- An Chomhairle Comhshaoil
An Chomhairle Comhshaoil, 28/02/2017, 28 Feabhra 2017
Na príomhthorthaí
Córas trádála astaíochtaí
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú faoina seasamh caibidlíochta maidir leis an athbhreithniú ar an gcóras trádála astaíochtaí (ETS). Tá ETS ar cheann de na príomhuirlisí le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Cuideoidh an t-athbhreithniú le sprioc an Aontais a bhaint amach maidir le hastaíochtaí a laghdú le 40% ar a laghad faoi 2030, mar a gealladh faoi Chomhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide.
“Tá sé seo thar a bheith tábhachtach dúinn féin, don phláinéad seo againn agus do na glúine a thiocfaidh inár ndiaidh. Ba chéim mhór chun cinn é Comhaontú Pháras, ach ní mór dúinn anois beart a dhéanamh de réir ár mbriathar. Beimid in ann astaíochtaí a laghdú tuilleadh le córas éifeachtach trádála astaíochtaí. Tá an tAontas i mbun gnímh mar gur mian leis go mbeadh saol maith i ndán dúinn go léir.”
José A. Herrera, Aire Comhshaoil Mhálta agus Uachtarán na Comhairle
Forbairt inbhuanaithe
Phléigh na hairí freisin an bealach a gcuirfear i bhfeidhm Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, ag díriú go háirithe ar a thábhachtaí atá sé do bheartas comhshaoil an Aontais. Thug siad aghaidh, mar shampla, ar an gcaoi a bhféadfaí saoránaigh agus an earnáil phríobháideach a thabhairt isteach sa phróiseas. Cuirfear an plé sin san áireamh agus na conclúidí á n-ullmhú ag an gComhairle i mí an Mheithimh.
‘Glasú’ an tSeimeastair Eorpaigh - Athbhreithniú ar chur chun feidhme an bheartais comhshaoil
I gcomhthéacs phróiseas an tSeimeastair Eorpaigh, phléigh siad tuairimí éagsúla faoi shuirbhé bliantúil fáis 2017 agus faoin ról atá ag an bhforbairt inbhuanaithe agus ag an gcomhshaol. Phléigh siad freisin an t-athbhreithniú ar chur chun feidhme an bheartais comhshaoil, uirlis nua lena dtabharfar aghaidh ar na bearnaí atá ann maidir le reachtaíocht chomhshaoil agus beartas comhshaoil a chur chun feidhme.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Peristera Dimopoulou Press officer
- +32 471 33 53 26
- +32 2 281 61 56
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #ENVI
Cruinnithe eile: An Chomhairle Comhshaoil
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025