Skip to content
  • An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí

An Chomhairle um Fhostaíocht, Beartas Sóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí, 03/03/2017, 3 Márta 2017

Na príomhthorthaí

Bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle faoi rialachán leasaithe maidir le córais slándála sóisialta a chomhordú. Leis an téacs nua, déantar nuashonrú agus nuachóiriú ar na rialacha atá ann faoi láthair agus tá sé i gceist leis soghluaiseacht an lucht saothair a éascú agus cothroime a áirithiú dóibh siúd a ghluaiseann agus do cháiníocóirí.

I gcomhthéacs Sheimeastar Eorpach 2017, rinne na hairí plé ar an mbealach le rochtain ar an margadh saothair a fheabhsú agus le héagsúlachtaí ar fud an Aontais a laghdú. Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le Suirbhé Bliantúil Fáis 2017 agus an tuarascáil chomhpháirteach ar fhostaíocht. Chuir an Coimisiún forléargas ar thuarascálacha tíre 2017 faoi bhráid na Comhairle.

Chuir an Uachtaránacht agus an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas faoi na hullmhúcháin don Chruinniú Mullaigh Sóisialta Tríthaobhach a thionólfar ar an 8 Márta.

Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le feabhas a chur ar scileanna na mban agus na bhfear i margadh saothair an Aontais Eorpaigh.

Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta ar an treoir maidir le hoibrithe a phostú.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025