"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 13 Samhain 2025
Na príomhthorthaí
Le linn chruinniú na Comhairle, tháinig na hairí ar chomhaontú maidir le bearta lena rachfar i ngleic leis an méadú mór atá tagtha ar líon na mbeartán beag atá ag teacht isteach go tiubh is go tréan i margadh an Aontais. Phléigh an Chomhairle freisin an t-athbhreithniú ar an treoir maidir le cánachas fuinnimh agus d’fhormheas sí na conclúidí bliantúla maidir le staidreamh an Aontais. Ag an mbricfeasta a bhí ar siúl roimh an gcruinniú, phléigh na hairí maoiniú don Úcráin agus cánachas corparáideach idirnáisiúnta.
Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na Ballstáit uile as cruinniú cuiditheach Ecofin inar dhearbhaigh siad go bhfuil siad tiomanta aghaidh a thabhairt ar riachtanais mhaoiniúcháin na hÚcráine sna blianta amach romhainn. Bhí seisiún tuairimíochta againn maidir leis na roghanna tacaíochta, agus díríodh go sonrach ar an togra ón gCoimisiún maidir leis an iasacht chúitimh. Dar le hUachtaránacht na Danmhairge, is é an togra a chuir an Coimisiún ar aghaidh an rogha is fearr agus is réadúla, agus is ceart a mheas gur ábhar ardtosaíochta é d’fhonn cinntí a dhéanamh ag an gComhairle Eorpach i mí na Nollag.
Is cúis áthais dúinn freisin gur thángthas ar chomhaontú polaitiúil maidir leis an tairseach chustaim €150 a bhaint, lena gcinnteofar go n-íocfar na dleachtanna custaim cearta, óir is céim thábhachtach é d’iomaíocht chóir agus d’iomaíochas ghnólachtaí na hEorpa.
Stephanie Lose, Aire Airgeadais na Danmhairge
Cánachas fuinnimh
Bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle i ndáil leis an athbhreithniú ar an treoir maidir le cánachas fuinnimh.
Rinne na hairí idirghabháil agus chuir siad a dtuairimí in iúl maidir leis an téacs comhréitigh. Cé go raibh go leor airí sásta tacú le comhaontú maidir leis an gcomhréiteach, mheas airí eile gur gá tuilleadh oibre a dhéanamh maidir le gnéithe áirithe, a bhaineann go príomha leis an iomaíochas.
Ní raibh roinnt airí in ann teacht ar chomhaontú maidir leis an treoir ina luaitear ábhair shonracha imní a bhaineann le saincheisteanna áirithe, mar shampla na forálacha maidir le hinnéacsú, maidir le cánachas ar an mbreosla a úsáidtear in earnálacha na mara agus na heitlíochta, agus maidir le cóireáil cánach an gháis nádúrtha agus an gháis nádúrtha leachtaithe, chomh maith le naisc le comhaid eile a bhaineann leis an aeráid.
Ag deireadh an tseisiúin, ba chúis aiféala don Uachtaránacht nár chosúil go raibh an Chomhairle in ann teacht ar chomhaontú maidir leis an téacs comhréitigh ag an bpointe seo.
Rinne an Chomhairle beart maidir le dul i ngleic leis an mórphlódú beartáin bheaga isteach san Aontas nach bhfuil faoi dhliteanas i leith dleachtanna custaim faoi láthair - is fadhb í seo as a n-eascraíonn iomaíocht éagórach do dhíoltóirí an Aontais agus is cúis imní í maidir leis an gcomhshaol.
Tá an-áthas orm gur thángamar ar chomhaontú maidir le deireadh a chur leis an tairseach chustaim €150. Cinntímid go n-íoctar na dleachtanna is gá, rud a chruthaíonn cothroime iomaíochta do ghnólachtaí Eorpacha agus a chuireann teorainn le mórphlódú isteach earraí ar chostas íseal. Thángamar ar chomhaontú freisin maidir leis an ngá obair a dhéanamh i dtreo réiteach sealadach a luaithe is féidir in 2026.
Stephanie Lose, Aire Gnóthaí Eacnamaíocha na Danmhairge
Chomhaontaigh airí airgeadais an Aontais deireadh a chur leis an riail atá i bhfeidhm faoi láthair lena gceadaítear d’earraí dar luach is lú ná €150 teacht isteach san Aontas gan dleachtanna custaim a íoc. Beidh feidhm ag dleachtanna custaim ábhartha maidir leis na hearraí uile a thagann isteach san Aontas a luaithe a bheidh mol sonraí custaim an Aontais oibríochtúil - is ardán lárnach de chuid an Aontais é a moladh chun idirghníomhú le custaim agus chun rialuithe a neartú agus táthar ag súil go dtiocfaidh sé i bhfeidhm in 2028.
