Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 22/01/2019, 22 Eanáir 2019

Na príomhthorthaí

InvestEU

Phléigh an Chomhairle InvestEU, togra ina dtugtar le chéile faoi aon chlár amháin na hionstraimí airgeadais éagsúla atá ar fáil i láthair na huaire le tacú le hinfheistíocht agus cruthú post san Aontas, i gcomhthéacs an chéad chreata airgeadais ilbhliantúil eile (2021-2027).

Tá gá le tuilleadh infheistíochta san Eoraip chun tacú le fás agus le fostaíocht. Beidh ról nach beag ag clár InvestEU chun cuidiú le tionscadail bhonneagair fhorleathana uaillmhianacha a mhaoiniú. Ní mór dúinn a chinntiú go mbainfidh an oiread earnálacha agus réigiún san Eoraip agus is féidir tairbhe as an gclár. Eugen Teodorovici, Aire Airgeadais na Rómáine, an tír ag a bhfuil Uachtaránacht na Comhairle faoi láthair

Is éard is aidhm le InvestEU rannpháirtíocht infheisteoirí poiblí agus príobháideacha i dtionscadail nua infheistíochta a spreagadh trí ráthaíochtaí ó bhuiséad an Aontais a thabhairt. Tá beartaithe go dtacófar le ceithre réimse beartais: bonneagar inbhuanaithe; taighde, nuálaíocht agus digitiú; fiontair bheaga agus mheánmhéide; infheistíocht shóisialta agus scileanna sóisialta.

Sa phlé a bhí acu dhírigh na hairí ar dhá phríomh-shaincheist:

  • struchtúr rialachais do chlár InvestEU, lena n-áirítear bord stiúrtha, agus na treoirphrionsabail lena ngabhann, a bhunú
  • an ráthaíocht airgeadais a thug an tAontas do chomhpháirtithe eile seachas BEI: ba cheart 25% de ráthaíocht an Aontais a chur i leataobh d'institiúidí eile seachas BEI. Phléigh na hairí na prionsabail is bonn le leithdháileadh na coda sin den ráthaíocht.

Gheall na hairí, ar bhonn na treorach aireachta a tugadh inniu, gur mar ábhar tosaíochta a leanfaidís ar aghaidh leis an obair maidir leis an gcomhad.

An Córas Eorpach Maoirseoirí Airgeadais

Phléigh na hairí tograí chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gcóras Eorpach maoirseoirí airgeadais atá ann faoi láthair. Mhol an Uachtaránacht tosaíocht a thabhairt do na forálacha a bhaineann le neartú na maoirseachta ar fhrithsciúradh airgid agus ar ghníomhaíochtaí mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, fad a leanfar, mar ábhar tosaíochta, den chaibidlíocht faoin gcuid eile den athbhreithniú ar an gcóras Eorpach ar an leibhéal teicniúil agus ar an leibhéal polaitiúil araon. Beidh an t-ábhar úd ar chlár oibre ECOFIN mhí Feabhra.

Ar bhonn na treorach aireachta a tugadh, tá an Chomhairle in ann dul i mbun caibidlíocht le Parlaimint na hEorpa, agus rún aici teacht ar chomhaontú polaitiúil faoin gcomhad faoi dheireadh an téarma reachtaigh reatha.

An Seimeastar Eorpach

Ghlac na hairí conclúidí freisin maidir le pacáiste an 'tSeimeastair Eorpaigh' agus d'fhormheas siad dréachtmholadh maidir le beartais eacnamaíocha an limistéir euro.

Ina theannta sin, phléigh na hairí na himpleachtaí reachtacha a bhainfidh leis an aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta a fhorbairt a thuilleadh tar éis chruinniú mullaigh Euro an 14 Nollaig 2018, mar aon le tosaíochtaí uachtaránacht na Rómáine i réimse na ngnóthaí eacnamaíocha agus airgeadais.

Príomhphointí ón gComhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 22/01/2019

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025