- An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 12/3/2019, 12 Márta 2019
Na príomhthorthaí
Liosta an Aontais de dhlínsí neamhchomhoibríocha
Ghlac an Chomhairle leagan athbhreithnithe de liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críocha cánach.
Anuas ar na 5 dhlínse a bhí ar an liosta cheana – Samó Mheiriceá, Guam, Samó, Oileán na Tríonóide agus Tobága, Oileáin Mheiriceánacha na Maighdean – áirítear anois na 10 ndlínse seo a leanas ar an leagan athbhreithnithe de liosta an Aontais: Arúba, Barbadós, an Bheilís, Beirmiúda, Doiminice, Fidsí, Oileáin Marshall, Óman, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, Vanuatú.
Dlínsí iad sin nár chuir i bhfeidhm na gealltanais a thug siad don Aontas faoin spriocdháta a comhaontaíodh eatarthu.
Feicfear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis na conclúidí seo, ina gcuimsítear dlínsí ag a bhfuil gealltanais atá fós gan chomhlíonadh, an síneadh a cuireadh leis na spriocdhátaí a tugadh do 11 dhlínse faoi nach mór dóibh pé athchóirithe is gá chun beart a dhéanamh dá ngealltanais a chur i gcrích.
Cuireadh clabhsúr inniu leis an gcéad athbhreithniú cuimsitheach ar liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha. Ó glacadh den chéad uair é in 2017, is léir gur maith againn an liosta sin chun clár oibre an Aontais a chur chun cinn ar bhonn comhoibríoch i dtaca le comhrac na seachanta cánach agus feabhsú na gcleachtas cánach domhanda, an dea-rialachais, agus na trédhearcachta: tá breis agus deich gcinn fhichead de dhlínsí tar éis beart a dhéanamh den ghealltanas a thug siad athchóiriú a dhéanamh ar a gcuid cúrsaí cánach. Eugen Teodorovici, Aire Airgeadais na Rómáine
Mar chuid de straitéis sheachtrach cánach an Aontais, mar a shainmhínigh an Chomhairle, is é is aidhm don liosta rannchuidiú leis na hiarrachtaí leanúnacha atá ar bun chun an tseachaint chánach a chosc agus an dea-rialachas cánach a chur chun cinn ar fud an domhain.
Dleacht mháil
Phléigh an Chomhairle bearta chun feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó d'earraí a bhíonn faoi réir dleacht mháil, go háirithe alcól agus deochanna alcólacha, trí iomaíocht chóir a áirithiú agus an t-ualach riaracháin ar chuideachtaí a laghdú.
Bhí díospóireacht sa Chomhairle faoi na tograí seo a leanas:
- an treoir maidir le socruithe ginearálta le haghaidh dleacht máil
- an rialachán maidir le comhar riaracháin i ndáil le hábhar na gclár leictreonach
- an treoir maidir le struchtúir na dleachta máil ar alcól agus ar dheochanna alcólacha.
Cé go ndearna na saineolaithe dul chun cinn suntasacha ar na comhaid sin, tá roinnt saincheisteanna – atá fós gan réiteach – a d'fhéadfaí a réiteach ag Ecofin mhí na Bealtaine.
Is éard atá i ndleachtanna máil cánacha indíreacha ar dhíol nó úsáid táirgí sonracha, amhail alcól, tobac agus fuinneamh. Is chuig an tír ina n-íoctar na cánacha sin a théann iomlán an ioncaim a eascraíonn astu. Tá rialacha comhchoiteanna i bhfeidhm i dtíortha an Aontais ó 1992 i leith lena n-áirithítear go gcuirtear dleachtanna máil i bhfeidhm ar an mbealach céanna agus ar na táirgí céanna i ngach áit san Aontas.
Cánachas digiteach
Thug an Chomhairle dá haire an dul chun cinn a rinneadh sa chaibidlíocht maidir leis an gcáin seirbhísí digiteacha, ó pléadh an tsaincheist sin go deireanach ag an gcruinniú ECOFIN ar an 4 Nollaig 2018, ar bhonn téacs nua comhréitigh lena leagtar amach raon feidhme atá teoranta do sheirbhísí fógraíochta digiteacha.
Bíodh is go bhfuil tacaíocht fhorleathan ann don téacs i measc líon mór de na Ballstáit, tháinig sé chun solais san idirphlé go bhfuil forchoimeádais ag roinnt toscaireachtaí i gcónaí maidir le gnéithe sonracha den togra nó go bhfuil agóidí níos bunúsaí ná sin acu.
Comhthreomhar leis sin, oibreoidh an Uachtaránacht ar sheasamh an Aontas san idirphlé idirnáisiúnta maidir leis an gcánachas digiteach, go háirithe i bhfianaise na tuarascála ó ECFE ar an ábhar sin, tuarascáil a bhfuiltear ag súil léi faoi lár 2020.
InvestEU
Phléigh an Chomhairle saincheist an tsuímh a bheadh ag rúnaíocht choiste infheistíochta InvestEU, bíodh sin ag an gCoimisiún nó ag an mBanc Eorpach Infheistíochta, ach níor thángthas ar réiteach. Mhol an Uachtaránacht go ndéanfaí plé idir an dá institiúid chun an cás a réiteach agus iad aireach nár cheart díriú ar an suíomh per se, ach ar an leagan amach cuibhiúil lena n-áiritheofar an éifeachtúlacht, an trédhearcacht agus na torthaí is fearr.
Ar an 20 Feabhra, d'fhormhuinigh ambasadóirí na mBallstát chun an Aontais an seasamh ón gComhairle i dtaca leis an togra ón gCoimisiún maidir leis an gclár InvestEU. Ar an mbonn sin, thionscain an Uachtaránacht caibidlíocht le Parlaimint na hEorpa. Tionóladh an chéad chruinniú trípháirteach ar an 4 Márta.
Is éard atá in InvestEU clár nua de chuid an Aontais lena dtugtar le chéile 14 ionstraimí airgeadais reatha atá ar fáil faoi láthair chun tacú le hinfheistiú agus cruthú post san Aontas, i gcomhthéacs an chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile (2021-2027).
An Seimeastar Eorpach
Thíolaic an Coimisiún forléargas ar thuarascálacha tíortha, agus na grinn-athbhreithnithe i gcreat an nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha, mar a foilsíodh é ar an 27 Feabhra. Phléigh na hairí cur chun feidhme moltaí tírshonracha a bhaineann leis an infheistíocht.
CBL ar ríomhthráchtáil
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le rialacha cur chun feidhme i dtaca leis an gcóras CBL don ríomhthráchtáil a glacadh i mí na Nollag 2017.
Áiritheofar leis na bearta mionsonraithe nua sin go ndéanfar aistriú rianúil go dtí an córas nua sin, a thiocfaidh i bhfeidhm i mí Eanáir 2021.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Patrick McCullough Press officer
- +32 471 33 38 46
- +32 2 281 91 19
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #ECOFIN
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025