáide agus ar aistriú brabúis (BEPS).

“Tá an tAontas ar thús cadhnaíochta sa troid i gcoinne seachaint cánach”, a dúirt Edward Scicluna, Aire Airgeadais Mhálta, ag a bhfuil Uachtaránacht na Comhairle faoi láthair. “Is mian linn cur chun feidhme comhleanúnach a áirithiú i ndlí an Aontais ar phlean gníomhaíochta BEPS de chuid OECD.”

Tugtar aghaidh ar neamhréireanna hibrideacha sa togra maidir le tíortha nach bhfuil san Aontas, ós rud é go gcumhdaítear éagothromaíochtaí laistigh den Aontas sa ‘treoir le haghaidh seachaint cánach’ a glacadh i mí Iúil 2016.

Liosta de chuid an Aontais de dhlínsí neamhchomhoibríocha

Bhreathnaigh an Chomhairle ar an obair a rinneadh ar liosta de chuid an Aontais de dhlínsí tríú tíortha neamhchomhoibríocha i gcúrsaí cánachais.

Leanann an tionscnamh seo straitéis sheachtrach an Aontais i leith cánachais agus beidh sé ina chabhair d’iarrachtaí leanúnacha chun calaois chánach a chosc.

“Tá sé mar aidhm againn liosta de chuid an Aontais a chur le chéile chun dea-chleachtais atá infheidhme san Aontas cheana a chur chun cinn,” a dúirt an tUasal Scicluna. “Beidh dlínsí faoi réir scagtha. Cuirfear san áireamh ar an liosta iad má chinntear nach bhfuil a mbeartais chánach ag teacht lenár gcaighdeáin íosta.”

Meastar go gcuirfidh an Chomhairle bailchríoch ar an liosta de dhlínsí neamhchomhoibríocha roimh dheireadh 2017.

Tá an obair á déanamh i gcomhthráth le fóram domhanda OECD maidir le trédhearcacht agus malartú faisnéise chun críoch cánach.

Saincheisteanna maidir le buiséad an Aontais

Shocraigh an Chomhairle a tosaíochtaí maidir le buiséad an Aontais do 2018 agus d’iarr sí go mbeidh buiséad réalaíoch ann ag a mbeidh an chothromaíocht cheart idir comhdhlúthú fioscach agus infheistíochtaí nua atá fabhrach d’fhás agus do phoist.

Ina theannta sin, d’iarr na hairí go ndéanfar foráil i mbuiséad 2018 maidir le hacmhainní leordhóthanacha le leanúint de thacú le tosaíochtaí traidisiúnta agus le tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn laistigh den Aontas, is é sin, cuidiú le téarnamh eacnamaíoch, aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhaonnúla agus slándála agus gealltanais a rinneadh a chomhlíonadh.

Ina theannta sin, mhol an Chomhairle do Pharlaimint na hEorpa urscaoileadh a thabhairt don Choimisiún i leith chur chun feidhme bhuiséad an Aontais do 2015.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025