Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 12 Nollaig 2025

Na príomhthorthaí

Le linn an chruinnithe den Chomhairle, tháinig na hairí ar chomhaontú maidir le beart sealadach chun dleacht chustaim a chur i bhfeidhm ar shreabhadh na mbeartán beag a thagann isteach san Aontas. Rinne an Chomhairle a marana freisin ar an dul chun cinn a rinneadh maidir leis an bpacáiste airgeadra aonair, lena n-áirítear tionscnamh an euro dhigitigh agus bearta chun dlíthairiscint airgid thirim in euro san Aontas a neartú. Ag an dinnéar neamhfhoirmiúil aireachta roimh an gcruinniú, phléigh na hairí maoiniú don Úcráin.

<p>Stephanie Lose, Aire Gnóthaí Eacnamaíocha na Danmhairge</p>

Rinne Uachtaránacht na Danmhairge obair dhian chun ár dhá thosaíocht a bhaint amach, mar atá Eoraip níos láidre agus níos sláine, agus Eoraip níos iomaíche.

Ó thaobh na slándála de, chinntíomar go ndearnadh dul chun cinn maidir lenár dtacaíocht bhuanseasmhach airgeadais don Úcráin, ar den ríthábhacht í do shlándáil na hÚcráine agus na hEorpa araon, agus tá súil againn gur réitíodh an bealach do chinneadh ag an gComhairle Eorpach dá bharr. Chinntíomar freisin go mbeidh solúbthacht ann do na Ballstáit chun dlús a chur leis an gcaiteachas cosanta faoi chuimsiú ár rialacha fioscacha.

Ó thaobh an iomaíochais de, ghlacamar prionsabail maidir le rialáil airgeadais a shimpliú, forléargas ar iarmhairtí eacnamaíocha thograí an Aontais agus modh oibre chun an t-ualach ar ghnólachtaí a íoslaghdú, agus na tairbhí a bhaineann le rialacha comhchoiteanna an Aontais á mbaint amach ag an am céanna. Thángamar ar réitigh maidir leis an euro digiteach agus an comhad urrúsúcháin, mar chuid den chéad mhórthionscnamh faoin aontas coigiltis agus infheistíochta. Táthar ag súil go gcuirfear bailchríoch ar an dá thionscnamh sin agus go dtiocfaidh an Chomhairle ar chomhaontú ina leith laistigh de chúpla lá.

<p>Stephanie Lose, Aire Gnóthaí Eacnamaíocha na Danmhairge</p>

Stephanie Lose, Aire Gnóthaí Eacnamaíocha na Danmhairge

Allmhairí beartán beag

Chomhaontaigh an Chomhairle dleacht chustaim sheasta €3 a chur i bhfeidhm ar bheartáin bheaga ar lú a luach ná €150 a thagann isteach san Aontas, tríd an ríomhthráchtáil den chuid is mó, ón 1 Iúil 2026.

Is freagairt é an beart sealadach sin ar an bhfíoras go dtagann na beartáin sin isteach san Aontas saor ó dhleacht faoi láthair, rud a fhágann go bhfuil díoltóirí an Aontais thíos le hiomaíocht éagórach, go bhfuil rioscaí sláinte agus sábháilteachta ann do thomhaltóirí, go bhfuil ardleibhéil chalaoise ann agus go bhfuil ábhair imní ann maidir leis an gcomhshaol. Cuirfear an dleacht €3 i bhfeidhm ar gach cineál éagsúil earra, de réir a cheannteidil taraife, atá i gcoinsíneacht.

Fanfaidh an beart i bhfeidhm go dtí go dtiocfaidh an socrú buan le haghaidh na mbeartán sin, a comhaontaíodh i mí na Samhna 2025, i bhfeidhm.

Pacáiste airgeadra aonair

Rinne an Chomhairle a marana ar staid na himeartha maidir leis an bpacáiste airgeadra aonair, lena n-áirítear an creat reachtach atá mar bhonn le tionscnamh an euro dhigitigh agus rialachán lena soiléirítear gnéithe de dhlíthairiscint airgid thirim in euro.

D’aithin an Uachtaránacht an dul chun cinn suntasach a rinneadh i dtreo seasamh caibidlíochta ón gComhairle maidir leis an bpacáiste, ar díol sásaimh di é. Meastar go nglacfar an seasamh sin roimh dheireadh na bliana agus, a luaithe a thabharfar chun críche é, go mbeidh an Chomhairle faoi réir le dul i mbun caibidlíocht idirinstitiúideach le Parlaimint na hEorpa.