I bhfianaise a phráinne atá an staid, thug an Chomhairle gealltanas freisin maidir le obair a dhéanamh i dtreo réiteach simplí sealadach chun dleachtanna custaim a thobhach ar na hearraí sin a luaithe is féidir in 2026 agus go dtí go mbeidh an mol sonraí custaim oibríochtúil in 2028. Leanfar den obair chun an réiteach a fhorbairt sna seachtainí amach romhainn.
Ghlac an Chomhairle cinntí cur chun feidhme lena bhformheastar leasuithe spriocdhírithe a thíolaic an Bheilg, an Chróit, an Eastóin, Lucsamburg, an Rómáin agus an tSlóvaic ar a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta.
Is í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (STA) clár tacaíochta airgeadais mórscála an Aontais mar fhreagairt ar dhúshláin phaindéim COVID-19 do gheilleagar na hEorpa. Is í an chuid is tábhachtaí de NextGenerationEU í, ar ionstraim théarnaimh shealadach í a chuireann ar chumas an Choimisiúin cistí a thiomsú chun an damáiste práinneach, idir eacnamaíoch agus shóisialta, a tharla mar gheall ar an bpaindéim, a chur ina cheart.
Chun tairbhe a bhaint as an tsaoráid, ba cheart do na Ballstáit pleananna téarnaimh agus athléimneachta a chur faoi bhráid an Choimisiúin, ina leagtar amach na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí atá beartaithe acu a chur chun feidhme faoi dheireadh mhí Lúnasa 2026.
Go dtí seo, eisíocadh thart ar €367 mbilliún ón STA.
D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir leis an dul chun cinn a rinneadh i ndáil le tosaíochtaí staidrimh an Aontais.
Is comhábhar bunúsach é staidreamh inchomparáide, iontaofa agus ardcháilíochta le haghaidh ceapadh beartas atá fianaise-bhunaithe, go háirithe chun beartas eacnamaíoch a chomhordú.
Dá bhrí sin, sna conclúidí bliantúla ón gComhairle maidir le staidreamh, déantar athbhreithniú ar cháilíocht, ar thráthúlacht agus ar ábharthacht staidreamh oifigiúil an Aontais, lena n-áirítear iad siúd arb iad bonn taca faoi rialachas eacnamaíoch an Aontais iad.
Déantar breithniú sna conclúidí freisin ar an gcaoi ar féidir le staidreamh an Aontais tacú leis an obair i réimsí tosaíochta eile, mar shampla tithíocht, an t-aistriú glas agus an t-aistriú fuinnimh, talmhaíocht agus iascach, agus an beartas sóisialta.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Bhí seisiún tuairimíochta ag an gComhairle maidir leis na saincheisteanna sin i bhfianaise na dtuarascálacha ba dhéanaí ón gCoimisiún, a foilsíodh an 21 Deireadh Fómhair 2025.
Tháinig plé na n-airí sna sála ar na conclúidí ón gComhairle Eorpach dar dáta 23 Deireadh Fómhair 2025. Athdhearbhaíodh sna conclúidí sin an géarghá atá le dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an gclár oibre sin chun iomaíochas na hEorpa a chinntiú, agus tathantaíodh ar an gCoimisiún agus ar na comhreachtóirí dlús a chur lena gcuid oibre mar ábhar céadtosaíochta.
Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir le tuarascáil bhliantúil 2025 ón mBord Fioscach Eorpach, arb é an comhlacht comhairleach neamhspleách é a bunaíodh in 2015.
I measc phríomhfhreagrachtaí an bhoird, déanann sé meastóireacht ex post thráthúil ar chur chun feidhme chreat rialachais fhioscaigh an Aontais agus tugann sé comhairle maidir leis an limistéar euro agus seasaimh fhioscacha náisiúnta.
Tugann sé comhairle freisin faoi chur chun feidhme an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis agus déanann sé moltaí maidir le forbairt a dhéanfar ar an gcreat fioscach amach anseo.
Idirphlé maicreacnamaíoch ar an leibhéal polaitiúil
Tionóladh idirphlé maicreacnamaíoch ar an leibhéal polaitiúil (MEDPOL) an 4 Samhain, ar imeall an chruinnithe.
Bhí seisiún tuairimíochta ag na comhpháirtithe sóisialta leis an uachtaránacht, leis an dá uachtaránacht a bheidh ann amach anseo, leis an gCoimisiún, leis an mBanc Ceannais Eorpach agus le hUachtarán an Ghrúpa Euro. Ba é an tábhacht a bhaineann le hathchóirithe ar mhargadh an tsaothair agus ar fhorbairt caipitil dhaonna chun iomaíochas an Aontais a fheabhsú ab ábhar don chruinniú.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.