Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 12/2/2019, 12 Feabhra 2019

Príomhphointí ón gComhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais a tionóladh sa Bhruiséil ar an 12 Feabhra 2019

Na príomhthorthaí

Ollstruchtúr Eorpach na maoirseachta airgeadais

Dhearbhaigh an Chomhairle a cur chuige ginearálta maidir le tograí chun athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmiú an chórais Eorpaigh maoirseachta airgeadais atá ann faoi láthair. Cuimsíonn an comhaontú gach saincheist seachas maoirseacht i gcoinne sciúradh airgid ar baineadh sainordú páirteach caibidlíochta amach ina leith cheana féin i mí na Nollag 2018. D'iarr sí ar an Uachtaránacht tús a chur leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa a luaithe is féidir.

Tá ról ríthábhachtach ag na húdaráis maoirseachta Eorpacha (ÚMEnna) agus iad ag cabhrú le múnlú an aontais baincéireachta agus aontas na margaí caipitil. Leis an gcomhaontú fíorthábhachtach sin, táimid ag feabhsú éifeachtúlacht an chórais maoirseachta airgeadais atá ann cheana féin. Táimid ag cinntiú chomh maith go mbíonn ár rialacha comhchoiteanna á gcur chun feidhme go comhleanúnach ar fud an Aontais agus go gcomhoibríonn na maoirseoirí náisiúnta ar bhealach atá chomh héifeachtach agus is féidir. Eugen Teodorovici, Aire Airgeadais na Rómáine, an tír a bhfuil Uachtaránacht na Comhairle aici faoi láthair.

I Meán Fómhair 2017, chuir an Coimisiún pacáiste tograí i láthair chun athbhreithniú a dhéanamh ar chúraimí, cumhachtaí, rialachas agus cistiú na ÚMEnna agus an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach, ionas gurbh oiriúnaí a bheadh na húdaráis sin don chomhthéacs nua ina raibh siad ag oibriú. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún togra leasaithe ar aghaidh i nDeireadh Fómhair 2018 ina raibh forálacha lena neartófaí ról an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh maidir leis na rioscaí don earnáil airgeadais a bhí ag teacht ón sciúradh airgid.

Cinnteoireacht maidir le cúrsaí cánachais

Thíolaic an Coimisiún a theachtaireacht Towards a more efficient and democratic decision making in EU tax policy [I dtreo cinnteoireacht níos éifeachtúla agus níos daonlathaí i mbeartas cánach an Aontais] a foilsíodh ar an 15 Eanáir 2019. Is é is aidhm don teachtaireacht go dtosódh an Coimisiún díospóireacht ar aistriú forásach spriocdhírithe ó vótáil aontoilíochta go vótáil trí thromlach cáilithe agus ar úsáid an "ghnáthnóis imeachta reachtaigh" i réimsí áirithe de chomhbheartas cánachais an Aontais.

Mhalartaigh na hairí a dtuairimí. D'iarr líon mór díobh go gcoinneofaí an chothromaíocht rialacha vótála atá ann faoi láthair ó thaobh cánachais de, ach bhí daoine eile níos toilteanaí athbhreithniú a dhéanamh le fáil amach an féidir feabhas ar bith a chur ar an gcóras. Anuas air sin, leag na hairí béim ar an méid mór oibre fónta a rinneadh i réimse na reachtaíochta cánach san Aontas, agus ar an obair idir-rialtasach (an Mheitheal um an gCód Iompair), faoi rialacha reatha na gConarthaí. Ní thagann plé na Comhairle roimh aon bhearta a dhéanfadh an Chomhairle Eorpach maidir leis na saincheisteanna seo.

Comhalta nua a cheapadh ar bhord feidhmiúcháin BCE

Mhol an Chomhairle go n-ainmneodh an Chomhairle Eorpach Philip Lane mar chomhalta nua de bhord feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE).

Ar bhonn an mholta seo, iarrfaidh an Chomhairle Eorpach tuairimí ó Pharlaimint na hEorpa agus ó Chomhairle Rialaithe BCE araon. Táthar ag súil go nglacfar cinneadh deiridh ag an gcruinniú a bheidh aici ar an 22-23 Márta.

Rachaidh an comhalta nua den bhord feidhmiúcháin in ionad Peter Praet agus cuirfidh sé téarma neamh-inathnuaite 8 mbliana isteach, amhail ón 1 Meitheamh 2019.

Tuarascáil 2018 maidir le hInbhuanaitheacht Fhioscach

Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an tuarascáil is déanaí ón gCoimisiún maidir le hinbhuanaitheacht fhioscach, a foilsíodh ar an 18 Eanáir 2019.

Ba dhíol sásaimh don Chomhairle an tuarascáil ón gCoimisiún agus d'athdhearbhaigh sí an tábhacht atá le hanailís ar inbhuanaitheacht fhioscach, go háirithe i gcreat an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis agus an tSeimeastair Eorpaigh.

Buiséad an Aontais

Ghlac an Chomhairle treoirlínte do bhuiséad an Aontais do 2020.

Measann an Chomhairle gur cheart buiséadú stuama a áirithiú sa chéad bhuiséad eile agus gur cheart corrlaigh leordhóthanacha a bheith sna huasteorainneacha chun dul i ngleic le haon imthosca gan choinne. Ba cheart, ag an am céanna, go leor acmhainní a leithdháileadh ar na cláir agus ar na gníomhaíochtaí is mó a chuidíonn beartais an Aontais a bhaint amach. Ina theannta sin, a bhuí leis an mbuiséad ba cheart go mbeifí in ann na gealltanais a tugadh cheana faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil reatha a íoc in am trátha ionas go seachnófaí aon éilimh neamhíoctha, go háirithe sa bheartas comhtháthaithe.

Ina theannta sin, mhol na hairí go ndéanfadh Parlaimint na hEorpa urscaoileadh a thabhairt don Choimisiún i leith chur chun feidhme bhuiséad an Aontais do 2017.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025