Skip to content
  • An Chomhairle Comhshaoil

An Chomhairle Comhshaoil, 30 Meán Fómhair 2016

Na príomhthorthaí

Comhaontú Pháras

Chomhaontaigh an Chomhairle dlús a chur le próiseas daingniúcháin Chomhaontú Pháras. Sa chomhaontú sin leagtar síos an creat don ghníomhaíocht dhomhanda i leith an athraithe aeráide.

Lá tábhachtach é seo, ní amháin dár ngníomhaíocht i leith an athraithe aeráide, ach de bharr go bhfuil aontacht léirithe againn freisin. Ciallaíonn sin go dtiocfaidh an tAontas agus a chuid Ballstát le chéile chun cur i bhfeidhm Chomhaontú Pháras a spreagadh. Léirigh an Eoraip ceannaireacht i bPáras agus glacfaidh sí páirt ina chur chun feidhme i Marrakesh. Tá an ghníomhaíocht i leith an athraithe aeráide riachtanach i gcónaí do bheatha ár bpláinéad agus do na glúinte atá le teacht.” László Sólymos, Aire Comhshaoil na Slóvaice

Chinn na hairí dul ar aghaidh leis an daingniúchán ar leibhéal an Aontais. Déanfaidh na Ballstáit an daingniúchán in éineacht leis an Aontas má tá a gcuid nósanna imeachta tugtha chun críche acu, nó a luaithe is féidir ina dhiaidh sin.

Dúirt Aire Comhshaoil na Slóvaice agus Uachtarán na Comhairle, László Sólymos an méid seo a leanas: Lá tábhachtach é seo, ní amháin dár ngníomhaíocht i leith an athraithe aeráide, ach de bharr go bhfuil aontacht léirithe againn freisin. Ciallaíonn sin go dtiocfaidh an tAontas agus a chuid Ballstát le chéile chun cur i bhfeidhm Chomhaontú Pháras a spreagadh. Léirigh an Eoraip ceannaireacht i bPáras agus glacfaidh sí páirt ina chur chun feidhme i Marrakesh. Tá an ghníomhaíocht i leith an athraithe aeráide riachtanach i gcónaí do bheatha ár bpláinéad agus do na glúinte atá le teacht”.

Comhdháil Mharrakesh maidir leis an athrú aeráide

Ghlac an Chomhairle conclúidí i ndáil leis na hullmhúcháin do Chomhdháil Mharrakesh maidir leis an athrú aeráide (7-18 Samhain 2016). I ndiaidh Chomhdháil Pháras i mí na Nollag 2015, inar glacadh Comhaontú Pháras, díreofar i gComhdháil Mharrakesh ar ghníomhaíocht agus ar chur chun feidhme. Tá na hairí ag súil go ndéanfar dul chun cinn i dtaobh sonraí an chomhaontaithe a fhormhíniú, i measc nithe eile.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Comhshaoil

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025