Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (Buiséad), 15 Samhain 2024

Na príomhthorthaí

Buiséad an Aontais do 2025

Tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú maidir le buiséad bliantúil an Aontais do 2025.

Tá iomlán na ngealltanas socraithe ag €192 768,6milliún agus iomlán na n-íocaíochtaí ag €149 615,7 milliún, cé is moite de leithreasuithe dá bhforáiltear le haghaidh ionstraimí speisialta lasmuigh den CAI.

Coinníodh €800 5 milliún ar fáil i mbliana faoi uasteorainneacha caiteachais an chreata airgeadais ilbhliantúil atá ann faoi láthair do 2021-2027, rud a chuireann ar chumas an Aontais freagairt ar riachtanais nach féidir a thuar.

<p>Péter Banai, Aire Stáit na hUngáire agus Príomh-Idirbheartaí na Comhairle le haghaidh bhuiséad an Aontais do 2025</p>

Thángamar ar chomhaontú maidir le buiséad cothrom lena gcuirfear ar ár gcumas réimsí tosaíochta an Aontais a bhaint amach, agus leas na gcáiníocóirí á chur san áireamh ag an am céanna. Le buiséad na bliana seo chugainn, cinntítear cur chuige stuama lena gcoinnítear dóthain saoirse airgeadais chun freagairt d’imthosca gan choinne. Is cur chuige réalaíoch é sin ina gcuirtear san áireamh an comhthéacs eacnamaíoch agus geopholaitiúil atá ann faoi láthair agus an gá atá le freastal ar dhúshláin nua a d’fhéadfadh teacht chun cinn in 2025. Ina theannta sin, cuirtear ar fáil leis an gcomhaontú an maoiniú is gá chun na tíortha atá buailte ag tubaistí nádúrtha a atógáil.

<p>Péter Banai, Aire Stáit na hUngáire agus Príomh-Idirbheartaí na Comhairle le haghaidh bhuiséad an Aontais do 2025</p>

Péter Banai, Aire Stáit na hUngáire agus Príomh-Idirbheartaí na Comhairle le haghaidh bhuiséad an Aontais do 2025

Tá 14 lá ag an bParlaimint agus ag an gComhairle chun an comhaontú ar thángthas air a fhormheas go foirmiúil. Táthar ag súil go bhformhuineoidh an Chomhairle é an 25 Samhain. Chun an buiséad a ghlacadh, tá gá le tromlach cáilithe laistigh den Chomhairle.

Monaí euro
Buiséad an Aontais 2025: na príomhréimsí (Grafaic faisnéise)

Buiséad an Aontais 2025: na príomhréimsí (Grafaic faisnéise)

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 22 Bealtaine 2025