- An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 13/3/2018, 13 Márta 2018
Na príomhthorthaí
Tháinig na hairí ar chomhaontú maidir le ceanglais trédhearcachta ar idirghabhálaithe cánach.
Is í an togra an beart is déanaí as measc roinnt beart a dearadh chun an tseachaint cánach corparáide a chosc.
Leis an togra, cuirfear de cheangal ar chomhairleoirí cánach, ar chuntasóirí agus ar dhlíodóirí scéimeanna pleanála cánach a d'fhéadfadh a bheith ionsaitheach a thuairisciú. Agus beidh sé de cheangal ar na Ballstáit an fhaisnéis sin a roinnt go huathoibríoch, le gur féidir bearta a dhéanamh chun bac a chur ar shocruithe díobhálacha.
“Trédhearcacht a fheabhsú, is bunchloch é sin sa straitéis atá againn chun seachaint cánach agus imghabháil cánach a chomhrac”, a dúirt Vladislav Goranov, Aire Airgeadais na Bulgáire, an tír a bhfuil uachtaránacht na Comhairle aici faoi láthair. “Má fhaigheann na húdaráis faisnéis maidir le scéimeanna pleanála ionsaithí cánach sula gcuirfear chun feidhme iad, beidh siad in ann lúb ar lár a chur ina ceart sula gcaillfear ioncam.”
Choigeartaigh an Chomhairle liosta an Aontais de dhlínsí neamhchomhoibríocha i bhfianaise an mhéid seo a leanas:
- gealltanais a thug na dlínsí atá ar an liosta;
- measúnú ar na dlínsí sin nach ndearnadh cinneadh fúthu go fóill i ndáil lena gcur ar an liosta.
Bhain sí Bairéin, Oileáin Marshall agus Saint Lucia den liosta agus chuir sí na Bahámaí, San Críostóir-Nimheas agus Oileáin Mhaighdean na Stát Aontaithe leis.
Glacadh céimeanna freisin chun feabhas a chur ar thrédhearcacht sa phróiseas liostaithe. Cuirtear comhfhreagras le dlínsí tríú tír ar fáil don phobal faoi láthair.
"Tá mé breá sásta a fheiceáil go bhfuil gealltanas tugtha ag níos mó de na dlínsí a liostaíomar i mí na Nollag go ndéanfaidh siad a gcuid beartas cánach a athchóiriú ar bhealach lena réiteofar na hábhair imní atá againn", a dúirt an tUasal Goranov. "Iarraimid ar na dlínsí go léir atá ar an liosta déanamh amhlaidh, agus iarraimid ar na dlínsí sin a bhfuil gealltanais tugtha acu cheana iad a chur chun feidhme go tráthúil. Tá mar aidhm againn an oiread trédhearcachta is féidir ó thaobh cánach de a bhaint amach ar fud na cruinne."
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
- Clár oibre sealadach, an Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 13 Márta 2018
- Liosta na míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Eacnamaíocha agus Airgeadais, 13 Márta 2018
- Ceartúchán 1 a ghabhann le liosta na míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Eacnamaíocha agus Airgeadais, 13 Márta 2018
- Cúlra faisnéise
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Patrick McCullough Press officer
- +32 471 33 38 46
- +32 2 281 91 19
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #ECOFIN
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025