An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

Ghlac an Chomhairle cinntí cur chun feidhme lena bhformheastar leasuithe spriocdhírithe a thíolaic an Ostair, an Chipir, an tSeicia, an Fhrainc, an Ghréig, an Laitvia, Málta, an Pholainn, an Phortaingéil agus an tSlóivéin i dtaca lena bpleananna téarnaimh agus athléimneachta faoi seach.

Is í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (STA) clár tacaíochta airgeadais mórscála an Aontais, darb aidhm na dúshláin a bhain agus a bhaineann le paindéim COVID-19 i dtaobh gheilleagar na hEorpa a thabhairt. Tá sí ar an gcuid is tábhachtaí de NextGenerationEU, arb ionstraim théarnaimh shealadach é a chuireann ar chumas an Choimisiúin cistí a thiomsú chun an damáiste tobann, idir eacnamaíoch agus shóisialta, a tharla mar gheall ar an bpaindéim a chur ina cheart.

Chun tairbhe a bhaint as an tsaoráid, ní mór do na Ballstáit pleananna téarnaimh agus athléimneachta a chur faoi bhráid an Choimisiúin, ina leagtar amach na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí atá beartaithe acu a chur chun feidhme faoi dheireadh mhí Lúnasa 2026.

Go dtí seo, eisíocadh thart ar €378 mbilliún ón STA.

An rialáil airgeadais a shimpliú

D’fhormheas na hairí conclúidí maidir leis an rialáil airgeadais a shimpliú.

Sna conclúidí uaithi, leagann an Chomhairle amach an leas a d’fhéadfaí a dhéanamh d’iomaíochas, feidhmíocht eacnamaíoch agus slándáil fhoriomlán an Aontais ach reachtaíocht an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais a shimpliú. Aithníonn sí freagracht chomhroinnte na ngníomhaithe uile a bhfuil baint acu le reachtaíocht a fhorbairt sa réimse seo chun an sprioc sin a bhaint amach.

Leagtar amach sna conclúidí freisin liosta de threoirphrionsabail nithiúla don obair sin agus leagtar amach freisin na chéad chéimeanna eile a d’fhéadfadh na gníomhaithe ábhartha a thabhairt chun an sprioc sin a bhaint amach, ag gach céim reachtach agus ar leibhéil éagsúla rialacha.

Le linn chruinniú ECOFIN, phléigh an Chomhairle iarmhairtí eacnamaíocha reachtaíocht an Aontais freisin, agus coinne leis go nglacfaidh an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta conclúidí maidir leis an ábhar céanna an 16 Nollaig. Tá an t-ábhar sin le bheith ina mhír rialta phlé ag Comhairle ECOFIN.

An Seimeastar Eorpach 2026

Tar éis cur i láthair ón gCoimisiún, phléigh na hairí tuarascáil 2026 maidir leis an sásra foláirimh, a foilsíodh an 25 Samhain 2025, lena dtionscnaítear nós imeachta bliantúil an tseimeastair Eorpaigh um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha.

Bhí seisiún tuairimíochta acu freisin maidir leis an dréachtmholadh don limistéar euro, a eisíodh an lá céanna. Tugtar aghaidh sa mholadh sin ar na saincheisteanna is tábhachtaí maidir le feidhmiú an limistéir euro. Déanfaidh na Ballstáit an dréacht-téacs a phlé agus a leasú de réir mar is gá sula bhformhuineoidh an Chomhairle go luath san athbhliain é.

An comhshocrú cobhsaíochta agus fáis

Bhí seisiún tuairimíochta ag an gComhairle maidir leis an tuarascáil ón gCoimisiún i ndáil leis an nós imeachta um easnamh iomarcach, a foilsíodh an 25 Samhain 2025.

Tá an tuarascáil ar cheann de phríomhghnéithe an chomhshocraithe cobhsaíochta agus fáis, ina sainítear rialacha maidir le faireachán agus comhordú a dhéanamh ar bheartais náisiúnta fhioscacha agus eacnamaíocha agus ina bhfuil gné choisctheach agus cheartaitheach.

D’fhormhuinigh na hairí freisin an cód iompair athmhúnlaithe maidir le cur chun feidhme an chomhshocraithe, a d’ullmhaigh agus a chomhaontaigh an Coiste Eacnamaíoch agus Airgeadais.

Tugtar treoir sa chód iompair i bhfianaise an chreata nua rialachais eacnamaíoch atá i bhfeidhm ón 30 Aibreán 2024 i leith.

Cánachas

D’fhormheas an Chomhairle an tuarascáil leathbhliantúil ó Ecofin chuig an gComhairle Eorpach maidir le saincheisteanna cánach.

Ghlac an Chomhairle conclúidí freisin maidir leis an dul chun cinn atá déanta ag an meitheal um an gcód iompair don chánachas gnó.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Nollaig 2025