- An Chomhairle Comhshaoil
An Chomhairle Comhshaoil, 20/06/2016, 20 Meitheamh 2016
Na príomhthorthaí
An t-athrú aeráide
Ghlac an Chomhairle ráiteas maidir le daingniú Chomhaontú Pháras. I mí na Nollag 2015, glacadh an comhaontú domhanda maidir leis an athrú aeráide i bPáras agus tá an comhaontú sin atá ina cheangal dlí. Tiocfaidh sé i bhfeidhm ach a mbeidh sé daingnithe ag 55 thír, ar tíortha iad a ghineann 55% ar a laghad d’astaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an domhain.
Leis an ráiteas seo is mian linn teachtaireacht láidir pholaitiúil a sheoladh faoi dhiongbháilteacht an Aontais Eorpaigh i ndáil leis an athrú aeráide. Táimid meáite ar Chomhaontú Pháras a dhaingniú a luaithe is féidir agus gach dícheall a dhéanamh chun é a chur chun feidhme ar bhealach éifeachtach.” A dúirt Sharon Dijksma, Aire Comhshaoil na hÍsiltíre
Is mar seo leanas a labhair Sharon Dijksma, Aire Comhshaoil na hÍsiltíre agus Uachtarán na Comhairle: “Leis an ráiteas seo is mian linn teachtaireacht láidir pholaitiúil a sheoladh faoi dhiongbháilteacht an Aontais Eorpaigh i ndáil leis an athrú aeráide. Táimid meáite ar Chomhaontú Pháras a dhaingniú a luaithe is féidir agus gach dícheall a dhéanamh chun é a chur chun feidhme ar bhealach éifeachtach”.
Chuir na hairí san áireamh chomh maith an cur i láthair a rinne an Coimisiún ar an togra maidir le comhlánú Chomhaontú Phárasag an Aontas Eorpach.
Fairis sin, bhí díspóireacht bheartais acu maidir leis an athbhreithniú ar cheann de phríomhuirlisí an Aontais chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus chun an t-athrú aeráide a fhriotháil .i. an córas trádála astaíochtaí (ETS).
Cáilíocht an aeir
Bhreithnigh na hairí an plé a rinneadh faoi rialacha agus teorainneacha nua le haghaidh truailleáin aeir, ar a dtugtar an Treoir um Uasteorainneacha Astaíochtaí Náisiúnta. Thug an Uachtaránacht faisnéis do na hairí faoin dul chun cinn atá déanta sa chaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa.
An geilleagar ciorclach
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an bplean gníomhaíochta don gheilleagar ciorclach. Is é is aidhm don phlean sin an dramhaíl a laghdú agus luach táirgí, ábhar agus acmhainní a choinneáil sa gheilleagar a fhad agus is féidir. Tacaítear leis an aidhm sin sna conclúidí agus cuirtear lántiomantas in iúl faoin aistriú sin i dtreo samhail a bheidh níos inbhuanaithe, mar shampla, trí úsáid acmhainní a laghdú, trí athchúrsáil a spreagadh tuilleadh agus tríd an dramhaíl a bhainistiú ar bhealach níos fearr.
Gáinneáil i bhfiadhúlra
Ghlac an Chomhairle conclúidí i dtacaíocht le plean gníomhaíochta an Aontais i gcoinne na gáinneála i bhfiadhúlra. Is cúis mhór imní don Chomhairle a bhfuil de mhéadú tagtha ar gháinneáil neamhdhleathach i bhfiadhúlra agus an díobháil a dhéantar don bhithéagsúlacht agus don fhorbairt inbhuanaithe dá deasca. Iarrtar sna concúidí ar gach gníomhaí luí amach orthu féin chun an choir seo a choscairt.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Ester Arauzo-Azofra Preasoifigeach
- +32 2 281 53 61
- +32 473 63 07 23
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #ENVI
Cruinnithe eile: An Chomhairle Comhshaoil
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025