Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 18 Feabhra 2025

Na príomhthorthaí

Iomaíochas agus feabhas a chur ar thimpeallacht ghnó an Aontais

Thíolaic an Coimisiún tionscnamh anChompáis Iomaíochais arb é is aidhm dó an obair a dhéanfaidh sé amach anseo i réimse an iomaíochais a leagan amach.

Lean na hairí dá seisiún tuairimíochta maidir leis an iomaíochas, an simpliú agus feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó san Eoraip. Chuir siad in iúl go bhfuil siad tiomanta céimeanna inghníomhaithe a ghlacadh i dtreo an tsimplithe agus é mar aidhm acu faisnéis ábhartha a chur ar fáil don Choimisiún agus bearta breise á n-ullmhú acu.

<p>Andrzej Domanski, Aire Airgeadais na Polainne</p>

Is tosaíocht dár gcuid é an simpliú agus is díol mór sásaimh dom go bhfuil torthaí praiticiúla le brath cheana féin mar gheall air sin. Oibreoimid gan stad gan staonadh leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit chun deireadh a chur le bacainní agus chun acmhainneacht fiontraíochta mhuintir na hEorpa a mhúscailt.

Mar airí airgeadais an Aontais, is ríléir dúinn freisin go bhfuil comhaontú méadaitheach ann níos mó airgid a chaitheamh ar chosaint agus ar shlándáil. Is é an cúram atá orainn bealach éifeachtach agus inchreidte a aimsiú chun é sin a dhéanamh.

<p>Andrzej Domanski, Aire Airgeadais na Polainne</p>

Andrzej Domanski, Aire Airgeadais na Polainne

Fogha na Rúise faoin Úcráin

Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir le tionchar eacnamaíoch agus airgeadais fhogha na Rúise faoin Úcráin, bunaithe ar uasdátú a rinne an Coimisiún, agus maidir le cur chun feidhme bhearta sriantacha agus smachtbhannaí an Aontais freisin.

An Buiséad

D’fhormheas an Chomhairle a treoirlínte do bhuiséad bliantúil an Aontais do 2026. Beidh siad mar thagairt ag an gCoimisiún agus buiséad na bliana seo chugainn á ullmhú aige.

Ghlac an Chomhairle moladh freisin maidir leis an urscaoileadh atá le deonú don Choimisiún i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais do 2023. Molann an Chomhairle do Pharlaimint na hEorpa an t-urscaoileadh a dheonú don Choimisiún agus do ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin, comhghnóthais agus comhlachtaí eile.

Seimeastar Eorpach 2025

Ag leanúint di den obair ar Sheimeastar Eorpach 2025, d’fhormheas an Chomhairle conclúidí i ndáil le Tuarascáil 2025 maidir leis an Sásra Foláirimh agus tháinig sí ar chomhaontú i ndáil le moladh 2025 maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro.

An creat rialachais eacnamaíoch

I gcomhthéacs chur chun feidhme rialacha nua an Aontais maidir le rialachas eacnamaíoch, d’fhormhuinigh an Chomhairle plean fioscach-struchtúrach meántéarmach na hUngáire agus leag sí síos a conair ghlanchaiteachais.

Faoin nós imeachta um easnamh iomarcach, molann an Chomhairle gur cheart don Ungáir deireadh a chur lena staid easnaimh iomarcaigh faoi 2026.

Ba cheart don Ungáir a chinntiú nach mó ráta fáis ainmniúil an ghlanchaiteachais ná 4.3% in 2025 ná 4.0% in 2026.

Cánachas

Rinne an Chomhairle athbhreithniú ar liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach agus ghlac sí an liosta gan aon athrú a dhéanamh air. Tá an 11 dhlínse chéanna ar an liosta agus a bhí ann roimhe seo:

Leagan téacs

AN LIOSTA

  • Samó Mheiriceá
  • Anguilla
  • Fidsí
  • Guam
  • Oileáin Palau
  • Panama
  • An Rúis
  • Samó
  • Oileán na Tríonóide agus Tobága
  • Ógh-Oileáin na Stát Aontaithe
  • Vanuatú

Tagann na tíortha atá liostaithe faoi raon feidhme phróiseas scagtha an Aontais.

Áirítear sa liosta dlínsí cánacha neamh-chomhoibríocha, a tugadh cothrom le dáta, tíortha nár ghlac páirt in idirphlé cuiditheach leis an Aontas maidir le rialachas cánach nó ar theip orthu a gcuid gealltanas a chomhlíonadh maidir leis na hathchóirithe riachtanacha a chur chun feidhme.

Ghlac an Chomhairle rialacha nua go foirmiúil freisin darb aidhm foirm leictreonach nua, a thiocfaidh i bhfeidhm in 2031, a chur in ionad na ndeimhnithe páipéir reatha a úsáidtear chun díolúintí ó cháin bhreisluacha (CBL) an Aontais a dhearbhú. Le linn idirthréimhse bliana, beidh na Ballstáit in ann na leaganacha leictreonacha agus páipéir araon a úsáid.

Cruinnithe idirnáisiúnta – G20

D’fhormheas an Chomhairle téarmaí tagartha an Aontais i bhfianaise chruinniú airí airgeadais agus ghobharnóirí bainc ceannais a bheidh ar siúl an 26 agus an 27 Feabhra 2025.

An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

Ghlac an Chomhairle cinntí cur chun feidhme lena bhformheastar pleananna modhnaithe téarnaimh agus athléimneachta a chuir an Laitvia agus an Bheilg isteach.

Seirbhísí airgeadais

Chuir an Uachtaránacht staid na himeartha i láthair maidir le tograí reachtacha i réimse na seirbhísí airgeadais, agus maidir leis an laghdú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar ualaí riaracháin freisin.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 20 Feabhra 2025