"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 20 Eanáir 2026
Na príomhthorthaí
Clár oibre na hUachtaránachta
Chuir Uachtaránacht na Cipire an clár oibre don chéad seimeastar den bhliain i réimse na ngnóthaí eacnamaíocha agus airgeadais i láthair.
Ag an bpointe cinniúnach seo, is iad seo a leanas na treoirphrionsabail a bheidh ag Uachtaránacht na Cipire agus clár oibre na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais á stiúradh aici: borradh a chur faoi neamhspleáchas airgeadais an Aontais agus a sheasamh eacnamaíoch domhanda a threisiú. Is mian linn móiminteam a chruthú chun Eoraip rathúil iomaíoch a bhaint amach. Agus chun aon mhearbhall a sheachaint, beidh mé an-soiléir: oibreoimid chun a chinntiú go leanfaidh an tAontas de thacaíocht dhiongbháilte a thabhairt don Úcráin – tacaíocht airgeadais san áireamh.
Makis Keravnos, Aire Airgeadais na Cipire
Go háirithe, d’athdhearbhaigh an Uachtaránacht go bhfuil sí tiomanta obair reachtach a chur chun cinn maidir leis an aontas coigiltis agus infheistíochta, clár oibre an Aontais maidir le díthrangláil agus simpliú cánach, agus dul chun cinn a dhéanamh i dtreo aontas custaim nuachóirithe, i measc tionscnaimh eile.
Chuir an Chomhairle tús le nós imeachta um easnamh iomarcach maidir leis an bhFionlainn. Ghlac sí moladh freisin don Fhionlainn ina leagtar amach an chonair ghlanchaiteachais agus an amlíne ba cheart a leanúint chun deireadh a chur lena heasnamh iomarcach faoi 2028.
Tá údar leis an gcinneadh ón gComhairle tús a chur le nós imeachta um easnamh iomarcach i bhfianaise easnamh buiséid 4.4% na Fionlainne in 2024 agus an easnaimh buiséid 4.3% atá beartaithe in 2025.
Sa mholadh uaithi, sonraíonn an Chomhairle gur cheart don Fhionlainn, dá bhrí sin, gníomhaíocht éifeachtach a dhéanamh agus na bearta is gá a thíolacadh faoin 30 Aibreán 2026 chun a heasnamh a laghdú. Ba cheart don Fhionlainn a chinntiú freisin nach mó a ráta fáis glanchaiteachais ainmniúil ná 2.5% in 2026, 4.1% in 2027 ná 5.9% in 2028.
Tá sásra an nós imeachta um easnamh iomarcach ceaptha chun a chinntiú go bhfillfidh Ballstáit an Aontais ar bhuiséid a rialtas nó go gcoinneoidh siad smacht orthu. Seoltar nósanna imeachta nuair a bhíonn easnamh rialtais ag Ballstát a sháraíonn luach tagartha an Chonartha, arb é 3% de OTI é.
D’fhormheas na hairí conclúidí ón gComhairle i ndáil le tuarascáil 2026 maidir leis an sásra foláirimh, a d’fhoilsigh an Coimisiún an 25 Samhain 2025.
Le tuarascáil 2026 maidir leis an sásra foláirimh, cuirtear tús leis an nós imeachta bliantúil um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha de chuid an tseimeastair Eorpaigh.
Is é is aidhm don nós imeachta sin míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a thagann chun cinn agus a d’fhéadfadh a bheith díobhálach a shainaithint, a chosc agus aghaidh a thabhairt orthu, ós rud é go bhféadfadh tionchar a bheith ag na míchothromaíochtaí sin ar an gcobhsaíocht eacnamaíoch i mBallstát ar leith, sa limistéar euro, nó san Aontas ina iomláine.
Sna conclúidí uaithi, aontaíonn an Chomhairle, tríd is tríd, le measúnú na tuarascála maidir le héabhlóid na míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha agus na rioscaí atá ag teacht chun cinn. Iarrtar sna conclúidí freisin go ndéanfaí tuilleadh oibre chun an nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chur chun feidhme go héifeachtach agus go héifeachtúil, agus iarrtar ar na Ballstáit leanúint d’aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí sa réimse sin.
I dtuarascáil na bliana seo, níor sainaithníodh aon tír nua mar thír ar gá grinn-athbhreithniú a dhéanamh uirthi. Mar thoradh air sin, leanfaidh an Chomhairle d’fhaireachán a dhéanamh ar an staid sna seacht dtír a sainaithníodh in 2025 mar thíortha a bhfuil míchothromaíochtaí iontu. Foilseofar na grinn-athbhreithnithe in earrach 2026, roimh Phacáiste an Earraigh de chuid an tSeimeastair Eorpaigh.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Ghlac an Chomhairle cinntí cur chun feidhme lena bhformheastar leasuithe spriocdhírithe ar na pleananna téarnaimh agus athléimneachta a thíolaic an Fhionlainn, Éire, an Ísiltír, an Spáinn, an Ghearmáin agus an tSualainn.
Is é an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta clár tacaíochta airgeadais mórscála an Aontais, darb aidhm freagairt ar na dúshláin a bhain agus a bhaineann le paindéim COVID-19 i dtaobh gheilleagar na hEorpa. Tá sé ar an gcuid is tábhachtaí de NextGenerationEU, arb ionstraim théarnaimh shealadach é a chuireann ar chumas an Choimisiúin cistí a thiomsú chun an damáiste tobann, idir eacnamaíoch agus shóisialta, a tharla mar gheall ar an bpaindéim a chur ina cheart.
Chun tairbhe a bhaint as an tsaoráid, ní mór do na Ballstáit pleananna téarnaimh agus athléimneachta a chur faoi bhráid an Choimisiúin, ina leagtar amach na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí atá beartaithe acu a chur chun feidhme faoi dheireadh mhí Lúnasa 2026.
Go dtí seo, eisíocadh thart ar €393 bhilliún ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.
Mar mhír gan phlé, chinn an Chomhairle go foirmiúil €500 milliún breise de chúnamh macrairgeadais a chur ar fáil don Iordáin.
Cuideoidh an cúnamh ón Aontas le cobhsaíocht eacnamaíoch na hIordáine agus tacóidh sé lena clár oibre leanúnach um athchóiriú i bhfianaise na ndúshlán inmheánach agus seachtrach atá ag dul i méid. Is é is aidhm dó tacú le staid inbhuanaithe maidir le maoiniú seachtrach a athbhunú sa tír, rud a d’fhágfadh go dtacófaí le forbairt eacnamaíoch agus shóisialta na tíre.
An cúnamh a chuirfear ar fáil mar fhreagairt ar iarraidh na hIordáine ar thacaíocht bhreise i mí Eanáir 2025, beidh sé ar fáil ar feadh 2 bhliain go leith agus cuirfear ar fáil é i bhfoirm iasachtaí fadtéarmacha, a eisíocfar i dtrí thráthchuid.
Beidh eisíocaíocht na dtráthchodanna nasctha go docht leis an dul chun cinn a dhéanfaidh an Iordáin maidir leis na hathchóirithe a leagtar amach i meabhrán tuisceana atá le comhaontú idir an Iordáin agus an Coimisiún.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.