Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 10 Nollaig 2024

Na príomhthorthaí

Athchóiriú custaim

Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta sa phlé sa Chomhairle maidir le tograí chun reachtaíocht chustaim an Aontais a athchóiriú, bunaithe ar thuarascáil ar dhul chun cinn ón Uachtaránacht. Bhí díospóireacht ann i ndiaidh an chur i láthair.

Tá an tAontas Custaim i bhfeidhm le 56 bliana anuas, rud a éascaíonn trádáil agus a chosnaíonn sábháilteacht agus slándáil shaoránaigh an Aontais ag an am céanna. Bhí an t-athchóiriú sin ina phríomhábhar ar chlár oibre Uachtaránacht na hUngáire, arb é is aidhm dó feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus ar athléimneacht i bhfianaise timpeallacht trádála dhomhanda atá ag éirí níos dinimiciúla i gcónaí. Tá dul chun cinn leanúnach déanta sa phlé sa Chomhairle, rud a léiríonn tiomantas Uachtaránacht na hUngáire dul chun cinn a spreagadh maidir leis an sainchomhad seo atá éilitheach go teicniúil ach atá tábhachtach ó thaobh straitéise de.

Mihály Varga, Aire Airgeadais na hUngáire

Cánachas fuinnimh

Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí faoin athbhreithniú ar an treoir maidir le cánachas fuinnimh agus ba dhíol sásaimh dóibh an dul chun cinn a rinneadh go dtí seo maidir leis an togra sin.

Bhí siad den tuairim go bhfuil an chaibidlíocht ag dul i dtreo cothromaíocht a bhaint amach i gcoitinne idir uaillmhian aeráide agus sainiúlachtaí na mBallstát, agus iomaíochas an Aontais á chur san áireamh ag an am céanna.

Ag an am céanna, d’iarr roinnt airí go ndíreofaí níos mó ar an gcomhshaoil, agus mheabhraigh cuid eile acu a thábhachtaí atá imthosca sonracha na mBallstát.

An creat rialachais eacnamaíoch

I gcomhthéacs chur chun feidhme an athbhreithnithe ar an rialachas eacnamaíoch, chuir an Coimisiún dréachtmholtaí ón gComhairle faoi bhráid na n-airí maidir le pleananna meántéarmacha struchtúracha fioscacha 21 Bhallstát.

Sna pleananna fioscacha struchtúrtha meántéarmacha náisiúnta tá conairí glanchaiteachais nach mór don Chomhairle a fhormhuiniú. Bhí an chéad mhalartú tuairimí ag na hairí maidir leis na pleananna inniu. Oibreoidh an Chomhairle chun moltaí a ghlacadh a luaithe is féidir go luath an bhliain seo chugainn.

I gcomhthéacs an nós imeachta um easnamh iomarcach, bhí an chéad mhalartú tuairimí ag na hairí maidir le dréachtmholtaí ón gComhairle don Bheilg, don Fhrainc, don Ungáir, don Iodáil, do Mhálta, don Pholainn, don Rómáin agus don tSlóvaic, maidir leis an mbealach chun a n-easnaimh a leigheas. Beidh sé mar aidhm ag an gComhairle moltaí a ghlacadh a luaithe is féidir an bhliain seo chugainn.

An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

Rinne na hairí a marana ar chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta. Ghlac an Chomhairle cinntí cur chun feidhme lena bhformheastar modhnuithe spriocdhírithe a thíolaic an tSualainn, an tSlóivéin, an Danmhairg agus an Bheilg maidir lena bpleananna téarnaimh agus athléimneachta.

Fogha na Rúise faoin Úcráin

Thug an Chomhairle aird ar staid na himeartha maidir leis na hiarmhairtí eacnamaíocha agus airgeadais atá ag fogha na Rúise faoin Úcráin.

Cuireadh na hairí ar an eolas faoin staid eacnamaíoch agus bhuiséadach san Úcráin, lena n-áirítear cur chun feidhme Shaoráid na hÚcráine agus cur chun feidhme chomhaontú G7 maidir le hiasacht $50 billiún (EUR 45 bhilliún) don Úcráin a bheidh le seirbhísiú agus le haisíoc le sreafaí ioncaim urghnácha amach anseo a eascraíonn as díluailiú shócmhainní ceannasacha na Rúise.

Tuarascáil bhliantúil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa

Chuir Uachtarán Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, Tony Murphy, tuarascáil bhliantúil na Cúirte maidir le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2023 i láthair. Is mír í seo a thagann aníos arís agus arís eile ar chlár oibre Chomhairle Ecofin.

An Cánachas

D’fhormheas an Chomhairle an tuarascáil leathbhliantúil ó Ecofin chuig an gComhairle Eorpach maidir le saincheisteanna cánach.

Ghlac an Chomhairle conclúidí freisin maidir leis an dul chun cinn atá déanta ag an Meitheal um an gCód Iompair.

Faoi phointí gan phlé, ghlac an Chomhairle an treoir maidir le cáin iarchoimeádta (FASTER), lena leagtar amach nósanna imeachta níos sábháilte agus níos tapúla chun faoiseamh ó chánachas dúbailte a fháil. Is é is aidhm don treoir infheistíocht trasteorann a spreagadh agus cabhrú leis an gcalaois chánach a chomhrac.

Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú freisin maidir le treoir lena réiteofar an bealach chun deimhniú cánach leictreonach a thabhairt isteach do dhíolúintí CBL.

Seirbhísí airgeadais

Chuir an Uachtaránacht staid na himeartha i ndáil leis na tograí reachtacha reatha i réimse na seirbhísí airgeadais faoi bhráid na n-airí. Cuireadh na hairí ar an eolas freisin faoi staid na himeartha maidir le reachtaíocht an Aontais a chur chun feidhme i réimse na seirbhísí airgeadais.

Is míreanna iad seo a luaitear arís agus arís eile ar chlár oibre Ecofin.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Feabhra 2025