- An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 6/11/2018, 6 Samhain 2018
Na príomhthorthaí
Cánachas digiteach
"Ní mór dúinn ár rialacha a chur in oiriúint do chlaochlú digiteach na heacnamaíochta agus ní mór do chuideachtaí digiteacha a gcion cothrom cánach a íoc. Is mian leis an Uachtaránacht torthaí nithiúla a bhaint amach faoi dheireadh na bliana seo. Tá an t-am ag fáscadh orainn ach nuair is ann don toil pholaitiúil éireoidh linn." Hartwig Löger, Aire Airgeadais na hOstaire agus cathaoirleach Chomhairle Ecofin
Thionól na hairí díospóireacht bheartais maidir le togra chun seirbhísí digiteacha cánach a bhunú. Díríodh sa phlé ar dhá phríomh-shaincheist atá sa togra ón gCoimisiún: raon feidhme na seirbhísí inchánach agus an cheist maidir le dul in éag na treorach — ar a dtugtar "clásal éagtha".
Maidir leis an gclásal éagtha, tá na ballstáit uile ar aon fhocal gur cheart don treoir a ligean in éag a luaithe agus réiteach cuimsitheach faighte ar cháin a ghearradh ar an ngeilleagar digiteach ar leibhéal OECD.
Cé gur pléadh an togra go mion ar an leibhéal teicniúil agus dul chun cinn bainte amach maidir le roinnt saincheisteanna amhail sainmhínithe, bailiú cánach, agus comhar riaracháin, mar sin féin tá difríochtaí idir na ballstáit ar roinnt mhaith saincheisteanna, lena n-áirítear raon beacht na seirbhísí a bheadh faoi réir cánach a bheidh ann amach anseo.
Chinn an Uachtaránacht go ndéanfar tuilleadh oibre ar an leibhéal teicniúil chun go mbeifear in ann teacht ar chomhaontú ag cruinniú na Comhairle an 4 Nollaig.
Maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis na gnéithe maoiniúcháin a bhaineann leis an athrú aeráide, in oirchillchomhdháil COP24 maidir leis an athrú aeráide in Katowice, an Pholainn, a bheith ar siúl idir 3 agus 14 Nollaig.
Moltar sna conclúidí go ndéanfaí dul chun cinn mear agus uaillmhianach chun a áirithiú go léireodh na sreafaí airgeadais na cuspóirí atá leagtha amach i gComhaontú Pháras. Leagann na cuspóirí béim ar an tábhacht a bhaineann le praghsáil charbóin d'fhonn sreafaí airgeadais a ghríosú i dtreo infheistíochtaí glasa agus infheistíochtaí inbhuanaithe.
Tá an tAontas gona Bhallstáit tiomanta a ranníocaíocht airgeadais a mhéadú chun cabhrú le tíortha i mbéal forbartha Comhaontú Pháras a chur chun feidhme. Is iad an tAontas Eorpach gona Bhallstáit i gcónaí na soláthraithe maoinithe phoiblí is mó don troid i gcoinne an athraithe aeráide agus, ar an iomlán, maoiniú €20.4 billiún tugtha acu in 2017.
Ina theannta sin, ag cruinniú na Comhairle:
- pléadh cur chun feidhme bhuiséad an Aontais do 2017 mar thoradh ar thuarascáil ón gCúirt Iniúchóirí
- glacadh treoir lena gceadaítear rialacha CBL do ríomhfhoilseacháin agus d'fhoilseacháin fhisiciúla a ailíniú. As seo amach, beidh na Ballstáit in ann rátaí laghdaithe, rátaí sárlaghdaithe nó fiú rátaí nialasacha a chur i bhfeidhm maidir le CBL d'fhoilseacháin leictreonacha
- baineadh Poblacht na Namaibe de liosta an Aontais Eorpaigh de dhlínsí cánach neamhchomhoibríocha
- glacadh conclúidí maidir le staidreamh an Aontais Eorpaigh.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Preaseisiúintí
- Maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide: Conclúidí glactha ag an gComhairle roimh chomhdháil COP24
- 06/11/2018
- Laghdú fuathchainte agus méadú ábhar Eorpach ar sheirbhísí fís-sruthú: Rialacha nua AE glactha ag an gComhairle
- 06/11/2018
- Aitheantas frithpháirteach níos éifeachtaí a thabhairt d’orduithe calctha agus d’orduithe coigistíochta
- 06/11/2018
- Eurojust a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí
- 06/11/2018
- Veiniséala: Smachtbhannaí athnuaite ag an Aontas go ceann bliana
- 06/11/2018
- Foilseacháin leictreonacha: athchóiriú glactha ag an gComhairle lena gceadófar rátaí laghdaithe CBL a chur i bhfeidhm
- 06/11/2018
- Macro-Economic Dialogue at political level on 5 November 2018
- 05/11/2018
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Patrick McCullough Press officer
- +32 471 33 38 46
- +32 2 281 91 19
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #ECOFIN
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025