- An Chomhairle Comhshaoil
An Chomhairle Comhshaoil, 17/10/2016, 17 Deireadh Fómhair 2016
Na príomhthorthaí
Aeráid: laghduithe astaíochtaí
Phléigh na hairí reachtaíocht nua lena laghdófar astaíochtaí gás ceaptha teasa sna hearnálacha sin nach dtagann faoi chuimsiú na gcóras trádála astaíochtaí (ETS), amhail earnálacha an iompair, na foirgníochta agus na dramhaíola. Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí maidir lena bhfuil i ndán do na tograí ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán maidir le comhroinnt díchill agus Rialachán maidir le talamhusáid, athrú sa talamhúsáíd agus foraoiseacht (Rialachán LULUCF). Leag siad béim ar an tábhacht a bhaineann leis an reachtaíocht sin ó thaobh chomhlíonadh an ghealltanais a thug an tAontas faoi Chomhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide.
“Tharla rudaí tábhachtacha ar an ardán idirnáisiúnta le cúpla seachtain anuas a bhain le beartais aeráide, is é sin gur dhaingnigh an tAontas Comhaontú Pháras agus gur glacadh an leasú ar Phrótacal Montreal. Anois tá orainn bailchríoch a chur ar chúrsaí san Aontas agus ár gcuid gealltanas idirnáisiúnta a chur chun feidhme. Dá bhrí sin is mór agam an chéad díospóireacht a bhí ag na hairí maidir le comhroinnt díchill a raibh léirthuiscint mar thoradh uirthi a bheidh mar threoir againn agus muid ag tabhairt faoin obair a dhéanfar amach anseo ar na tionscnaimh ríthábhachtacha sin.”
a dúirt Aire Comhshaoil na Slováice agus Uachtarán na Comhairle László Sólymos
Uisce
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le bainistiú inbhuanaithe uisce. Tá siad mar chuid de dhíospóireacht níos leithne maidir le beartas an Aontais amach anseo i leith uisce. Tugtar aghaidh sa téacs ar dhúshláin a bhaineann le talamhúsáid agus leis an athrú aeráide. Cuirtear san áireamh ann freisin an comhthéacs nua idirnáisiúnta lena n-áirítear Comhaontú Pháras agus Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe.
“Is acmhainn luachmhar gann é an t-uisce a mbíonn tionchar ag talamhúsáid agus ag an athrú aeráide air. Tá mé an-sásta gur tugadh faoi deara sna Ballstáit go bhfuil muid ag díriú ar chúrsaí uisce. Sheol muid teachtaireacht láidir, shoiléir, thráthúil inniu ag léiriú go bhfuil rún daingean againn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin trí reachtaíocht an Aontais i ndáil le huisce a chur chun feidhme ina hiomláine agus ár gcuid cuspóirí beartais a bhaint amach.”
a dúirt Aire Comhshaoil na Slováice agus Uachtarán na Comhairle László Sólymos
An Bhithéagsúlacht
Chomhaontaigh an hairí conclúidí ón gComhairle maidir leis an mbithéagsúlacht freisin, roimh an gcruinniú a bheidh ag na Páirtithe sa Choinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch agus sna prótacail a ghabhann leis (Cancún, Meicsiceo, 4-17 Nollaig 2016). Beidh na conclúidí sin mar bhunús le seasamh caibidlíochta an Aontais ag an gcruinniú.
“Tá an bhithéagsúlacht bunriachtanach dár mbeatha ar an bplainéad, do bheatha na nglún a thiocfaidh inár ndiaidh agus d'fheidhmiú na n-éiceachóras. Mar speiceas is cuid de na h-éiceachórais sin muid agus ní mór dúinn gníomh a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta chun deireadh a chur le cailliúint na bithéagsúlachta agus ní mór ár gclaonadh i dtreo leibhéil bhaolacha a athrú, an méid a bhaineann leis an mbithéagsúlacht. Trí na cinntí a ghlacadh inniu, léirigh muid go bhfuil muid tiomanta do thoradh maith a bhaint amach ag an gcruinniú idirnáisiúnta tábhachtach maidir leis an mbithéagsúlacht a bheidh ar siúl i Meicsiceo go luath.”
a dúirt Aire Comhshaoil na Slováice agus Uachtarán na Comhairle László Sólymos
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
- Toradh chruinniú na Comhairle
- Clár oibre táscach - an Chomhairle Comhshaoil, 17 Deireadh Fómhair 2016
- Liosta na míreanna A, plé reachtach, an Chomhairle Comhshaoil, 17 Deireadh Fómhair 2016
- Liosta na míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Comhshaoil, 17 Deireadh Fómhair 2016
- Cúlra faisnéise
- Clár oibre sealadach, an Chomhairle Comhshaoil, 17 Deireadh Fómhair 2016
- Liosta na rannpháirtithe
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Peristera Dimopoulou Press officer
- +32 471 33 53 26
- +32 2 281 61 56
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #ENVI
Cruinnithe eile: An Chomhairle Comhshaoil
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025