- An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 04/12/2018, 4 Nollaig 2018
Na príomhthorthaí
An t-aontas baincéireachta
D'fhormhuinigh an Chomhairle toradh na caibidlíochta le Parlaimint na hEorpa maidir le tacar de phríomhbhearta laghdaithe riosca a bhaineann leis an bpacáiste baincéireachta, mar a thugtar air.
Tá céim ríthábhachtach bainte amach againn inniu maidir leis an aontas baincéireachta a thabhairt chun críche. Tá beart de réir a bhriathair á dhéanamh ag an Aontas bainc na hEorpa a dhéanamh níos stóinsí, níos cobhsaí, agus níos athléimní. Cruthóidh na bearta seo na dálaí do na cinntí is uaillmhianaí maidir le hathchóiriú an limistéir euro. Hartwig Löger, Aire Airgeadais na hOstaire, an tír a bhfuil uachtaránacht na Comhairle aici faoi láthair
Cuireann na bearta trí phríomhchuspóir i gcrích, a leagadh amach sa treochlár ón gComhairle a comhaontaíodh i mí an Mheithimh 2016, chun an t-aontas baincéireachta a chomhlánú:
- comhshocrú feabhsaithe a leagan amach maidir le réiteach bainc
- an deis a thabhairt do na húdaráis réitigh íocaíochtaí bainc a chur ar fhionraí agus é faoi réiteach
- ceanglais chaipitil do na bainc a neartú, trí chóimheas giarála ceangailteach agus cóimheas glanchistiúcháin chobhsaí ceangailteach a áireamh ann agus trí rialacha riosca-íogair do thrádáil in urrúis agus díorthaigh a leagan síos.
Réitíonn an formhuiniú an bealach maidir le dul chun cinn breise a dhéanamh i ndáil le roinnt riosca laistigh d'aontas baincéireachta an Aontais.
- An t-aontas baincéireachta: Pacáiste beart chun riosca a laghdú formhuinithe ag an gComhairle (preaseisiúint, 04/12/2018)
- An t-aontas baincéireachta - laghdú riosca (eolas cúlra)
Ina theannta sin, thuairiscigh an Coimisiún ar an obair atá á déanamh chun plean gníomhaíochta mhí Iúil 2017 de chuid na Comhairle maidir le hiasachtaí neamhthuillmheacha (NPLanna) san earnáil baincéireachta a chur chun feidhme. Léiríonn an tuarascáil, de réir na bhfigiúirí is déanaí, go bhfuil titim tagtha ar leibhéil fhoriomlána NPLanna ó €1 trilliún, geall leis, ag deireadh na bliana 2016 go dtí €82 billiún. Tá cóimheas na NPLanna i gcomhréir le hiomlán na n-iasachtaí bainc laghdaithe ó 5.4% i mí an Mheithimh 2016 go dtí 3.4%. Mar sin féin, tá cóimheas na NPLanna míchothrom ar fud an Aontais – agus iad idir 0.6 % agus 44.9 % – agus tá sé fós ina imní i ngeall ar a mhoille atá an dul cinn i gcuid de na Ballstáit.
Ar deireadh, phléigh an Chomhairle tuarascáil ina measúnaítear an dul chun cinn a rinneadh go dtí seo san idirphlé teicniúil ar an Scéim Eorpach Árachais Taiscí.
- An tríú tuarascáil ón gCoimisiún maidir le hiasachtaí neamhthuillmheacha a laghdú
- Tuarascáil ar dhul chun cinn ón Uachtaránacht maidir le SEÁT (Samhain 2018)
Cánachas digiteach
Thionóil na hairí díospóireacht bheartais maidir le togra chun seirbhísí digiteacha cánach a bhunú.
Is réiteach eatramhach atá i gceist leis an togra, a d'fhoilsigh an Coimisiún an 21 Márta 2018, mar chuid de "phacáiste um chánachas don gheilleagar digiteach", réiteach eatramhach atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar na bearnaí is práinní i ngníomhaíochtaí a bhaineann le cánachas digiteach agus ag an am céanna cothrom na Féinne a áirithiú do na gnólachtaí uile.
