- An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí
An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí, 23/10/2017, 23 Deireadh Fómhair 2017
Na príomhthorthaí
Postú oibrithe
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú i ndáil leis an treoir maidir le hoibrithe a phostú. Leis an bpíosa nua reachtaíochta, áirítear cearta na n-oibrithe ar phostú, iomaíocht chóir agus Margadh Aonair a fheidhmíonn go cuí.
"Tá áthas orm gur chomhaontaigh an Chomhairle a seasamh ar shaincheist atá chomh tábhachtach agus chomh íogair sin. Agus tá mé sásta, go háirithe go raibh tacaíocht leathan ann dár gcomhréiteach i ndiaidh plé fada. Tá cothromaíocht chaolchúiseach bainte amach sa téacs deiridh. Ar lámh amháin, tá sé ríthábhachtach a áirithiú go gcaithfear i gceart lenár n-oibrithe. Dóibh siúd a dhéanann an post céanna ag an áit chéanna, ba cheart na cúinsí oibre agus pá céanna a bheith acu. Ar an lámh eile, ná cruthaímis baic nach gá ar shaorghluaiseacht seirbhísí - mar shampla in earnáil an iompair, atá, ar ndóigh, soghluaiste.” Jevgeni Ossinovski, Aire Sláinte agus Saothair na hEastóine
Comhordú na gcóras slándála sóisialta
Tháinig an Chomhairle ar chur chuige ginearálta páirteach don rialachán maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta. Baineann an comhaontú páirteach sin leis na caibidlí faoin rochtain a bheidh le fáil ag saoránaigh nach bhfuil gníomhach go heacnamaíoch ar chúnamh sóisialta, agus leis na caibidlí faoi fhorálacha infheidhme na reachtaíochta. Leis an gcomhaontú seo, soiléirítear an tír ina gcaithfidh an duine ranníocaíochtaí slándála sóisialta a íoc i gcásanna fostaíochta trasteorann. Beidh seo ina chabhair do dhaoine, do chuideachtaí agus don lucht riaracháin náisiúnta.
Colún Eorpach na gCeart Sóisialta
D’fhormheas an Chomhairle an forógra idirinstitiúideach maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta. Díríonn an Colún ar an aqcuis sóisialta a neartú agus ar chearta níos éifeachtaí a thabhairt do shaoránaigh. Croíghné an cholúin is ea sraith de 20 príomhphrionsabal agus príomhcheart chun tacú le margaí saothair agus córais leasa shóisialta chothroma a fheidhmíonn go maith. Fógróidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún le chéile an Colún le linn an Chruinnithe Mullaigh do phoist chóra agus d’fhás in Göteborg ar an 17 Samhain 2017.
- Colún na gCeart Sóisialta: Cead fógartha tugtha ag an gComhairle do na hinstitiúidí (preaseisiúint, 23/10/2017)
- Colún Eorpach na gCeart Sóisialta (An Coimisiún Eorpach)
An Seimeastar Eorpach
Maidir leis an Seimeastar Eorpach, d’fhormhuinigh an Chomhairle príomhtheachtaireachtaí an Choiste Fostaíochta agus an Choiste um Chosaint Shóisialta.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
- Cúlra faisnéise
- Clár oibre táscach – an Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí, 23 Deireadh Fómhair 2017
- Clár oibre táscach – an Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí, an 23 Deireadh Fómhair 2017
- Liosta na míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí, 23 Deireadh Fómhair 2017
- Liosta na míreanna A, plé reachtach, an Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí, 23 Deireadh Fómhair 2017
Preaseisiúintí
- Oibrithe a phostú: An Chomhairle tagtha ar chomhaontú
- 24/10/2017
- Colún na gceart sóisialta: Cead fógartha tugtha ag an gComhairle do na hinstitiúidí
- 23/10/2017
- Burundi: EU renews sanctions until 31 October 2018
- 23/10/2017
- Council adopts three sets of rules to make travelling by sea safer
- 23/10/2017
- Oibrithe a phostú: An Chomhairle tagtha ar chomhaontú
- 23/10/2017
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Emma O'Driscoll Press officer
- +32 475 88 48 33
- +32 2 281 48 10
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #EPSCO
Cruinnithe eile: An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
- An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí, 07-08/12/2017
- An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (Fostaíocht agus Beartas Sóisialta), 15/03/2018
- Cruinniú neamhfhoirmiúil na n-airí fostaíochta, beartas sóisialta agus sláinte ar bheartas sóisialta, 17-18/04/2018
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025