Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 17 Feabhra 2026

Na príomhthorthaí

An tAontas Coigiltis agus Infheistíochta

<p>Makis Keravnos, Aire Airgeadais Phoblacht na Cipire</p>

Colún lárnach ón gcéad lá riamh do chlár oibre uachtaránacht na Cipire is ea Eoraip níos iomaíche a bhaint amach. Mar a léiríodh ag cruinniú cheannairí an Aontais an tseachtain seo caite, tá na Ballstáit ar aon intinn mar gheall air seo. An t-aontas coigiltis agus infheistíochta, agus an pacáiste pinsean arbh é ábhar plé dúinn inniu é, is príomhuirlisí iad chun borradh a chur faoi na sreafaí caipitil agus chun cabhrú linn Eoraip láidir, nuálach, bríomhar ó thaobh an gheilleagair de a bhaint amach.

<p>Makis Keravnos, Aire Airgeadais Phoblacht na Cipire</p>

Makis Keravnos, Aire Airgeadais Phoblacht na Cipire

Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir le pacáiste na bpinsean forlíontach, ar príomhghné den aontas coigiltis agus infheistíochta é. Is é is aidhm don phacáiste rannchuidiú le hioncam scoir feabhsaithe do shaoránaigh agus borradh a chur faoi iomaíochas an Aontais ag an am céanna.

Leasaítear leis an bpacáiste an rialachán uile-Eorpach maidir le táirgí pinsin phearsanta (TPPU) agus an treoir maidir leis na hinstitiúidí um sholáthar pinsean ceirde.

Leis an athchóiriú, is tarraingtí agus is inrochtana a bheidh na pinsin fhorlíontacha do shaoránaigh an Ao

Chuir na hairí in iúl sa phlé go dtacaíonn siad i gcoitinne leis na tograí ón gCoimisiún chun feabhas a chur ar chreat pinsin fhorlíontaigh an Aontais. Leag siad béim ar roinnt de nithe lena bhféadfaí bheith ag súil sa phacáiste, ina measc ioncam leordhóthanach scoir a chinntiú do shaoránaigh an Aontais, coigilteas príobháideach fadtéarmach a shlógadh a d’fhéadfadh cabhrú le borradh a chur faoin infheistíocht san Aontas agus tacaíocht le hinbhuanaitheacht an gheilleagair i gcoitinne.

Ag an am céanna, dúirt na hairí go neamhbhalbh gur gá inniúlachtaí na mBallstát a urramú, mar shampla i réimse an dlí shóisialta agus saothair. Leag siad béim freisin ar an ngá atá le comhréireacht do na gníomhaithe margaidh beaga agus d’iarr siad soiléiriú maidir le foráil neamh-idirdhealaitheach i ndáil le cóireáil cánach do TPPUnna a áireamh sna creataí náisiúnta.

Leanfar den obair ar an bpacáiste anois ar an leibhéal teicniúil agus ar an leibhéal polaitiúil araon. Féachfaidh Uachtaránacht na Cipire le comhthuiscint a shainaithint agus cuirfidh sí éagsúlacht leathan na gcóras pinsin náisiúnta sna Ballstáit san áireamh ag an am céanna.

Maoiniú cosanta

Chinn an Chomhairle an clásal éalaithe náisiúnta faoin gcomhshocrú cobhsaíochta agus fáis a ghníomhachtú don Ostair. Cuideoidh an beart le haistriú na hOstaire chuig caiteachas cosanta níos airde ar an leibhéal náisiúnta agus inbhuanaitheacht fiachais á háirithiú ag an am céanna.

Ceadaíonn an clásal éalaithe náisiúnta do Bhallstát imeacht go sealadach ó cheanglais bhuiséadacha mar fhreagairt ar imthosca eisceachtúla nach bhfuil neart acu orthu, agus inbhuanaitheacht fiachais á háirithiú ag an am céanna. Dá bhrí sin, is féidir leis na Ballstáit easnaimh níos airde a thaifeadadh agus ní measfar go bhfuil na rialacha fioscacha a leagtar amach sa CCF á sárú acu.

Leis an gclásal seo, cumhdaítear tréimhse 4 bliana agus uasmhéid 1.5 % den OTI ó thaobh solúbthachta de. Fágann cinneadh an lae inniu go bhfuil 17 mBallstát anois ann a bhain leas as an gclásal éalaithe náisiúnta d’fhonn borradh a chur faoina gcaiteachas náisiúnta ar chosaint.

Liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha

Mar mhír gan phlé, chinn an Chomhairle dhá thír — Oileáin na dTurcach agus na gCaiceos agus Vítneam — a chur le liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach.

Tá an liosta ina chuid d’iarrachtaí an Aontais dea-rialachas cánach a chur chun cinn ar fud an domhain. Áirítear ar an liosta na tíortha sin nach gcomhlíonann na caighdeáin idirnáisiúnta chánach a comhaontaíodh nó nár chomhlíon a ngealltanais maidir le dea-rialachas cánach laistigh de thréimhse shonrach ama.

Bhain an Chomhairle trí thír — Fidsí, Samó agus Oileán na Tríonóide agus Tobága — den liosta freisin. Comhlíonann na dlínsí sin na critéir uile faoin bpróiseas feasta.

Fágann an nuashonrú seo go n-áirítear 10 ndlínse ar liosta an Aontais:

  • Samó Mheiriceá
  • Angaíle
  • Guam
  • Oileáin Palau
  • Panama
  • an Rúis
  • Oileáin na dTurcach agus na gCaiceos
  • Ógh-Oileáin na Stát Aontaithe
  • Vanuatú
  • Vítneam

D’fhormheas an Chomhairle an gnáthdhoiciméad faoi staid na himeartha (Iarscríbhinn II) freisin ina léirítear comhar leanúnach an Aontais lena chomhpháirtithe idirnáisiúnta agus gealltanais na dtíortha sin a reachtaíocht a athchóiriú chun cloí le caighdeáin a comhaontaíodh maidir le dea-rialachas cánach.

Seimeastar Eorpach 2026

D'fhormheas an Chomhairle moladh 2026 ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro.

Tugtar aghaidh sa mholadh ar na saincheisteanna is tábhachtaí maidir le feidhmiú an limistéir euro. Táthar ag iarraidh na gnéithe náisiúnta agus gnéithe an limistéir euro a bhaineann le rialachas eacnamaíoch an Aontais a chomhtháthú ar bhealach níos fearr.

Iarrfar ar an gComhairle Eorpach an moladh a fhormhuiniú ag an gcruinniú a bheidh aici i mí an Mhárta. Ina dhiaidh sin, beidh an Chomhairle in ann dul ar aghaidh lena ghlacadh foirmiúil.

Buiséad an Aontais

D’fhormheas an Chomhairle a treoirlínte do bhuiséad bliantúil an Aontais do 2027, lena dtugtar treoir pholaitiúil don Choimisiún agus an dréacht-togra do bhuiséad na bliana seo chugainn á ullmhú aige. Is é an timthriall buiséadach bliantúil deiridh é de chuid chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) 2021-2027 an Aontais.

I measc nithe eile, áitítear sna treoirlínte ón gComhairle gur cheart don bhuiséad do 2027 a bheith réalaíoch, i gcomhréir leis na riachtanais iarbhír, go n-áiritheofaí buiséadú stuama leis agus go bhfágfaí corrlaigh leordhóthanacha faoi uasteorainneacha CAI leis chun déileáil le himthosca gan choinne agus chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an Aontais.

Ghlac an Chomhairle moladh freisin maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Choimisiún chun buiséad ginearálta an Aontais do 2024 a chur chun feidhme agus a bheidh le cur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa.

An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

Ghlac an Chomhairle cinntí cur chun feidhme lena bhformheastar na leasuithe spriocdhírithe a chuir an Liotuáin faoina bráid ar a plean téarnaimh agus athléimneachta.

Is é an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta clár tacaíochta airgeadais mórscála an Aontais, darb aidhm freagairt ar na dúshláin a bhain agus a bhaineann le paindéim COVID-19 i dtaobh gheilleagar na hEorpa. Tá sé ar an gcuid is tábhachtaí de NextGenerationEU, arb ionstraim théarnaimh shealadach é a chuireann ar chumas an Choimisiúin cistí a thiomsú chun an damáiste tobann, idir eacnamaíoch agus shóisialta, a tharla mar gheall ar an bpaindéim a chur ina cheart.

Chun tairbhe a bhaint as an tsaoráid, ní mór do na Ballstáit pleananna téarnaimh agus athléimneachta a chur faoi bhráid an Choimisiúin, ina leagtar amach na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí atá beartaithe acu a chur chun feidhme faoi dheireadh mhí Lúnasa 2026.

Go dtí seo, eisíocadh thart ar €394 bhilliún ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.

Liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach

Liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 26 Feabhra 2026