- An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 25/05/2018, 25 Bealtaine 2018
Na príomhthorthaí
Chomhaontaigh an Chomhairle a seasamh maidir le tograí chun rioscaí in earnáil na baincéireachta a laghdú, agus rialacha maidir le ceanglais chaipitil agus maidir le téarnamh agus réiteach na mbanc á neartú aici.
Agus athchóirithe a comhaontaíodh ar an leibhéal idirnáisiúnta á gcur chun feidhme leo, dírítear leis na tograí go dtabharfar aghaidh, mar is ceart, ar aon dúshláin atá ann ó thaobh na cobhsaíochta airgeadais agus atá fós gan réiteach.
Bunaithe ar an dul chun cinn a baineadh amach maidir le laghdú riosca, d’athdhearbhaigh na hairí go bhfuil siad tiomanta dul chun cinn a dhéanamh maidir leis na codanna uile, lena n-áirítear dul chun cinn maidir le comhroinnt riosca, a luaitear i 'dtreochlár’ na Comhairle i ndáil leis an aontas baincéireachta. Cinntí a dhéanfar chun aghaidh a thabhairt ar an gcúlstop maidir le ciste réitigh aonair an Aontais, déanfar iad i Meitheamh na bliana 2018.
“Leis an gcomhaontú i ndáil leis an bpacáiste baincéireachta inniu, cuirfear ar ár gcumas dul chun cinn a dhéanamh maidir le gnéithe eile den aontas baincéireachta”, arsa Vladislav Goranov, Aire Airgeadais na Bulgáire, tír a bhfuil Uachtaránacht na Comhairle aici faoi láthair.
“Beidh comhartha dearfach á chur amach chuig an margadh le comhaontú an lae inniu. Tá súil againn, mar sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa in ann tús a chur le caibidlíocht go luath, ionas go mbeimid in ann na tograí sin a chomhaontú agus a achtú a luaithe agus is féidir”, ar seisean.
Ghlac an Chomhairle rialacha arb aidhm dóibh an trédhearcacht a spreagadh ionas gur féidir cosc a chur ar phleanáil ionsaitheach trasteorann cánach.
Dírítear sa treoir ar idirghabhálacha amhail comhairleoirí cánach, cuntasóirí agus dlíodóirí a dhearann nó a chuireann chun cinn scéimeanna pleanála cánach. Cuirfear de cheangal orthu aon scéimeanna a d'fhéadfadh a bheith ionsaitheach a thuairisciú.
“Is cuid ríthábhachtach don straitéis atá againn an tseachaint cánach corparáide a chomhrac”, a dúirt an tUasal Goranov. "Ach trédhearcacht níos fearr a bheith ann, is ag tráth níos luaithe a ndéanfar an baol a bhrath agus glacfar bearta chun gur féidir lúb ar lár a chur ina ceart sula gcaillfear ioncam."
Chomhaontaigh na hairí, freisin, na Bahámaí agus San Críostóir-Nimheas a bhaint ó liosta an Aontais de dhlínsí neamhchomhoibríocha, i bhfianaise na ngealltanas a rinneadh ar leibhéal ard polaitiúil chun ábhair imní an Aontais a leigheas.
- Cánachas: Liosta an Aontais de dhlínsí cánach neamh-chomhoibritheacha (faisnéis chúlra)
- Cánachas: 2 dhlínse bainte de liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha (preaseisiúint, 25/05/2018)
Déanfar faireachán cúramach ar chur chun feidhme a ngealltanas.
Bunaíodh liosta an Aontais i mí na Nollag 2017, agus rannchuidíonn sé leis na hiarrachtaí atá ar bun faoi láthair chun an chalaois chánach a chosc agus chun an dea-rialachas a chur chun cinn ar fud an domhain.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
- Liosta de mhíreanna A, plé reachtach, an Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 25 Bealtaine 2018
- Liosta de mhíreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Eacnamaíocha agus Airgeadais, 25 Bealtaine 2018
- Clár oibre sealadach, an Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 25 Bealtaine 2018
- Cúlra faisnéise
Preaseisiúintí
Rialachas eacnamaíoch: Conclúidí ar mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha - 25/05/2018
Airgeadas poiblí: Conclúidí maidir le caiteachas a bhaineann le haois - 25/05/2018
Baincéireacht: Comhaontú ón gComhairle maidir le bearta chun riosca a laghdú - 25/05/2018
Seachaint cánach corparáide: Rialacha trédhearcachta glactha le haghaidh idirghabhálacha cánach - 25/05/2018
An chalaois chánach: Thángthas ar chomhaontú maidir le foráil chaighdeánach do chomhaontuithe le tríú tíortha - 25/05/2018
Cánachas: 2 dhlínse bainte de liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha - 25/05/2018
Na Balcáin Thiar agus an Tuirc: Conclúidí comhpháirteacha ón idirphlé eacnamaíoch agus airgeadais - 25/05/2018
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Patrick McCullough Press officer
- +32 471 33 38 46
- +32 2 281 91 19
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #ECOFIN
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025