- An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí
An Chomhairle um Fhostaíocht, Beartas Sóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí, 08/12/2016, 8 Nollaig 2016
Príomhthorthaí
Beartas Fostaíochta agus Sóisialta
Tháinig an Chomhairle ar chur chuige ginearálta maidir le trí rialachán nua lena rialaítear an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound), an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA) agus an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop).
“Inniu thángamar ar chomhaontú maidir le conas is féidir feabhas a chur ar éifeachtúlacht trí ghníomhaíocht Eorpacha atá tiomanta do thaighde ar na gnéithe éagsúla de shaol ár saoránach. Déanfar iad a oiriúnú chun ceanglais nua a léiriú, le leathnú raon feidhme a gcúraimí agus laghdú suntasach ar an maorlathas. Ní bheadh an comhaontú seo indéanta gan tacaíocht oscailte agus chuiditheach ó gach Ballstát”
Ján Richter, Aire Saothair, Gnóthaí Sóisialta agus Teaghlaigh na Slóvaice
Is é is príomhaidhm do na rialacháin cuspóirí, cúraimí agus gníomhaíochtaí na ngníomhaireachtaí a thabhairt cothrom le dáta, chun forbairtí sa tsochaí agus forbairtí institiúideacha agus eacnamaíocha a rinneadh le déanaí, chomh maith le riachtanais nua, a léiriú.
Chomh maith leis sin, bhí malartú tuairimí ag na hairí i dtaca le Seimeastar Eorpach 2017, i bhfianaise an phacáiste eacnamaíoch a thíolaic an Coimisiún i mí na Samhna. D’fhormheas an Chomhairle gnéithe fostaíochta agus sóisialta an dréachtmholta maidir leis an limistéar Euro.
Bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle faoin gcolún Eorpach le haghaidh cearta sóisialta. Tá an tionscnamh seo ina chuid den obair atá déanta ag an gCoimisiún chun aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta níos doimhne agus níos cothroime a bhaint amach, ach níl sé teoranta do Bhallstáit an limistéir euro.
Bhreathnaigh an Chomhairle ar an dul chun cinn atá déanta i ndáil leis an treoir maidir le hoibrithe a phostú, agus i ndáil leis na treoracha maidir le hinrochtaineacht agus le cóir chomhionann.
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an “Ráthaíocht don Aos Óg agus an Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg a chur chun feidhme”, “Dlús a chur leis an bPróiseas maidir le Lánpháirtiú na Romach”, agus “ Mná agus an Bhochtaineacht”.
Gan phlé, ghlac an Chomhairle:
- Treoir nua chun truailliú aeir a laghdú. Leis na rialacha nua, leagadh síos teorainneacha náisiúnta níos doichte maidir le hastú roinnt de na truailleáin aeir is contúirtí atá ann. Leis an Treoir sin, meastar go dtiocfaidh laghdú de 50% nó mar sin ar líon na mbásanna anabaí a bheidh ann de bharr thruailliú an aeir san Aontas in 2030 (i gcomparáid le 2005).
- Rialacha chun forbairt institiúidí um chóir ar scor ceirde (IORPanna) arb é is aidhm leo tairbhithe scéimeanna pinsin a chosaint níos fearr. Leis an treoir, cuirfear feabhas ar rialachas agus trédhearcacht IORPanna agus éascófar a gcuid gníomhaíochtaí trasteorann.
- Soghluaisteacht chothrom lucht saothair san Aontas Eorpach (cúlra faisnéise)
- An Seimeastar Eorpach (faisnéis chúlra)
An tsláinte
Suirbhé Bliantúil Fáis 2017
Ba dhíol sásaimh d’airí sláinte an Aontais Eorpaigh an suirbhé bliantúil fáis do 2017 ón gCoimisiún a mheas siad a bheith ina rannchuidiú luachmhar ar an machnamh leanúnach ar conas is féidir costéifeachtacht agus cáilíocht an chúraim sláinte a mhéadú. Roinn siad go háirithe an tuairim ón gCoimisiún gur cheart go mbeadh na córais sláinte inbhuanaithe. Bhí tuairimí éagsúla ag an hairí sláinte ar cheart dóibh plé bliantúil a dhéanamh ar na gnéithe den suirbhé bliantúil fáis a bhaineann leis an tsláinte phoiblí. D’iarr an Uachtaránacht ar chomhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle an cheist seo a scrúdú tuilleadh.
“Níl aon amhras ann go gcuireann daonra atá ag dul in aois brú nach beag ar chórais sláinte. Gan athchóiriú a dhéanamh, meastar go mbeidh dúbláil ar chostais na gcóras cúraim sláinte faoi 2050. Is é an seimeastar Eorpach an phríomhuirlis eacnamaíoch anois chun athchóiriú a mholadh do na Ballstáit.”
Tomáš Drucker, Aire Sláinte na Slóvaice agus Uachtarán na Comhairle
Líonraí tagartha Eorpacha
D’athdhearbhaigh an Coimisiún d’airí sláinte an Aontais Eorpaigh go bhfuil dul chun cinn maith déanta maidir leis na líonraí tagartha Eorpacha. Ó mhí an Mhárta 2017, tabharfar faoiseamh do dhaoine a bhfuil galair neamhchoitianta orthu le líonraí tagartha Eorpacha trí othair a thabhairt le chéile le saineolas an-speisialaithe ó cheann ceann an Aontais. Beidh seo ina réiteach sna cásanna sin nach bhfuil rochtain ar dhiagnóis chruinn nó ar chóir d’ardcháilíocht ag go leor daoine a bhfuil galar neamhchoitianta orthu, go háirithe sna Ballstáit beaga.
“Tá 30 milliún Eorpach, go leor páistí ina measc, a bhfuil galar neamhchoitianta orthu. Níl an diagnóis cheart ag cuid acu, agus tá cuid eile ann nach bhfuil rochtain acu ar an gcóir cheart. Díreoidh na líonraí tagartha Eorpacha ar an staid sin trí chabhrú le daoine a bhfuil galar neamhchoitianta orthu diagnóisiú agus cóir a fháil ón duine a bhfuil an saineolas ceart aige nó aici. Sórt margaidh aonair don chomhairle leighis cheart atá ann.”
Tomáš Drucker, Aire Sláinte na Slóvaice agus Uachtarán na Comhairle
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
- Toradh chruinniú na Comhairle
- Clár oibre sealadach, an Chomhairle Fostaíochta, Beartas Sóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí, 8 Nollaig 2016
- Liosta na míreanna A, plé reachtach, an Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí, 8 Nollaig 2016
- Liosta na míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí, 8 Nollaig 2016
- Clár oibre táscach - an Chomhairle Fostaíochta, Beartas Sóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí, 8 Nollaig 2016
- Cúlra faisnéise
- Liosta na rannpháirtithe
Preaseisiúintí
- Gníomhaíochtaí Eorpacha Eurofound, EU-OSHA, Cedefop: Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú
- 08/12/2016
- Táirgí infheistíochta: Moill bliana curtha ar rialacha ‘PRIIPanna’
- 08/12/2016
- An Iordáin: EUR 200m d'iasachtaí formheasta
- 08/12/2016
- Cistí pinsean gairme: Glacann an Chomhairle rialacha nua
- 08/12/2016
- Cáilíocht aeir: teorainneacha nua níos doichte le haghaidh astaíochtaí truailleán
- 08/12/2016
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Emma O'Driscoll Press officer
- +32 475 88 48 33
- +32 2 281 48 10
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #EPSCO
Cruinnithe eile: An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025