"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (Buiséad), 14 Samhain 2025
Na príomhthorthaí
Tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú maidir le buiséad bliantúil an Aontais do 2026.
Is é €192.8 billiún iomlán na ngealltanas agus €190.1 billiún iomlán na n‑íocaíochtaí i mbuiséad 2026.
Tá €715.7 milliún ar fáil i mbliana faoi uasteorainneacha caiteachais an chreata airgeadais ilbhliantúil atá ann faoi láthair do 2021-2027, rud a chuireann ar chumas an Aontais freagairt ar riachtanais nach féidir a thuar.
Léiríonn an comhaontú go bhféadfaidh an Eoraip beart a dhéanamh, fiú le linn tréimhsí dúshlánacha. Cuirfidh buiséad 2026 an Aontais ar ár gcumas na tosaíochtaí coiteanna atá againn – slándáil, iomaíochas agus rialú teorann – a bhaint amach agus a chinntiú ag an am céanna go bhféadfaidh an tAontas freagairt go tapa agus go héifeachtach ar riachtanais agus ar ghéarchéimeanna gan choinne.
Nicolai Wammen, Aire Airgeadais na Danmhairge agus príomh-idirbheartaí na Comhairle le haghaidh bhuiséad an Aontais do 2026
Tá 14 lá ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle chun an comhaontú ar thángthas air a fhormheas go foirmiúil. Táthar ag súil go bhformhuineoidh an Chomhairle é an 24 Samhain. Chun an buiséad a ghlacadh, tá gá le tromlach cáilithe laistigh den Chomhairle.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.