Skip to content
  • An Chomhairle Comhshaoil

An Chomhairle Comhshaoil, 19/12/2016, 19 Nollaig 2016

Príomhthorthaí

Aeráid: laghduithe astaíochtaí

Phléigh na hAirí an t-athbhreithniú ar an gcóras trádála astaíochtaí (ETS) agus bhreathnaigh siad ar an dul chun cinn i ndáil leis an gcomhad seo go dtí seo. Bunaithe ar an dul chun cinn sin leanfaidh an Chomhairle leis an obair chun a seasamh caibidlíochta a bhunú.

Bhí ullmhúcháin fhada ann don Chomhairle seo agus bhíomar ag súil ina leith go n-aontóimis cur chuige ginearálta i ndáil leis an athbhreithniú ar an ionstraim thábhachtach seo. In ainneoin iarrachtaí suntasacha, níorbh fhéidir é sin a dhéanamh, mar thoradh ar easpa tola polaitiúla, agus beidh ar Uachtaránacht Mhálta anois an sainchomhad seo a thabhairt ar aghaidh, ag cur leis an dul chun cinn suntasach a rinneamar le sé mhí anuas.

László Sólymos, Aire Comhshaoil na Slóvaice agus Uachtarán na Comhairle

Tá ETS ar cheann de na príomhuirlisí atá ag an Aontas chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus chun gealltanais an Aontais faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh.

Bhreathnaigh an Chomhairle freisin ar an staid mar atá i ndáil le dhá thogra reachtacha le haghaidh astaíochtaí a laghdú in earnálacha nach gcumhdaítear faoi ETS: an rialachán maidir le comhroinnt díchill agus an rialachán maidir le talamhúsáid, athrú sa talamhúsáid agus foraoiseacht (LULUCF).

Ceimiceáin

Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le bainistiú fónta ceimiceán. Leagtar béim sa téacs ar an ngá atá ann leibhéal ard cosanta ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol a choinneáil. Is é an aidhm atá ann teachtaireacht pholaitiúil a sheoladh ag am nuair atá reachtaíocht agus bearta áirithe sa réimse seo le forbairt nó le hathbhreithniú.

Is díol sásaimh dom gur ghlac an Chomhairle na conclúidí maidir le bainistiú fónta ceimiceán inniu. D’athdhearbhaíomar a thábhachtaí atá an 7ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol agus d’iarramar ar an gCoimisiún straitéis a ullmhú chun comhshaol neamhthocsaineach a bhaint amach faoi 2018. Is comhartha tábhachtach é seo maidir le cé chomh tiomanta atáimid i ndáil le sláinte ár saoránach agus cáilíocht ár gcomhshaol.

László Sólymos, Aire Comhshaoil na Slóvaice agus Uachtarán na Comhairle

 

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Comhshaoil

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025