Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 8 Deireadh Fómhair 2024

Na príomhthorthaí

An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

Rinne na hairí a marana ar chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta.

Eisíocadh €267 mbilliún go dtí seo (breis agus 41 % den mhéid iomlán a gealladh), rud a chuidíonn leis na Ballstáit dul i ngleic le dúshláin éagsúla eacnamaíocha.

Ghlac an Chomhairle cinntí cur chun feidhme lena bhformheastar modhnuithe spriocdhírithe ar phleananna téarnaimh agus athléimneachta na Liotuáine agus na Portaingéile.

Leagan téacs

An Fhrainc 76.6 %

An Danmhairg 59.3 %

An Iodáil 58.4 %

An Eastóin 52.9 %

Málta 50.7 %

An Ghréig 47.9 %

An Chróit 44.7 %

An tSlóvaic 41.7 %

An tAontas Eorpach 41.1 %

An Laitvia 40.7 %

An Phortaingéil 38.2 %

An Liotuáin 35.2 %

An Rómáin 33.0 %

An tSlóivéin 31.3 %

An Ostair 30.1 %

An Spáinn 29.6 %

An Bheilg 29.2 %

An tSeicia 29.2 %

Éire28.1  %

An Fhionlainn 25.6 %

An Ísiltír 23.9 %

An Bhulgáir 22.2 %

An Chipir 21.5 %

An Ghearmáin 20.6 %

An Pholainn 19.0 %

Lucsamburg 13,4 %

An Ungáir 8.8 %

An tSualainn 0.0 %

Fogha na Rúise faoin Úcráin

Thug an Chomhairle aird ar staid na himeartha maidir leis na hiarmhairtí eacnamaíocha agus airgeadais atá ag fogha na Rúise faoin Úcráin.

Chuir an Coimisiún agus an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoin staid eacnamaíoch agus faoin staid bhuiséadach san Úcráin (cur chun feidhme na Saoráide don Úcráin agus staid an dul chun cinn a rinneadh go dtí seo maidir le cur chun feidhme chomhaontú G7 i ndáil le iasacht thart ar $50 billiún don Úcráin arna seirbhísiú agus arna n-aisíoc le sreafaí a thiocfaidh ón ioncam urghnách a eascróidh as bac gluaiseachta a chur ar shócmhainní ceannasacha na Rúise arna chur ar fáil don Aontas).

An Seimeastar Eorpach

Bhí seisiún tuairimíochta ag an gComhairle maidir leis na ceachtanna a foghlaimíodh ó thimthriall 2024 den Seimeastar Eorpach.

<p>Mihály Varga, Aire Airgeadais na hUngáire</p>

Leagadh béim sa phlé maidir leis an Seimeastar Eorpach ar a thábhachtaí atá sé an chothromaíocht idir saincheisteanna fioscacha agus saincheisteanna struchtúracha a choinneáil agus an trédhearcacht a fheabhsú ag an am céanna. Má bhímid cúramach leis an gcomhar agus leis na coigeartuithe a dhéanaimid, is féidir linn a chinntiú go leanfaidh an Seimeastar Eorpach de threoir shoiléir, inghníomhaithe a chur ar fáil do na Ballstáit go léir, rud a spreagfaidh dul chun cinn fóinteach ar fud na réimsí beartais.

<p>Mihály Varga, Aire Airgeadais na hUngáire</p>

Mihály Varga, Aire Airgeadais na hUngáire

Na cruinnithe idirnáisiúnta

D’fhormheas an Chomhairle téarmaí tagartha an Aontais agus an Ráiteas ón gCoiste Idirnáisiúnta Airgeadaíochta agus Airgeadais i bhfianaise chruinniú airí airgeadais agus ghobharnóirí bainc ceannais G20 an 23 agus an 24 Deireadh Fómhair 2024 agus chruinnithe bliantúla CAI.

Chuir an Uachtaránacht agus an Coimisiún na hairí ar an eolas faoi phríomhthorthaí chruinniú airí airgeadais agus ghobharnóirí bainc ceannais G20 a bhí ar siúl an 25 agus an 26 Iúil 2024.

Maoiniú don aeráid

D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le maoiniú don aeráid roimh chruinniú chreat-choinbhinsiún na náisiún aontaithe ar an athrú aeráide (UNFCCC) in Baku na hAsarbaiseáine ón 11 go dtí an 22 Samhain 2024 (COP 29).

Sna conclúidí uaithi, cuireann an Chomhairle i dtreis freisin go bhfuil an tAontas agus a Bhallstáit tiomanta do sprioc reatha na dtíortha forbartha USD 100 billiún a shlógadh i dteannta a chéile ar mhaithe leis an maoiniú don aeráid gach bliain go dtí 2025. Baineadh an sprioc amach den chéad uair in 2022.

Leagann an Chomhairle béim freisin ar a thiomanta atá sí leanúint den mhaoiniú don troid i gcoinne an athraithe a chur ar fáil san am amach anseo agus a rún atá aici tacú le spriocanna cainníochtúla comhchoiteanna uaillmhianacha nua a bhaint amach tar éis 2025.

Cánachas: liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha

Bhain an Chomhairle Antigua agus Barbúda de liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críocha cánach. Leis an nuashonrú sin, tá 11 dhlínse ar an liosta.

Fuair na hairí nuashonrú rialta ar an liosta bunaithe ar obair sa Mheitheal um an gCód Iompair (cánachas gnó).

Creat-choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Comhar Cánach

D'fhormheas an Chomhairle seasamh an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát don 79ú seisiún substainteach de Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe chun téarmaí tagartha a dhréachtú do Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le comhar idirnáisiúnta cánach.

Má ghlactar iad, déanfar foráil sna téarmaí tagartha don chreat-choinbhinsiún maidir le conradh nua cánach a bheidh le forbairt faoi 2027. Bheadh ar an gComhthionól Ginearálta conradh na Náisiún Aontaithe a ghlacadh, agus ina dhiaidh sin d’osclófaí é lena shíniú agus lena dheimhniú do na Ballstáit uile.

Seirbhísí airgeadais

Chuir an Uachtaránacht staid na himeartha i láthair maidir leis na tograí reachtacha i réimse na seirbhísí airgeadais.

Cuireadh na hairí ar an eolas freisin faoi staid na himeartha maidir le reachtaíocht an Aontais a chur chun feidhme i réimse na seirbhísí airgeadais. Is míreanna iad seo a luaitear arís agus arís eile ar chlár oibre Ecofin.

D’fhormheas na hairí freisin na míreanna reachtacha agus neamhreachtacha sa liosta thíos.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Doiciméid toraidh

Torthaí na vótála sa chruinniú

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Feabhra 2025