Agus anailís chuimsitheach déanta ar na saincheisteanna teicniúla ar fad, thíolaic an Uachtaránacht téacs comhréitigh ina bhfuil na gnéithe sin is mó a dtacaíonn na Ballstáit leo. Mar sin féin, ag an gcéim seo, ní féidir le roinnt de na toscaireachtaí glacadh leis an téacs, ar chúiseanna polaitiúla agus ar bhonn prionsabail agus tá roinnt toscaireachtaí eile ann nach bhfuil sásta go fóill le roinnt pointí faoi leith sa téacs. Níor éirigh leis an téacs an tacaíocht ba ghá a bhaint amach agus níor pléadh go mion é.
Scrúdaigh na hairí comhráiteas ó thoscaireachtaí na Fraince agus na Gearmáine. Mhol an Uachtaránacht go leanfadh meitheal oibre na Comhairle ar aghaidh leis an obair bunaithe ar an téacs comhréitigh is déanaí ón Uachtaránacht agus ar na gnéithe a mhol an Fhrainc agus an Ghearmáin, d’fhonn teacht ar chomhaontú a luaithe is féidir.
Frithsciúradh airgid
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le plean gníomhaíochta le gur fearr is féidir dul i ngleic le sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta.
Sna conclúidí, leagtar amach roinnt gníomhaíochtaí neamhreachtacha gearrthéarmacha chun an mhaoirseacht ar ghníomhaíochtaí frithsciúradh airgid a fheabhsú agus chun comhar a spreagadh idir na húdaráis inniúla.
- An comhrac i gcoinne sciúradh airgid (eolas cúlra)
- Sciúradh airgid: Conclúidí glactha ag an gComhairle maidir le plean gníomhaíochta don mhaoirseacht a fheabhsú (preas eisiúint, 04/12/2018)
Cánachas
Ghlac an Chomhairle trí ghníomh ghearra reachtacha lena ndírítear ar roinnt de rialacha CBL an Aontais Eorpaigh a choigeartú d’fhonn ceithre cheist shonracha a réiteach go dtí go dtabharfar isteach córas nua CBL.
Ina theannta sin, d'fhormhuinigh na hairí tuarascáil chuig an gComhairle Eorpach maidir le ceisteanna cánach, agus tuarascáil ón meitheal um an gCód Iompair maidir le Cánachas Gnó, mar aon le conclúidí ón gComhairle, a thugann aghaidh ar an gcomhar le dlínsí lasmuigh den Aontas Eorpach.
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
- Dréachtchonclúidí maidir leis an gCód Iompair maidir le cánachas gnó (Samhain 2018)
An Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis
Bhreathnaigh na hairí ar na nósanna imeachta suntasacha diallais atá ag dul ar aghaidh maidir leis an Ungáir agus an Rómáin. D'eisigh na hairí cinntí lena ndeimhnítear nár cuireadh gníomhaíochtaí éifeachtaí i gcrích, chomh maith le moltaí nua maidir le bearta a dhéanamh chun na dialltaí a cheartú.
Chuir na hairí tús freisin le próiseas bliantúil an ‘tSeimeastair Eorpaigh’, próiseas a dhéanann faireachán ar bheartais eacnamaíocha, fostaíochta agus fhioscacha na mBallstát, ar bhonn cur i láthair a rinne an Coimisiún.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Preaseisiúintí
- An t-aontas baincéireachta: Pacáiste beart formhuinithe ag an gComhairle chun rioscaí a laghdú
- 04/12/2018
- CBL: Réitigh ghearrthéarmacha thapa glactha ag an gComhairle do chóras reatha an Aontais
- 04/12/2018
- Sciúradh airgid: Conclúidí glactha ag an gComhairle maidir le plean gníomhaíochta le haghaidh faireachán feabhsaithe
- 04/12/2018
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Patrick McCullough Press officer
- +32 471 33 38 46
- +32 2 281 91 19
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #ECOFIN
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025